Coimhlintí suimiúla romhainn i gcluichí ceannais na gcúigí, ach seans nach bhfuil sárú Bhaile Gunnair le fáil

Beidh taispeántas den scoth ag teastáil ó Chluain Lára chun Baile Gunnair a bhualadh i gcluiche ceannais na Mumhan amárach ach ba cheart go mbeadh na cluichí ceannais i gCúige Laighean agus i gCúige Uladh níos cothroime

Coimhlintí suimiúla romhainn i gcluichí ceannais na gcúigí, ach seans nach bhfuil sárú Bhaile Gunnair le fáil

Tá cluichí sinsir iomána ar siúl i dtrí cinn des na ceithre chúige an deireadh seachtaine seo agus cluichí ceannais á n-imirt i gcúigí Mumhan, Laighean agus Uladh.

Chualathas daoine ag trácht ar ‘David agus Goliath’ agus iad ag caint faoin gcluiche ceannais i gCúige Mumhan agus, nuair a chuirtear gach rud san áireamh, seans nach bhfuil siad ag dul thar fóir leis an meafar sin.

Ó thaobh taithí agus líon na ngradam atá buaite acu, is mór atá idir an dá chlub, Baile Gunnair agus Cluain Lára.

Tá Baile Gunnair ag imirt sa chluiche ceannais den séú huair as a chéile agus iad ag iarraidh an chraobh a bhuachan amárach don tríú bliain i ndiaidh a chéile.

Bunaithe ar an méid a chonaiceamar ón dá fhoireann sna cluichí deireanacha a bhí acu, bheadh sé deacair a rá nach mbeidh an bua ag leaids na nDéise.

Ina gcluiche leathcheannais, rinne Cluain Lára obair chrua den chluiche agus den bhua a bhí acu ar Choill an Daingin. Sa chéad cheathrú den chluiche, bhí an chuid is mó den tseilbh acu ach theip ar na Cláirínigh cúl a scóráil cé gur chruthaigh siad cúpla deis mhaith. Ar an taobh eile den pháirc, ghéill siad cúl bog go leor a tharraing Coill an Daingean ar ais sa chluiche. I ndiaidh 20 nóiméad, bhí sé iarracht curtha ar fóraoil ag Cluain Lára agus gan iad ach pointe amháin chun tosaigh, 0-8 in aghaidh 1-4.

Ina dhiaidh sin, bhí an cluiche cothrom go leor ach nuair nach raibh fágtha ag Coill an Daingin ach triúr déag imreoirí agus beagnach fiche nóiméad fós le dul, bheifeá ar an dtuairim go mbuafadh Cluain Lára éasca go leor ach ní hamhlaidh a tharla. Bhí Coill an Daingin go mór in uachtar ó thaobh seilbhe de sa cheathrú dheireanach agus an chuma ar an scéal go mbeadh an bua acusan ach d’imigh an ghaoth as a seolta agus ghéilleadar cúilín an bhua agus am cúitimh caite.

Díomách go leor a bheinn le Cluain Lára dá mbeinn i mo sheasamh ar an taobhlíne agus bib an bhainisteora orm. Agus ag éisteacht leis an bhfear atá i bhfeighil na foirne i ndiaidh an chluiche, is léir go dtuigeann Dónal Madden go maith go bhfuil dúshlán mór rompu amárach.

Ní raibh an caighdeán sa chluiche leathcheannais eile i gCúige Mumhan idir Baile Gunnair agus Na Piarsaigh chomh hard is a bhí nuair a d’imir na foirne a chéile sa bhabhta céanna anuraidh ach bhí an bua tuillte ag fir na nDéise agus iad i bhfad níos fearr ná leaids Luimnigh, go háirithe sa dara leath. Níor scóráil na Piarsaigh ach 1-2 sa chluiche agus bhí muid i dtreo dheireadh an chluiche faoin am gur tháinig an cúl sin.

Foireann den scoth í ceann seo Bhaile Gunnair. Is grúpa speisialta imreoirí iad agus ní fhaca mé aon dream go dtí seo i mbliana a bhuafadh orthu.

Gach seans go mbeidh coimhlint níos fearr againn ó thuaidh agus cluiche ceannais Uladh ar siúl idir piardaí móra na hiomána sa chúige, Sleacht Néill as Doire agus Ruairí Óg Bun Abhann Dalla ó chontae Aontroma. Seo an seachtú huair le hocht mbliana anuas ag Sleacht Néill sa chluiche ceannais agus ceithre cinn acu buaite acu san achar sin. An uair dheireanach a raibh Ruairí Óg sa chluiche ceannais, cúig bliana ó shin in 2018, bhuadar é i gcoinne Bhaile Crann an Dúin.

Caithfidh nach mbeidh mórán idir na foirne i bPáirc Esler amárach ach bheinn ag ceapadh go seasfaidh an taithí do Shleacht Néill.

Níos déanaí inniu, rachaidh Gaeil Uí Lochlainn agus Na Fianna chun páirce i bPáirc an Chrócaigh i gcluiche ceannais Laighean agus Corn Uí Néill le bailiú ag na buaiteoirí. Chonaic mé an dá chluiche leathcheannais seachtain ó shin agus bunaithe orthu sin, bheinn den tuairim go bhfuil leads Chill Chainnigh beagáinín níos láidre agus níos oilte ná fir na hardchathrach. Cheapas nach raibh cluiche na bhFianna in aghaidh an Náis chomh maith leis an cheann eile. Rinne na Fianna cuid mhaith botún sa chéad leath ach choinnigh siad a ngoib chun tosaigh go dtí an deireadh. Agus an t-imreoir contae Dónal Burke fós in easnamh orthu, bhíodar ag brath ar na deartháireacha Currie, Ciarán Stacey agus AJ Murphy chun formhór na scórála a dhéanamh. Agus dar ndóigh, tá iar-laoch Átha Cliath Liam Rushe acu i lár na cosanta.

Tá cúlaithe thar a bheith cumasach ag na Gaeil agus gan aon chúl géillte acu le ceithre chluiche anuas. Tá tosaithe thar a bheith cruinn acu freisin, leithéidí Mark Bergin, Jack Nolan agus Conor Heary.

Tá obair mhaith déanta ag an dá fhoireann chun an cluiche ceannais a bhaint amach agus seans nach mbeidh mórán eatarthu ach, leis an euro céanna agus an brabach a bhuaigh mé orthu an tseachtain seo caite, beidh m’airgead arís ag dul ar leaids Chill Chainnigh.

 

 

Fág freagra ar 'Coimhlintí suimiúla romhainn i gcluichí ceannais na gcúigí, ach seans nach bhfuil sárú Bhaile Gunnair le fáil'