‘File cumasach, coinsiasach a raibh an daonnacht go smior ann mar dhuine’ – ómós léirithe do Derry O’Sullivan

Tá an Taoiseach Micheál Martin ina measc siúd a bhfuil ómós tugtha acu don fhile ó Chorcaigh a bhásaigh i bPáras

‘File cumasach, coinsiasach a raibh an daonnacht go smior ann mar dhuine’ – ómós léirithe do Derry O’Sullivan

Tá an Taoiseach Micheál Martin ina measc siúd a bhfuil ómós léirithe acu don fhile Gaeilge Derry O’Sullivan, a bhásaigh i bPáras le gairid.

Dúirt Micheál Martin go ndearna O’Sullivan, arbh as Beanntraí i gCorcaigh dó ó dhúchas, go leor chun áilleacht na Gaeilge a chur ar a súile do mhuintir na Fraince agus daoine níos faide i gcéin.

Fógraíodh inné go raibh O’Sullivan, a raibh breis is leathchéad bliain caite aige ina chónaí i bPáras, tar éis bháis. Bhí sé 81 bliain d’aois.

Dúirt an scríbhneoir Cathal Póirtéir gur “file ar leith” a bhí in O’Sullivan.

“File cumasach, coinsiasach a raibh an daonnacht go smior ann mar dhuine agus mar fhile. Ina shaothar tiocfaidh léitheoirí ar an mhiotaseolaíocht chlasaiceach ón Ghréig, tionchar na filíochta comhaimseartha san Eoraip agus i saol an Bhéarla, chomh maith le tuiscint ar an iliomad eachtra a d’imir tionchar air féin agus ar shaol ár linne,” a dúirt Póirtéir agus é ag tabhairt ómóis don Súilleabhánach.

“Fear léannta a raibh léargas aige ar an litríocht idirnáisiúnta ach a roghnaigh teanga na Gaeilge chun a chuid tuiscintí agus a chuid mothúchán a léiriú go healaíonta. Chuir sé pobal agus léitheoirí na Gaeilge faoi chomaoin lena dhílseacht don Ghaeilge agus an fhorbairt a rinne sé ar fhilíocht na Gaeilge trí théamaí agus léargais úra a roinnt linn i dteanga agus friotail a tháinig óna mheabhair chinn agus óna chroí mór maith. Fear lách agus léannta a bhí fial lena chuid ama agus a bhain sult as a bheith i lúb chuideachta a chuid cairde.”

Ba é Cá bhfuil do Iúdás?, a foilsíodh i 1987, an chéad bhailiúchán dánta ag O’Sullivan. Bhuaigh an bailiúchán ceithre dhuais Oireachtais agus Duais Chuimhneacháin Sheáin Uí Ríordáin.

I measc na ndánta sa mbailiúchán sin tá ‘Marbhghin 1943: Glaoch ar Liombó’, ceann de na dánta is cáiliúla a tháinig óna pheann.

“One of the most achingly beautiful Irish poems of the twentieth century,” an cur síos a rinneadh sa gcnuasach The Cambridge History of Irish Literature ar an marbhna a dhéanann cur síos ar mharbh-bhreith deartháir Uí Shúilleabháin. Ghnóthaigh aistriúchán Béarla a rinne an Dr Kaarina Hollo ar an dán an Stephen Spender Prize in 2012 agus a d’aistrigh an file Michael Davitt roimhe sin é.

Cé nár tógadh O’Sullivan le Gaeilge, bhí grá aige don teanga agus ba é an file Seán Ó Tuama a spreag é chun tabhairt faoin bhfilíocht i nGaeilge nuair a bhí sé ar an ollscoil i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.

Chuaigh O’Sullivan leis an tsagartacht ina dhiaidh sin agus cuireadh go Páras é i 1969. D’fhág sé na sagairt go luath ina dhiaidh sin ach d’fhan sé i bPáras agus mhúin sé Béarla sa Sorbonne, san Institut Catholique de Paris agus san Institut Supérieur d’Electronique de Paris

Ba iad Cá bhfuil Tiarna Talún l’Univers? (1994), An Lá go dTáinig Siad (2005), agus An bhfuil cead agam dul amach, más é do thoil é? (2009) na cnuasaigh filíochta Gaeilge eile óna pheann.

Fág freagra ar '‘File cumasach, coinsiasach a raibh an daonnacht go smior ann mar dhuine’ – ómós léirithe do Derry O’Sullivan'

  • Gabriel Rosenstock

    An-duine ar fad agus file nótáilte, go deimhin, ab ea Derry.