‘Caith vóta ar son athraithe’. ‘Aistrigh do vóta ar son athraithe’. ‘Tapaigh an deis’.
Tá an port céanna ag an UUP, an SDLP, Páirtí an Alliance, Comhaontas Glas, Pobal Roimh Bhrabach agus an TUV. Tá na páirtithe sin ar fad, ar iliomad cúiseanna ag iarraidh greim an DUP agus Sinn Féin ar an gcumhacht i Stormont a scaoileadh sa toghchán ar an 2 Márta. Tá rogha eile ann seachas do vóta a chaitheamh don DUP nó do Shinn Féin á tairiscint ag an UUP agus SDLP agus comhghuaillíocht bunaithe acu.
Cor nua i bpolaitíocht Stormont is ea é seo agus ní léir fós an mbeidh rath air, nó an bás anabaí atá i ndán don chomhghuaillíocht. Níl aon amhras ach go bhfuil go leor den phobal ar buile faoi scannal an RHI, an scéim fuinnimh inathnuaite, ach níl sé cinnte, ná baol air, go dtiocfaidh athrú ar phatrúin vótála dá bharr.
Níor dhea-thuar é an freagra a thug cuid d’iarrthóirí an UUP ar a gceannaire Mike Nesbitt nuair a d’fhógair sé go mbeadh sé féin ag tabhairt vóta uimhir a dó d’iarrthóir SDLP. Ar éigean a bhí na focail as béal Nesbitt ar an teilifís nuair a chuir iar-leascheannaire an UUP, Danny Kennedy. tvuít amach ag moladh dá lucht leanúna féin san Iúr agus Ard Mhacha a vótaí a aistriú chuig páirtithe aontachtacha eile.
Rinne iarrthóirí eile an cinneadh céanna agus d’fhág comhairleoir amháin an páirtí mar agóid.
Cé gur minic a chloistear go bhfuil an pobal tuirseach de pholaitíocht an tseicteachais maireann na sean-nósanna i gcónaí. Léirigh pobalbhreith go raibh tacaíocht don vótáil thrasphobail ag méadú ach is furasta cur leis an mbeagán.
Theastódh athrú ollmhór chun difir a dhéanamh. Ní mór daoine a spreagadh de réir a chéile chun seanchleachtais a thréigean.
Bhí misneach ag baint le cur chuige Nesbitt ach má bhí, bhí sé tútach leis. Ar an gcéad dul síos, níl seans ar bith ag an iarrthóir ón SDLP in oirthear Bhéal Feirste áit a mbeidh ceannaire an UUP ag caitheamh a vóta. Anuas air sin, ní raibh socrú déanta aige leis an SDLP go gcúiteodh siadsan an chomaoin leis. Thairis sin ar fad, ní raibh an réamhobair déanta aige taobh istigh dá pháirtí féin. Ba cheart dó a bheith níos stuama is é ag tabhairt faoi chultúr an pháirtí aontachtaigh a athrú.
Níorbh é sin an chéad bhotún ag Mike Nesbitt sa chás seo. Dúirt sé ag comhdháil an UUP cúpla mí ó shin ‘Vote Mike and you get Colum, vote Colum and you get Mike’. Colum Eastwood, ceannaire an SDLP, a bhí i gceist aige. Faraor níor ghá go bhfaighfeá Mike agus Colum in éineacht. De réir an chórais a bunaíodh faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta bíonn scata páirtithe i dteideal a bheith sa bhFeidhmeannas agus is iad na príomhpháirtithe ón dá thaobh a bhíonn i dteideal na Céad-Aireachta agus na LeasChéad-Aireachta. D’fhéadfadh gur an UUP agus Sinn Féin a thabharfadh an chreach leo nó an DUP agus SDLP. Braitheann sé ar rogha na dtoghthóirí.
Bhí Colum Eastwood, ceannaire an SDLP, níos tomhaiste, nó níos cúramaí, faoi cheist seo aistriú na vótaí ná mar a bhí Nesbitt. Mhol sé do lucht tacaíochta an SDLP vótáil ar son malairt réimis seachas a rá go neamhbhalbh gur cheart vótaí a aistriú chuig an UUP. Go deimhin, ba chosúil gur vótáil theaicticiúil a bhí á moladh aige – aistriú chuig Alliance nó Comhaontas Glas in áiteacha, seans.
Dúirt Eastwood gur páirtí náisiúnach é an SDLP a mbeadh dearcadh difriúil aige ón UUP aige ar an-chuid ceisteanna. Ba í an difríocht idir thairiscint an SDLP/UUP agus réimeas an DUP/SF, ar sé, go raibh meas ag a pháirtí féin agus páirtí Nesbitt ar a chéile agus gur mhian leo f comhoibriú go dúthrachtach le chéile ar mhaithe leis an bpobal ar fad. Mheabhraigh Sinn Féin dó go raibh na hinstitiúidí i Stormont i dtrioblóid go seasta idir 1998 agus 2002, tráth go raibh an UUP agus an SDLP i gceannas. Mar fhreagra air sin dúirt lucht an dá pháirtí sin gur moilleadóireacht Shinn Féin faoi dhíchoimisiúnú an IRA agus maistíneacht an DUP ba chúis leis an ghuagacht sin.
Tharla an t-athrú is mó a facthas i bpolaitíocht Thuaisceart Éireann i ndiaidh na tréimhse sin. I dtoghchán an Tionóil 2003 chuaigh an DUP agus Sinn Féin go mór chun tosaigh ar an UUP agus an SDLP den chéad uair. 24 suíochán a bhuaigh Sinn Féin sa toghchán sin le hais 18 ag an SDLP agus fuair an DUP 30 suíochán, 10 gcinn de mhéadú. Go gairid ina dhiaidh sin, thréig Arlene Foster, Jeffrey Donaldson agus Norah Beare an UUP chun cur le neart an DUP. Ní raibh ansin ag an UUP ach 24 suíochán agus bhí an DUP agus Sinn Féin ar thús cadhnaíochta den chéad uair riamh. Ceithre bliana i ndiaidh an toghcháin sin, thosaigh siad ag roinnt cumhachta i Stormont agus neartaigh siad araon ó shin.
Is ar gcúl a chuaigh an UUP agus an SDLP le linn na tréimhse céanna. Ba é titim Stormont agus an naimhdeas idir an DUP agus Sinn Féin an chéad deis a tugadh don UUP agus an SDLP chun creimeadh a dhéanamh ar an dá pháirtí mhóra. Mura n-éiríonn leo téarnamh éigin a dhéanamh i bhfianaise na praisí reatha bheadh sé deacair a shamhlú go dtiocfaidh biseach go deo orthu. Má thréigeann cuid dá lucht tacaíochta an DUP cén seans gur chuig an UUP a ghabhfaidh siad? Táthar ag maíomh gur mó seans a bheadh ag an TUV buntáiste a bhaint as tréigean dá leithéid.
Ar an taobh náisiúnach, ní léir go bhfuil daoine chomh míshásta le Sinn Féin is atáid leis an DUP. Go deimhin, tá Sinn Féin ag tathant ar náisiúnaithe gur vóta dóibhsean an t-aon bhealach atá ann lena míshástacht leis an DUP a léiriú.
Ma tá an UUP agus/nó an SDLP chun greim a bhaint as an DUP agus Sinn Féin ní mór dóibh níos mó fuinnimh a léiriú agus tine an fheachtais a adú sna laethanta seo romhainn.