Comhionnanas sláinte? Focal mór agus droch-chur leis…

Gheall an rialtas cothromaíocht ó thaobh seirbhísí sláinte do chách ar theacht i gcumhacht dóibh ceithre bliana ó sin. Ní mar sin a tharla.

15/06/2015 Free GP care for the under 6. Four-year-old Kiya O'Connor (red) and three-year-old Isabelle Heaps check-up Minister for Health, Leo Varadkar TD and Minister of State at the Department of Health with special responsibility for Primary Care, Social Care (Disabilities and Older People) and Mental Health, Kathleen Lynch TD, at the launch the online registration system for the new Free GP Care for Children Under 6 outside the creche at St. Andrew's Resource Centre, Pearse Street, Dublin. Photograph: Mark Stedman/Photocall Ireland
Pictiúr:  Mark Stedman/Photocall Ireland

Tá seantaithí againn ar na geallúintí a thugann polaiteoirí roimh thoghchán ach a gcaitear i leataobh ina dhiaidh sin iad. Ach bhí comhaireamh na vótaí thart agus toradh an olltoghcháin i 2011 ríshoiléir nuair a chuir Fine Gael agus an Lucht Oibre clár oibre an rialtais nua le chéile.

Sa bhfo-roinn den chlár inar pléadh cúrsaí sláinte, gheall siad go mbeadh dhá gheallúint curtha i bhfeidhm acu sara mbeadh téarma oifige an rialtais caite.

Maidir le hárachas sláinte:

A system of Universal Health Insurance will be introduced by 2016, with the legislative and organisational groundwork for the system complete within this Government’s term of office.

Agus maidir le cóir dhochtúra saor in aisce do chách nó, mar a thug clár an rialtais air, Príomh-Chúram Uilíoch:

Universal Primary Care will remove fees for GP care and will be introduced within this Government’s term of office term of office.

Fiú sara ndeachaigh Leo Varadkar i gcomharbacht ar James Reilly mar Aire Sláinte anuraidh, ba léir go raibh an chéad gheallúint curtha sa chomhad ar a dtugtar ‘Moill, Ar A Laghad, Riachtanach’. Tá an t-achrann a spreag feidhmiú an dara geallúint faoi lánseol fós, cé nach bhfuil idir lámha ach céim ghairid chun cinn.

An dea-scéala?

Beidh gach páiste atá faoi bhun sé bliana d’aois i dteideal cóireáil gan chostas ó dhochtúir teaghlaigh ó 1 Iúil. Gan dabht, ní bheidh lánseirbhís ar fáil i ngach áit, agus tá cás in aghaidh na scéime á chur faoi bhráid na hArd-Chúirte ag Cumann Náisiúnta na nDochtúirí Teaghlaigh.

Mar sin féin, tá rogha an mhóraimh soiléir. Dá ghéire míshásamh na ndochtúirí, tá a mbunáite toilteanach seirbhís gan táille do ghasúir a chur ar fáil ón mhí seo chugainn. Beidh brú ar an gcuid eile géilleadh tar éis tamaill. Agus tá cóireáil gan táille ar fáil geallta do vótóirí, gabhaim mo leithscéal, do dhaoine atá os cionn 70 bliain ó mhí Lúnasa.

An drochscéala?

Má ghealltar seirbhrís uilíoch de shaghas ar bith, beidh cúis láidir ghearáin ag daoine a gceilfear an tseirbhís orthu. Ábhar imní do Theachtaí Dála an rialtais agus olltoghchán rompu deich mí ar a dhéanaí tar éis dáta feidhmiúchain na scéime nua.

Drochscéala eile

Tá polasaithe éagsúla maidir le cóireáil dhochtúra saor in aisce ag páirtithe an fhreasúra. Deir Fianna Fáil nár chóir dul níos faide ná an leathnú ar an tseirbhís gan táille atá fógartha ag an rialtas. Tá seirbhís iomlán gan táille (cosúil leis an NHS sa Ríocht Aontaithe) molta ag Sinn Féin.

Fág i leataobh buanna agus laigí pholasaithe sláinte an dá phairtí. Beidh deis bhreá dianbhreithiúnais acu i nach díospóireacht ar chúrsaí sláinte idir seo agus an toghchán, mar seo: ‘is cuma cad a gheallann sibh, ní gá ach breathnú ar an laghchomhlíonadh faoi dheireadh ó gheall sibh seirbhís saor in aisce do chách i 2011.’

Agus an tríú drochscéala

Arís, níl Fianna Fáil agus Sinn Féin ar aon intinn faoin dóigh inar cheart seirbhís chothrom sláinte do chách a bhaint amach. Pé scéal é, dá mbeidís páirteach i gcomhrialtas, bheadh comhréiteach i gceist. Ach arís, is cuma, mar gheall ar theip an rialtais.

Tar éis dóibh an chéad gheallúint thuas a chur i gClár an Rialtais i 2011, d’fhoilsigh an rialtas Paipéar Bán i 2014 inar moladh córas árachais sláinte ina mbeadh comhlachtaí éagsúla in iomaíocht lena chéile. Tá athmhachnamh ar an gcóras sin fógartha ag Leo Varadkar, ach beidh brú air rogha shoiléir éigin a dhéanamh roimh an olltoghchán.

Rachaidh sé dian ar Fhine Gael agus ar an Lucht Oibre mórgheallúint sláinte eile a chosaint mar gheall an bplean breá gan choinníoll a d’fhógair siad ceithre bliana ó shin a chuirfear i gcuimhne dóibh arís agus arís agus arís eile.

Má fhágtar polaitíocht as?

Ní raibh ospidéil i dTamhlacht ná i Luimneach ábalta cóireáil ospidéil gan mhoill a chur ar fáil le gairid do sheandaoine a bhí os cionn 100 bliain d’aois.

Dhá scéal náireach a léiríonn (a) tábhacht na hargóna agus (b) laige bhunúsach sa tseirbhís sláinte nár léiríodh bealach éifeachtach fós lena leigheas.

– Cuireann Cathal Mac Coille ‘Morning Ireland’ i láthair ar RTE Raidió a hAon.

Fág freagra ar 'Comhionnanas sláinte? Focal mór agus droch-chur leis…'