Comhairle maidir le conspóid na gcomharthaí i Stáisiún Láir Bhéal Feirste tairgthe ag Foras na Gaeilge don Aire Bonneagair

Pléadh scéal na gcomharthaí ag cruinniú a bhí ag Foras na Gaeilge leis an Aire Bonneagair le gairid

Comhairle maidir le conspóid na gcomharthaí i Stáisiún Láir Bhéal Feirste tairgthe ag Foras na Gaeilge don Aire Bonneagair

Thairg Foras na Gaeilge “comhairle agus tacaíocht” don Aire Bonneagair ó thuaidh maidir le cás na gcomharthaí conspóideacha Gaeilge i Stáisiún Láir Bhéal Feirste.

Tharraing an tAire Liz Kimmins ó Shinn Féin raic níos luaithe i mbliana nuair a d’fhógair sí go mbeadh comharthaí dátheangacha le cur in airde ag Stáisiún Láir nua Bhéal Feirste agus go mbeadh rogha i nGaeilge freisin ar mheaisíní ticéad ansin.

Spreag an scéal easaontas idir Sinn Féin agus an DUP agus dúirt LeasChéad-Aire Stormont, Emma Little-Pengelly an DUP, gur cheart go mbeadh an scéal curtha os comhair an Fheidhmeannais sula ndearnadh aon chinneadh. Tá dúshlán cúirte in aghaidh an chinnidh tugtha ag an ngníomhaí Jamie Bryson agus ag an Aire Pobal, Gordon Lyons ón DUP.

Tá an tAire Kimmins tar éis an fód a sheasamh i leith na ceiste agus moladh faighte aici ó Fhoras na Gaeilge.

Bhí cruinniú ag an aire le  Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, agus Leas-Phríomhfheidhmeannach na heagraíochta, Pól Deeds,  an tseachtain seo caite agus tugadh moladh di as “an cheannasaíocht atá léirithe ag an Roinn Bonneagair i réimse na cosanta teanga”.

Dúirt urlabhraí ón bhForas gur tréaslaíodh leis an aire “a hiarrachtaí chun comharthaíocht dhátheangach a chinntiú don mhol úr iompair i mBéal Feirste” agus gur “ofráladh comhairle agus tacaíocht Fhoras na Gaeilge [di] agus í ag iarraidh sin a chur i bhfeidhm”.

“Moladh don Aire agus do na hoifigigh leanúint ar aghaidh le nuashonrú pholasaí Gaeilge na Roinne agus leagadh béim ar thábhacht na Cairte Eorpaí um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh, go háirithe an gá le meitheal thrasrannach a bhunú chun plé leis, mar a bhí aontaithe tamall ó shin,” a dúradh.

D’fhiafraigh Tuairisc de Fhoras na Gaeilge ar pléadh plean an Fhorais ionad nua léirmhínithe don Ghaeilge a bhunú a i mBéal Feirste ag an gcruinniú leis an Aire Kimmins ach dúradh nár bhain an togra sin “lena réimse freagrachtaí”.

De réir tuairisc ó UTV News, léiríonn comhfhreagras idir Kimmins agus an tAire Gordon Lyons, a tharla idir Márta agus Meitheamh na bliana seo, gur easaontaigh na hairí faoi cé acu an ceist “chonspóideach” an Ghaeilge a chur ar na comharthaí ag Stáisiún Láir Bhéal Feirste agus ar na meaisíní ticéad nó nach ea.

Ar an 28 Bealtaine, scríobh Lyons chuig Kimmins chun a rá go bhfuair sé comhairle dlí a dhearbhaigh gur cinneadh “conspóideach” a bhí ann agus gur cheart go mbeadh an cás curtha os comhair an Tionóil ag Kimmins sular ceadaíodh an chomharthaíocht Bhéarla-Gaeilge.

Ar an 20 Meitheamh, thug Kimmins, an tAire Pobal, freagra ar Lyons agus dúirt sí, go raibh sé soiléir di, mar Aire Bonneagair, “go dtagann cinneadh ar bith maidir le soláthar iompair phoiblí” faoina cúram.

Ag tagairt don chaingean dlí, dúirt sí go mbeadh sé níos fearr “an t-ábhar a phlé chun tuiscint níos fearr a fháil ar ár gcuid cásanna sula méadaíonn an cás seo gan ghá.”

Ag caint le UTV, dúirt Kimmins “nár tugadh comhairle di dul chuig an bhFeidhmeannas” agus go raibh sí “muiníneach” nár ghá di é sin a dhéanamh.

Dúirt sí “ós rud é go bhfuil imeachtaí dlí ar siúl anois” agus go bhfuil an tAire Pobal páirteach iontu, “sílim gurb é sin an méid atá le rá agam ag an phointe seo, mar go bhfuil sé i lámha na cúirte anois.”

Tá an éisteacht san Ard-Chúirt le bheith ar siúl ar an 25ú Meán Fómhair.

Fág freagra ar 'Comhairle maidir le conspóid na gcomharthaí i Stáisiún Láir Bhéal Feirste tairgthe ag Foras na Gaeilge don Aire Bonneagair'