Coinneoidh Sinn Féin a suíochán i gCill Dara Thuaidh ach deacrachtaí acu i ndeisceart an chontae

Sa tsraith speisialta seo, caitheann Donncha Ó hÉallaithe súil ar na dáilcheantair ar fad agus tugann a thuairim faoi cé hiad na hiarrthóirí a mbeidh an lá leo in Olltoghchán an 29 Samhain. I lár Chúige Laighean atáimid inniu… 

Coinneoidh Sinn Féin a suíochán i gCill Dara Thuaidh ach deacrachtaí acu i ndeisceart an chontae

Cill Dara Thuaidh

Líon na suíochán: 5

Tá 16 ag seasamh sa Dáilcheantar seo, ina measc triúr de na Teachtaí Dála a toghadh in 2020: Bernard Durkan (FG); James Lawless (FF) agus Réada Cronin (SF).

Níl Catherine Murphy (SD) sa rása an babhta seo. Ag seasamh ina háit do na Daonlathaigh Sóisialta tá an Comhairleoir Aidan Farrelly (SD) agus seans maith aige an suíochán a choinneáil.  Toghadh é do cheantar Claonadh sna toghcháin áitiúla le 1,300 vóta. Ba cheart go mbeadh cuid mhaith vótaí aistrithe le fáil aige ó Bill Clear (Nspl) a toghadh do cheantar Nás na Rí sna toghcháin áitiúla le 1,975 vóta agus ó iarrthóir an Lucht Oibre, Angela Feeney (LO) a raibh 1,247 vóta aici i gceantar Má Nuad sna toghcháin áitiúla. Idir an triúr acu – Farrelly (SD), Clear (Nspl) agus Feeney (LO) – beidh suíochán amháin acu agus gach seans gur Farrelly (SD) a bheas tofa le haistriúchán maith ón mbeirt eile.

Beidh go leor vótaí le haistriú chomh maith ó iarrthóir an Chomhaontais Ghlais, an Seanadóir Vincent Martin (CG), deartháir leis an Aire Catherine Martin (CG) ar éirigh leis 10% den vóta a fháil san olltoghchán i 2020. Ba cheart go mbeadh Vincent Martin (CG) san iomaíocht go dtí deireadh an rása ach tá tacaíocht an Chomhaontais Ghlais tite ó 2020. D’fhéadfadh a vótaí aistrithe a bheith cinniúnach, má chuirtear as an gcomhaireamh é.

Tá suíochán breise le líonadh sa dáilcheantar de bharr an méadú mór atá tagtha ar an daonra sa Dáilcheantar ón dtoghchán deireanach. Tá beirt iarrthóirí ag seasamh do Shinn Féin: Réada Cronin (SF) a toghadh go héasca in 2020 agus Caroline Hogan (SF), a fuair 554 vóta sna toghcháin áitiúla i Nás na Rí.  Agus gan acu ach 9% tacaíocht sna toghcháin áitiúla, is beag seans ag Sinn Féin dhá shuíochán a fháil ach ba cheart go gcoinneoidh Réada Cronin (SF) a suíochán.

Leis an ardú sa tacaíocht atá ag Fine Gael, ó ceapadh Simon Harris (FG) ina cheannaire, tá seans maith ag Fine Gael an suíochán breise a thabhairt leo.  Ag seasamh dóibh tá Bernard Durkan (FG) atá bliain níos sine ná Donald Trump agus é réasúnta cinnte go gcoinneoidh sé a shuíochán. Ag seasamh in éindí leis tá an Comhairleoir Joe Neville (FG), a fuair 2,293 vóta sna toghcháin áitiúla i gceantar Léim an Bhradáin agus an Comhairleoir Evie Sammon (FG) a fuair 1,247 vóta i gceantar Má Nuad.

Tá Fianna Fáil iad féin sa tóir ar an dara suíochán. Ag seasamh in éindí leis an Aire Stáit James Lawless (FF) tá an Comhairleoir Naoise Ó Cearúil (FF), a toghadh do cheantar Má Nuad ar bharr an chomhairimh sna toghcháin áitiúla le 1,880 vóta. Le tacaíocht mar sin beidh sé san iomaíocht go dtí an deireadh. Theastódh bainistiú an mhaith a bheith déanta ar vótaí Fhianna Fáil le go mbeadh seans acu ar an dara suíochán.

Ag seasamh chomh maith tá beirt iarrthóirí do pháirtithe ar an eite dheis: Avril Corcoran (IP) do Irish People agus Gerry Waters (IFP) don Irish Freedom Party. Tá Una O’Connor (Aon) ag caitheamh geansaí Aontú agus ar an eite chlé tá Leah Whelan (PBP) ag seasamh do Phobal Roimh Bhrabús. Tá beirt iarrthóirí eile ag seasamh, Seán Gill (CPI) ón Centre Party of Ireland, ainm nua ar an bpáirtí Renua, agus an Comhairleoir Bill Clear (Nspl).

Tuar: FF 1; FG 2; SF 1; SD 1

 

Cill Dara Theas

Líon na suíochán: 4

Tá tailte i gcontae Laoise, thart ar Chúl an tSúdaire agus Nás an Rí, caillte ag an dáilcheantar ó 2020 ach tá an líon suíochán fanta mar a bhí de bharr an ardú daonra i gCill Dara.  Trí shuíochán a bheas le líonadh as na ceithre cinn mar nach gá don Cheann Comhairle, Seán Ó Fearghail (FF) dul san iomaíocht, lena shuíochán a choinneáil. Ceathrar déag atá san iomaíocht don trí shuíochán atá le líonadh.

