Comhaontú Aoine an Chéasta an chosaint is fearr in aghaidh mhífhreagracht rialtas na Breataine

Ní cóir ligean do rialtas ar bith i Londain dearmad a dhéanamh d’éirim ná d’aidhmeanna an Chomhaontaithe

Comhaontú Aoine an Chéasta an chosaint is fearr in aghaidh mhífhreagracht rialtas na Breataine

Rinne Leo Varadkar cur síos lom ar a dhearcadh ar rialtas na Breataine nuair a phléigh sé an cor is deireanaí i scéal an Phrótacail le Mark Carruthers ó BBC Thuaisceart Éireann Déardaoin.

Is léir anois, arsa an Tánaiste, nach mian leis an rialtas reatha thall gníomhú go cothrom ná i gcomhar le rialtas na hÉireann (maidir le cúrsaí an Tuaiscirt). Is léir freisin a dúirt sé gur achrann leanúnach leis an AE a theastaíonn ó rialtas na Breataine ainneoin an Bhreatimeachta.

Bhí an Tánaiste ag labhairt tar éis do Rúnaí Gnóthaí Eachtracha na Breataine, Liz Truss bille a cheadaíonn cealú an Phrótacail a sheoladh in Westminster. Léirigh sonraí an bhille agus óráid Truss agus í á fhógairt doimhneacht an duibheagáin eascairdis atá sroichte sa chaidreamh Angla-Éireannach.

Ní foláir do dhuine a bheith 42 bliain d’aois anois chun cuimhne dhuine fásta a bheith acu ar shíniú Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998 – an uair dheireanach gur oibrigh an dá rialtas as lámha a chéile ar mhaithe le leas Thuaisceart Éireann.

Bhí a gcur chuige bunaithe an uair sin ar an gcomhthuiscint go gcaithfí fóirithint ar an dá phobal – Breataineach agus Éireannach – i dTuaisceart Éireann. Faraor, malairt meoin atá agus a bheidh i réim i Londain ar feadh tamaill.

Pléadh tionchar an Bhreatimeachta ar chúrsaí na hÉireann agus ar athaontú na tíre – dá mbeadh a leithéid riamh i gceist – ag seimineár a reáchtáil Acadamh Ríoga na hÉireann i rith na seachtaine. Páirteach sa seimineár, a tionóladh ar an tuiscint nach bhfoilseofaí tuairisc dhíreach ar a ndúirt na cainteoirí, bhí na hollúna Etain Tannam agus John Fitzgerald ó Choláiste na Tríonóide; Niamh Hourigan ó Choláiste Mhuire gan Smál i Luimneach agus Tobias Lock ó Ollscoil Mhá Nuad.

Bhain an chuid is mó den phlé le fadhbanna a gcaithfí aghaidh a thabhairt orthu i gcás aontachta. Ina measc cúrsaí sláinte, laigí sa chóras oideachais ó thuaidh, ráta táirgiúlachta íseal an Tuaiscirt agus an fhadhb is bunúsaí: buanfhreasúra Aontachtach agus an aontacht á cur i bhfeidhm.

Thug na cainteoirí aghaidh freisin ar na deacrachtaí Angla-Éireannacha atá á gcothú faoi láthair ag an mBreatimeacht, agus nach léir aon leigheas orthu faoi láthair.

“Níl leas comhchoiteann eadrainn mar a bhí,” arsa cainteoir amháin. “Beidh leas agus aidhmeanna na hÉireann agus na Breataine níos scartha óna chéile

chéile as seo amach agus beidh sé níos deacra teacht ar réiteach eatarthu.”

Ní léir aon chosúlacht feabhais, sa ghearrthéarma, ar an gcaidreamh idir an dá rialtas ná ar an gcaidreamh idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach. 

Is údar imní gan dabht é an droch-chás seo maidir le cúrsaí an Tuaiscirt, ach ní cóir gach ruainne dóchais a chailliúint dá bharr.

Athróidh cur chuige rialtas na Breataine uair éigin amach anseo, ar dhá chúis.

Ar an gcéad dul síos toisc nach mbeidh rath ar gheilleagar na Ríochta Aontaithe go dtiocfar ar chomhthuiscint trádála stuama leis an AE, agus an Prótacal (nó leagan leasaithe de) á chomhlíonadh dáiríre mar chuid de.

Ar an dara dul síos, toisc nach mbeidh rath ar shocrú polaitiúil ar bith i dTuaisceart Éireann mura mbeidh an dá rialtas ag tarraingt le chéile agus ag tacú leis – mar a thuig Margaret Thatcher faoi dheireadh na 1980idí.

Ar ndóigh ní mór an sólás é a rá go rachaidh cúrsaí i bhfeabhas ar ball tar éis dóibh dul in olcas san idirlinn. Ach, mar a dúirt cainteoir eile ag seimineár an Acadaimh, mairfidh na bunphrionsabail (comh-urraim, cothromaíocht, roinnt na cumhachta) ar glacadh leo i gComhaontú Aoine an Chéasta. 

Ní beag san.

Cuimhnigh freisin go maíonn Boris Johnson agus Liz Truss i gcónaí gur mian leo an Comhaontú a chosaint. B’fhéidir go n-athrófar sonraí áirithe de, mar atá Páirtí an Alliance a mholadh maidir le bunú na Feidhmeannachta. Ach ní athróidh leasuithe dá leithéid na bunphrionsabail.

Ní cóir ligean do rialtas ar bith i Londain dearmad a dhéanamh d’éirim ná d’aidhmeanna an Chomhaontaithe a mholann siad go minic, ná den chúis go mbeidh siad riachtanach ó thuaidh i gcónaí.

Fág freagra ar 'Comhaontú Aoine an Chéasta an chosaint is fearr in aghaidh mhífhreagracht rialtas na Breataine'

  • An Teanga Bheo

    Ag cóthu easaontas is mian leo go han mhinic sin a léireann an stair dhom.