Comhairle Contae Chiarraí ag iarraidh dul i ngleic le ‘fadhb’ Airbnb i gCorca Dhuibhne

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chiarraí go raibh an chomhairle tar éis dul i ngleic leis an bhfadhb i gCill Airne agus go rabhthas chun dul i ngleic leis an scéal i gCiarraí Thiar

Comhairle Contae Chiarraí ag iarraidh dul i ngleic le ‘fadhb’ Airbnb i gCorca Dhuibhne

Tá sé i gceist ag Comhairle Contae Chiarraí díriú ar cheist na tithíochta i gCorca Dhuibhne agus dul i ngleic le fadhb na dtithe a ligtear ar cíos ar bhonn gearrthéarmach sa cheantar.

Tá líon na dtithe i gCorca Dhuibhne atá ar cíos ar leithéidí Airbnb ina chnámh spairne ag muintir na háite le roinnt blianta agus an-deacrachtaí ag daoine teach a fháil ina gceantair féin.

Agus í ag labhairt ag cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais inné, dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chiarraí, Moira Murrell, go raibh “fadhb” cruthaithe ag Airbnb agus ardáin dá leithéid sa cheantar.

“Tá an borradh ar ardáin idirlín atá ann chun tithe a ligean amach ar cíos ar bhonn gearrthéarmach ag cur a thuilleadh fós le luach agus praghas réadmhaoine sna ceantracha seo,” a dúirt Murrell.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Pa Daly, go raibh “an-chuid fadhbanna” cruthaithe sa cheantar ag na tithe Airbnb, go mór mór sa Daingean, dar leis.

Dúirt Murrell go raibh an fhadhb chéanna aitheanta i gCill Airne ag an gComhairle Contae agus go raibh ag éirí leo dul i ngleic léi.

“Tá an Chomhairle gníomhach ina ról ag cur an cód pleanála i bhfeidhm maidir le háitribh a ligean ar cíos go gearrthéarmach, ag tosnú le Plean Limistéar Áitiúil Chill Airne, baile atá anois aitheanta mar Chrios Brú Cíosa.

Údaráis áitiúla ag iarraidh go gcuirfí sa dlí rialacha pleanála ar leith don Ghaeltacht

“Go dtí seo, táthar tar éis fiosruithe a dhéanamh maidir le 195 réadmhaoin, agus tá 183 litir rabhaidh curtha amach ag úinéirí réadmhaoine.”

Dúirt Murrell go raibh an Chomhairle ag tabhairt faoi fhiosruithe a dhéanamh anois i dtoghcheantar Chorca Dhuibhne agus go háirithe an ceantar Gaeltachta atá ansin.

“Ón anailís atá déanta [ar thithíocht i gCorca Dhuibhne], agus tá an-chuid anailíse déanta againn uirthi, tá an-chuid tithe á ligean amach ar cíos ar bhonn gearrthéarmach. Creideann muid go bhfuil gá an scéal a scrúdú a thuilleadh mar tagann na tithe sin [atá ar cíos] i gcoimhlint le muintir na háite atá ag iarraidh teach a fháil dóibh féin.”

Bhí Comhairle Contae Chiarraí agus Comhairle Contae agus Cathrach Phort Láirge i measc na gcomhairlí a luaigh an fhadhb a bhain le líon na dtithe saoire sna ceantair Ghaeltachta sna contaetha sin.

Dúirt Michael Walsh, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Cathrach agus Contae Phort Láirge gur cuireadh ar an taifead go raibh 20% de na haonaid tithíochta i nGaeltacht na nDéise folamh oíche an daonáirimh in 2016, rud a léirigh, dar leis, “an líon cuibheasach ard tithe saoire agus an dara réadmhaoin [ag daoine] sa suíomh cois farraige seo a bhfuil an-éileamh air.”

Chuir údaráis áitiúla Chiarraí, Phort Láirge, Chorcaí agus na Mí moltaí éagsúla i láthair chruinniú de chuid Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Tá na húdaráis áitiúla ag iarraidh, mar shampla, go gcuirfí sa dlí rialacha pleanála agus forbartha ar leith don Ghaeltacht.

Fág freagra ar 'Comhairle Contae Chiarraí ag iarraidh dul i ngleic le ‘fadhb’ Airbnb i gCorca Dhuibhne'