Bhí sciar níos mó vótaí ag Fianna Fáil ná Fine Gael i dtoghchán 2020, ach iad scaipthe idir beirt agus de bharr leibhéal íseal vótaí aistrithe eatarthu, ba é Cathal Berry (Nspl) a sciob an suíochán ó Fhianna Fáil in 2020.  Níl ach iarrthóir amháin ag Fianna Fáil an babhta seo, an Seanadóir Fiona O’ Loughlin, an bhean a chaill an suíochán in 2020. Tá seans maith aici a bheith ar ais sa gcéad Dáil eile. Tá tacaíocht láidir ag Fianna Fáil sa dáilcheantar seo. Bhí thart ar 20% den vóta ag iarrthóirí ó Fhianna Fáil sna toghcháin áitiúla níos túisce i mbliana sa gcuid seo de chontae Chill Dara.

Níl ach iarrthóir amháin ag seasamh d’Fhine Gael chomh maith, an tAire Stáit Martin Heydon (FG), agus é réasúnta cinnte dá shuíochán. 

Tá deacrachtaí ag Sinn Féin sa dáilcheantar seo. D’éirigh le Patricia Ryan (Nspl) suíochán a fháil do Shinn Féin in 2020, cé go raibh sí ar laethanta saoire nuair a bhí an feachtas ar bun. Tá sí éirithe as Sinn Féin ó shin, agus líomhaintí déanta aici in aghaidh an pháirtí Mar iarrthóir neamhspleách a bheidh sí ag seasamh ach tá tobar na neamhspleách ídithe go maith cheana ag Cathal Berry (Nspl), iaroifigeach airm a toghadh in 2020 agus a chruthaigh an-mhaith mar Theachta Dála agus mar tráchtaire sna meáin faoi chúrsaí cosanta. Seans maith aige a shuíochán a choinneáil.

Le Patricia Ryan (Nspl) imithe ó Shinn Féin, tá an Comhairleoir Shónagh Ní Raghallaigh ag seasamh don pháirtí. Fuair sí 599 vóta sna toghcháin áitiúla, mí an Mheithimh seo caite. Is deacair a fheiceáil cén chaoi an éireoidh léi suíochán Dála a fháil do Shinn Féin, go háirithe má éiríonn le Fianna Fáil suíochán a thógáil le stáitéis aon-iarrthóra.  Theastódh go mbeadh Shónagh Ní Raghallaigh (SF) chun cinn ar Patricia Ryan (Nspl) agus aistriúchán maith a fháil uaithi le bheith san iomaíocht ag an deireadh. Níor mhiste a chur san áireamh nach raibh ach 8% den vóta sna toghcháin áitiúla ag iarrthóirí Sinn Féin sa leath seo de chontae Chill Dara.

Ag seasamh chomh maith tá beirt iarrthóirí ón bpáirtí nua Independent Ireland: William Carton (Ind Ire) agus Edel Doran (Ind Ire). Fuair William Carton (Ind Ire) 903 vóta sna toghcháin áitiúla i gceantar Ath Í agus is beag nár toghadh é. I measc na bpáirtithe eile ar an eite dheis tá Anthony Casey (IFP) ag seasamh don Irish Freedom Party a fuair 339 vóta mí an Mheithimh seo caite.

Chomh maith leis an mbeirt Theachtaí Dála a toghadh in 2020 – Cathal Berry (Nspl) agus Patricia Ryan (Nspl) – tá iarrthóir eile neamhspleách san iomaíocht, an Comhairleoir Tom O’Donnell (Nspl) a fuair 548 vóta sna toghcháin áitiúla agus é ag seasamh i gceantar an Droichead Nua. I measc na n-iarrthóirí eile, ar an eite chlé tá Rob Cosgrove (PBP) ag seasamh do Phobal Roimh Bhrabús agus tá an Comhairleoir Chris Pender (SD) ag seasamh do na Daonlathaithe Sóisialta, iarrthóir láidir a toghadh sa Droichead Nua sna toghcháin áitiúla le 1,460 vóta céadrogha.

Bhíodh suíochán anseo ag Jack Wall (LO) do Pháirtí an Lucht Oibre. Tá a mhac, an Seanadóir Marc Wall (LO) ag seasamh an babhta seo agus é ag iarraidh suíochán a athar a fháil ar ais don pháirtí. Bhí 12.5% den vóta aige in 2020 agus ní féidir é a chur as an áireamh. Le bheith san iomaíocht ag an deireadh, theastódh go mbeadh sé chun tosaigh ar an gcomhairleoir Shónagh Ní Raghallaigh (SF) agus ar an gcomhairleoir Chris Pender (SD) agus vótaí aistrithe a fháil uathu. Ag seasamh don Chomhaontas Glas tá Mona Sood (CG).

Ní féidir an comhairleoir Chris Pender (DS) a chur as an áireamh. Dá mbeadh sé chun tosaigh ar an Seanadóir Mark Wall (LO) agus dá n-éireodh leis cuid mhaith vótaí aistrithe a fháil uaidh agus ó iarrthóir an Chomhaontais Ghlais d’fhéadfadh sé suíochán a fháil. 

Tuar Tuairisc: FF 2; FG 1; Nspl 1.

Fág freagra ar 'Coinneoidh Sinn Féin a suíochán i gCill Dara Thuaidh ach deacrachtaí acu i ndeisceart an chontae'