‘Cogadh tnáite’ atá roimh an Úcráin – NATO

An tseachtain seo chugainn, cuirfidh na Náisiúin Aontaithe triúr coimisinéirí cearta an duine go dtí an Úcráin le sáruithe dlí agus mí-úsáidí a fhiosrú

‘Cogadh tnáite’ atá roimh an Úcráin – NATO

Agus 100 lá den chogadh curtha di ag an Úcráin, mhol an tUachtarán Volodymyr Zelensky an t-éacht atá á dhéanamh ag muintir an tíre ag seasamh in aghaidh ionsaí na Rúíse agus d’fhógair sé go mbeadh “an bua acu”.

Dúirt na húdaráis i gCív go raibh smacht ag fórsaí na Rúise ar an gcúigiú cuid de thalamh na hÚcráine, nuair a áirítear an Chrimé agus an chuid de Donbas atá faoi smacht na Rúise ó 2014.

Maíonn siad gur éirigh lena cuid saighdiúirí arm na Rúise a chur ó dhoras i gcúig ionsaí in Donetsk agus Luhansk.

Fainic a bhí ag Jens Stoltenberg, Ard-Rúnaí Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh inniu do thíortha an iarthair agus é ag comhairliú dóibh a riachtanaí atá sé a bheith ag “réiteach don bhóthar fada”. Dúirt sé gur “cogadh tnáite’ atá ar siúl faoin tráth seo.

Dúirt Amin Awad, Ard-Rúnaí Cúnta na Náisiún Aontaithe, atá ina chomhordaitheoir ag na NA ar ghéarchéim na hÚcráine, nach mbeadh “aon bhuaiteoir” ar an gcogadh. “Níl feicthe againn le 100 lá ach beatha daoine, tithe, poist, agus féidearthachtaí á scrios,” a dúirt Amin Awad ina ráiteas.

An tseachtain seo chugainn, cuirfidh na Náisiúin Aontaithe triúr coimisinéirí cearta an duine go dtí an Úcráin le sáruithe dlí agus mí-úsáidí a fhiosrú. Tabharfaidh siad cuairt ar chathracha Lviv, Kyiv, Kharkiv agus Sumy, agus labhróidh siad le híobartaigh, finnéithe, oifigigh Rialtais agus le daoine atá díbeartha óna dtithe.

Is léir nach bhfuil an Rúis tuirseach go fóill mar i ráiteas a rinne urlabhraí na Creimile, Dmitry Peskov, dúradh go raibh dul chun cinn déanta ag an Rúis agus nach stopfaidís go mbeadh a spriocanna bainte amach acu.

Dúirt Peskov gur ceann de na haidhmeanna is mó atá le hionsaí (“oibríochtaí”) na Rúise, na daoine in Donetsk agus Luhansk a chosaint.

“Tá bearta déanta lena chinntiú go mbeidh siad sábháilte agus tá torthaí áirithe bainte amach.

“Tá fórsaí armtha na hÚcráine glanta as roinnt ceantar agus féadfaidh daoine tosú ar a ngnáthshaol a chur ina cheart arís,” a deir Peskow.

Tá sé ina throid i gcónaí i gcathair Severodonetsk, agus an chuid is mó den chathair sin i seilbh na Rúiseach.

Fág freagra ar '‘Cogadh tnáite’ atá roimh an Úcráin – NATO'