Comhlacht Gaeltachta réidh le 10 milliún sciath aghaidhe sa tseachtain a dhéanamh d’oibrithe sláinte agus eile

Tá R.A. Pacáistí Teo, cliantchomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta i nGaoth Dobhair, tosaithe le seachtain anuas ar sciathanna aghaidhe aon úsáide a dhéanamh

Comhlacht Gaeltachta réidh le 10 milliún sciath aghaidhe sa tseachtain a dhéanamh d’oibrithe sláinte agus eile

D’fhéadfadh comhlacht atá lonnaithe i nGaoth Dobhair i nGaeltacht Dhún na nGall 10 milliún píosa trealamh cosanta pearsanta (PPE) a dhéanamh sa tseachtain d’oibrithe sláinte, glantóirí agus oibrithe siopaí.

Tá R.A. Pacáistí Teo. (RAP), cliantchomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta, tosaithe le seachtain anuas ar sciathanna aghaidhe aon úsáide a dhéanamh agus deir siad go bhféadfaidís cúig mhilliún sciath a tháirgeadh láithreach dá mba ghá.

Tá milliún sciath déanta cheana féin ag an gcomhlacht agus 65,000 acu le seachadadh saor in aisce chuig ionaid chúraim in Éirinn agus sa Bhreatain. 

Cloíonn an fearas aon úsáide le Rialacháin PPE Cat1 an Aontais Eorpaigh agus tá an comhlacht ag súil go mbeifear in ann freastal, ní hamháin ar mhargaí na hÉireann, na Ríochta Aontaithe agus na hEorpa ach ar Stáit Aontaithe Mheiriceá chomh maith.

Tá an sciath aghaidhe le húsáid ag oibrithe sláinte, glantóirí, oibrithe miondíola agus oibrithe eile a mbíonn plé acu leis an bpobal.

De ghnáth bíonn táirgí á ndéanamh ag RAP a úsáidtear i bpacáistiú cosanta agus sláinteachais do cheapairí, táirgí te, feoil fhuar agus béilí réamhdhéanta. Tá leithéidí Tesco, Sainsburys, Waitrose agus Pret a Manger i measc na gcustaiméirí atá acu.

Bunaíodh  R.A. Pacáistí Teo ar Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair sa bhliain 1997.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Mícheál Ó hÉanaigh go raibh ardmholadh ag dul do RAP as a gcuid iarrachtaí san fheachtas domhanda in aghaidh COVID-19. 

“Tá Údarás na Gaeltachta thar a bheith mórtasach as an nuálaíocht atá léirithe ag an gcomhlacht agus athearraíocht déanta acu ar a gcuid deartha, próisis agus táirgí taobh istigh d’achar gairid.

“Is cinnte go mbeidh an táirge seo, sciath aghaidhe aon úsáide, thar a bheith tábhachtach do chúrsaí sláinte na tíre agus níos faide i gcéin,” arsa Ó hÉanaigh. 

Dúirt John McDermott, Stiúrthóir Oibríochtaí R.A. Pacáistí Teo i nGaoth Dobhair, go raibh siad thar a bheith bródúil as a gcuid oibrithe.

“Ag am thar a bheith doiligh sa domhan táimid an-bhródúil as an méid atá déanta ag RAP anseo i nGaoth Dobhair le tacaíocht ár gcuid comhghleacaithe ónár máthairchomhlacht i Londain. 

“Mar dhéantóirí agus dearthóirí a bhfuil duaiseanna buaite againn, d’airigh muid, ar nós go leor dreamanna eile, go raibh sé thar a bheith tábhachtach dúinn an fód a sheasamh agus tacaíocht a thabhairt don bhfeachtas náisiúnta chun cabhrú le soláthar PPE go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta.“

Fág freagra ar 'Comhlacht Gaeltachta réidh le 10 milliún sciath aghaidhe sa tseachtain a dhéanamh d’oibrithe sláinte agus eile'