Coiste Oireachtais ag iarraidh seirbhís dhátheangach sna cúirteanna ‘ar bhonn práinne’

Tá Coiste Gaeilge an Oireachtais ag iarraidh ar an Rialtas a chinntiú go mbeidh níos mó breithiúna agus dlíodóirí le Gaeilge líofa ar fáil sa chóras dlí

Coiste Oireachtais ag iarraidh seirbhís dhátheangach sna cúirteanna ‘ar bhonn práinne’

Tá Coiste Gaeilge an Oireachtais ag iarraidh ar an Rialtas beart a dhéanamh lena chinntiú go mbeidh daoine in ann an Ghaeilge a úsáid sa chóras dlí.

Tá an coiste ag moladh go ndéanfaí cinneadh “ar bhonn práinne” go bhfuil breithiúna, oifigigh chúirte agus dlíodóirí le Gaeilge ar fáil don phobal chun éisteacht a thabhairt dóibh sa teanga.

D’eascair moladh an choiste ó Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge an mhí seo caite, áit ar ritheadh rún ag éileamh go mbeadh ar a laghad 20% de na breithiúna ag gach leibhéal sa stát agus 20% de na cláraitheoirí cúirte inniúil sa Ghaeilge.

Tá sé aitheanta le fada go bhfuil fadhb sa chóras dlí freastal ceart a dhéanamh ar dhaoine atá ag iarraidh a gcás a phlé i nGaeilge.

Chinn an Breitheamh Úna Ní Raifeartaigh san Ard-Chúirt in 2019 go raibh dualgas ar an Stát gach iarracht réasúnta a dhéanamh breitheamh le Gaeilge a fháil le cás a éisteacht in aon chúirt dúiche sa tír.

Tá Coiste Oireachais na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge anois ag moladh “go gcuirfidh an Rialtas na socruithe cuí i bhfeidhm ionas go mbeidh Breithiúna Cúirte, Oifigigh Chúirte agus dlíodóirí dátheangacha ar fáil chun seirbhís dhátheangach a chinntiú don phobal, agus go gcuirfí na socruithe sin i bhfeidhm ar bhonn práinne”.

Le linn na díospóireachta ar leasú Acht na dTeangacha Oifigiúla anuraidh, moladh gur gá Gaeilge a bheith ag breithiúna an stáit agus ag gach abhcóide, ach níor ceadaíodh na leasuithe sin toisc gur measadh nár bhain siad le forálacha an bhille.

Mhol an Teachta Dála Éamon Ó Cuív ag an am d’Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go bhféachfaí ar mholadh eile i dtaobh na mbreithiúna, is é sin go mbeadh sé mar sprioc sa bhille go mbeadh Gaeilge ag 20% de bhreithiúna nua, ach níor cuireadh sin sa reachtaíocht nua.

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly go raibh géarghá le hanailís a dhéanamh ar na riachtanais atá ann ó thaobh na Gaeilge sa chóras dlí agus ar na “bearnaí” atá le líonadh sa chóras.

Agus é ag labhairt ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i nGaillimh an mhí seo caite, dúirt Éamon Ó Cuív nach raibh sé ceart ná cóir go raibh Breithiúna Cúirte gan Ghaeilge ag feidhmiú sa Ghaeltacht, ach go raibh a lán réamhoibre le déanamh sula mbainfí an sprioc sin amach.

Mheas Seán Kyne, Fine Gael gur chóir go mbeadh na Breithiúna Cúirte in Éirinn ag feidhmiú go dátheangach, ach mar thús gur chóir a chinntiú go mbeadh níos mó dlíodóirí dátheangacha ar fáil sa chóras dlí.

Dúirt Aengus Ó Snodaigh nach raibh ach thart ar 3% de dhlíodóirí in ann feidhmiú go dátheangach. Dúirt an Teachta Dála de chuid Shinn Féin nach raibh an cumas ag Breithiúna Cúirte nach raibh Gaeilge líofa ar a dtoil acu Bunreacht na hÉireann a thuiscint i gceart, mar gurb í an Ghaeilge, seachas an Béarla, an teanga cheannais i gcás coimhlinte idir an dá leagan.

I measc na moltaí eile atá déanta ag Coiste Gaeilge an Oireachtais bunaithe ar a gcuairt ar Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge, táthar ag iarraidh go gcuirfidh Tithe an Oireachtais socruithe i bhfeidhm chun an reachtaíocht nach bhfuil aistrithe go Gaeilge a aistriú.. Táthar freisin ag iarraidh go gcinnteofaí go bhfoilseofar gach Bille go dátheangach agus go dtarlódh sin roimh dheireadh an 33ú Dáil.

Tá an coiste ag moladh don Rialtas aird ar leith a thabhairt ar mholtaí Chonradh na Gaeilge ar ábhair ar leith – cúrsaí tithíochta sa Ghaeltacht, an córas oideachais agus na coláistí Gaeilge. Táthar ag moladh freisin go mbeadh dualgas ar gach comhlacht poiblí Oifigeach Forbartha Dátheangachais a cheapadh ag leibhéal an Leas-Phríomhoifigigh ar a laghad.

Fág freagra ar 'Coiste Oireachtais ag iarraidh seirbhís dhátheangach sna cúirteanna ‘ar bhonn práinne’'