Tá sé fógartha ag beirt Fhine Gael, an Feisire Eorpach Seán Kelly agus an t-iar-aire Heather Humphreys, go bhfuil siad ag lorg ainmniúchán an pháirtí chun seasamh i dtoghchán na huachtaránachta.
Dheimhnigh an bheirt ar maidin go bhfuil siad ag iarraidh seasamh don toghchán i ndiaidh do Mhairéad McGuinness, a bhí ainmnithe mar iarrthóir ag Fine Gael, seasamh siar mar gheall ar chúrsaí sláinte. Dúirt Kelly agus Humphreys níos luaithe i mbliana nach seasfadh siad don toghchán ach is léir go bhfuil athmhachnamh déanta acu ar an gcinneadh sin agus iarrthóir nua le roghnú ag Fine Gael.
D’fhógair ardchomhairle Fhine Gael aréir go rabhthas chun próiseas ainmniúcháin a reáchtáil agus go nglacfaí le hiarratais le seasamh sa toghchán go dtí 2 Meán Fómhair. Dúirt an Tánaiste Simon Harris, ceannaire Fhine Gael, go raibh sé i gceist go mbeadh iarrthóir roghnaithe ag an bpáirtí faoi lár na míosa seo chugainn.
Dúirt Seán Kelly ar maidin gurb é “an t-am ceart” chun an t-ainmniúchán a lorg agus gurb é an cinneadh a rinne sé an mhí seo caite gan a ainm a chur chun cinn “an cinneadh ba dheacra” dá ndearna sé riamh.
Agus é ag labhairt ar Morning Ireland, dúirt Kelly gur chuir daoine in iúl dó ó shin go raibh díomá orthu nach raibh sé chun seasamh agus nár thuig sé i gceart an tacaíocht a bhí aige i measc na cosmhuintire.
Dúirt an t-iar-uachtarán ar CLG nuair a chinn sé gan seasamh an mhí seo caite “nach bhfuil an oiread sin cumhachta ná tionchar” ag uachtarán na hÉireann agus gur mhaith leis a bheith ag plé leis an bpolaitíocht go fóill. Dúirt sé ar maidin áfach gur ag déanamh comparáid leis na cumhachtaí feidhmiúcháin a bhíonn ag uachtaráin i dtíortha eile a bhí sé agus go bhfuil “an-phoitéinseal” agus “an-chuid solúbthachta” ag baint leis an ról anseo.
D’fhógair Humphreys go luath i ndiaidh fhógra Kelly go raibh sé i gceist aici féin ainmniúchán Fhine Gael a lorg. Dúirt Humphreys lena stáisiún raidió áitiúil Northern Sound nár lorg sí an t-ainmniúchán an chéad uair mar nach raibh sí ag iarraidh dul san iomaíocht le “cara” léi, Mairéad McGuinness.
Dúirt Humphreys freisin go raibh sí “spíonta” ag deireadh na bliana seo caite tar éis di éirí as an bpolaitíocht ach dúirt sí go raibh “an tanc lán” arís agus go raibh sí ag súil le tabhairt faoin dúshlán.
Is iad an Teachta Dála Catherine Connolly agus an fear gnó Gareth Sheridan an t-aon bheirt a bhfuil feachtais don uachtaránacht seolta acu go dtí seo agus iad ag seasamh mar iarrthóirí neamhspleácha, cé go bhfuil tacaíocht faighte ag Connolly ó roinnt páirtithe ar an eite chlé.
Dúirt an Feisire Eorpach de chuid Fhianna Fáil, Billy Kelleher, gur chóir do pháirtí parlaiminte Fhianna Fáil cruinniú a eagrú “ar bhonn práinne” chun toghchán na huachtaránachta a phlé. Níl aon chinneadh déanta ag an bpáirtí go fóill maidir le hiarrthóir a chur chun cinn don toghchán.
Fág freagra ar 'Kelly agus Humphreys ag lorg ainmniúchán Fhine Gael chun seasamh don uachtaránacht'