Tá cinneadh as an ngnáth déanta ag na húdaráis i stát Maine sna Stáit Aontaithe agus comharthaíocht i bhFraincis crochta acu le fáilte a chur roimh chuairteoirí chun an stáit as Ceanada.
Cé go bhfeictear comharthaí dátheangacha sna Stáit Aontaithe ó am go chéile, is iondúil gur sna stáit níos faide ó dheas a bhíonn siad agus gur comharthaí Spáinnise iad.
Thug Gobharnóir Daonlathach Maine, Janet Mills, ordú do Roinn Iompair an stáit comharthaí nua a chrochadh ag an teorainn le Ceanada le fáilte a chur roimh mhuintir na tíre sin chun an stáit.
Dúirt an gobharnóir, ar cainteoir Fraincise í féin, gur thug sí an t-ordú le go n-aireodh muintir Cheanada go raibh fáilte rompu i Maine agus gcuireann muintir an stáit luach ar a gcuairteanna.
“Is comharthaí dátheangacha iad agus crochadh an chéad cheann in Old Orchard Beach, tá ‘Bienvenue à nos amis canadiens!’ agus ‘Maine welcomes our Canadian friends!’ scríofa air. Tá leaganacha níos lú de na comharthaí seo déanta ag an Roinn Forbartha Eacnamaíochta agus Pobail atá ar fáil saor in aisce do ghnólachtaí in Maine le cur ina bhfuinneoga le fáilte a chur roimh mhuintir Cheanada.
“Tuigim nach féidir le comhartha an éiginnteacht eacnamaíochta a réiteach, ach is féidir leis a léiriú dár gcomharsana go bhfuil fáilte rompu anseo, agus gur mór againn iad a bheith anseo inár stát. Níl aon naimhdeas againn i leith ár gcairde agus comharsana as Ceanada,” a dúirt sí.
Tá teorainn ag Maine le Québec, an cúige is mó ina labhraítear an Fhraincis i gCeanada, agus le New Brunswick, cúige nach bhfuil an Fhraincis chomh láidir céanna ann. Ar an taobh eile de Mhurascaill Maine tá an cúige Nova Scotia [Albain Nua].
Tá caidreamh corrach teasaí idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus Ceanada ó insealbhaíodh an tUachtarán Donald Trump ag tús na bliana seo. Tá sé ráite ag Trump cúpla uair gur mhaith leis go mbeadh Ceanada ina chuid dá thír féin agus bhí aighneas mór ann idir an dá thír mar gheall ar tharaifí.
Tháinig titim shuntasach ar líon na ndaoine a bhí ag tiomáint ó Cheanada go SAM i mbliana. Is ina gcarr a théann beagnach trí ceathrúna de chuairteoirí as Ceanada ó dheas go Meiriceá. Léirítear i staitisticí ó rialtas Cheanada go bhfuil titim beagnach 40% ar líon na dturas fillte (thar oíche) a dhéantar ó Cheanada go Meiriceá ó thús na bliana seo. Bhí titim níos mó fós i líon na dturas lae. Is é Québec, a bhfuil teorainn aige le Maine, an cúige is mó a bhfuil an titim sin ann – 52.5% ó thús na bliana.
Thug Donald Trump forordú eile uaidh i mí an Mhárta inar ordaigh sé go mba é an Béarla an t-aon teanga oifigiúil a bheadh ann i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Fág freagra ar 'Comharthaí dátheangacha curtha in airde i Meiriceá le fáilte a chur roimh mhuintir Cheanada'