Cluichí polaitiúla á n-imirt leis an SDLP ag Páirtí an Lucht Oibre agus Fianna Fáil

Tá drochbhail ar an SDLP ó chaill an páirtí na trí shuíochán Parlaiminte a bhí aige agus ní léir cén tairbhe dóibh súil mhealltach a bheith á caitheamh ag páirtithe ó dheas orthu

Cluichí polaitiúla á n-imirt leis an SDLP ag Páirtí an Lucht Oibre agus Fianna Fáil

Bhuel, níor mhair sé sin i bhfad. Oíche Dé Sathairn gheall Brendan Howlin in aitheasc an cheannaire ag Ard-Fheis an Lucht Oibre go dtiocfadh an páirtí aneas ar each bán chun daoine san SDLP a tharrtháil ó Fhianna Fáil. Maidin Dé Luain ar Radio Uladh BBC tharraing an Teachta Dála Howlin siar ón ngeallúint sin, agus dúirt gur comhráite agus uchtach a bhí á dtairiscint aige.

Anuas ar an gceápar ar an Ómaigh an tseachtain roimhe sin nuair a bhí Lanigan’s Ball ar siúl ag Fianna Fáil faoi sheasamh sna toghcháin áitiúla abhus an bhliain seo chugainn, b’fhurasta a thuiscint cén fáth a raibh daoine in amhras gur chluichí a bhain le polaitíocht an deiscirt a bhí ar siúl ag Fianna Fáil agus ag Páirtí an Lucht Oibre.

Tá drochbhail ar an SDLP ó chaill an páirtí na trí shuíochán Parlaiminte a bhí aige. Chomh maith leis an mbuille a bhuail Sinn Féin orthu trí dhá shuíochán a bhaint díobh agus an buille a bhuail an DUP orthu trí cheann eile a bhaint díobh, laghdaigh cailliúint na suíochán teacht isteach an pháirtí go tubaisteach. Ba é sin an buille ba dheireanaí do pháirtí atá ag dul i léig le seacht mbliana déag. Tar éis athbhreithniú inmheánach a dhéanamh cinneadh go raibh beart drámatúil riachtanach. Níor chonspóid go dtí é an chéad chéim eile – comhráite le Fianna Fáil faoi chónascadh nó comhghuaillíocht.

Ní nach ionadh tá easaontas i measc na n-ionadaithe agus i measc na mball, roinnt díobh dubh dóite in aghaidh choimeádachas Fhianna Fáil agus tuilleadh in aghaidh ligint do pháirtí ar bith eile iad a shlogadh. Bráthairpháirtí leis an Lucht Oibre in Éirinn agus sa Bhreatain ab ea an SDLP riamh. Ghlac feisirí SDLP le haoireacht Pháirtí an Lucht Oibre in Westminster. Agus bhí an páirtí an-bhródúil as a dhlúthnasc le Sóisialaigh Dhaonlathacha na hEorpa. Bhí eite Shóisialach sa pháirtí i gcónaí ach bhí eite Ghlas/náisiúnach ann freisin agus iad deighilte faoin suirí seo le Fianna Fáil.

Meastar gurb í an deighilt sin faoi ndear moill a bheith ar fhógra faoin bplé idir an dá pháirtí. Thug Fianna Fáil le fios sa samhradh go mbeadh toradh ar na cainteanna faoi Mheán Fhómhair. Coicís ó shin dúradh gur gearr go mbeadh fógra le déanamh.

Seans nach san SDLP amháin atá deighilt faoin tionscnamh. Arbh é sin faoi ndear an chleasaíocht ar an Ómaigh nuair a d’fhógair an Teachta Dála Éamon Ó Cuív agus an Seanadóir Mark Daly go mbeadh Sorcha McAnespy ina hiarrthóir ag Fianna Fáil don chomhairle áitiúil an bhliain seo chugainn. Bheadh an bheirt acusan i bhfeighil a feachtais, a dúradh i ráiteas a eisíodh i dteannta grianghraf di agus póstaeir de chuid Fhianna Fáil.

Tubaiste bholscaireachta ab ea é. Taobh istigh d’uair an chloig d’fhógair ceanncheathrú Fhianna Fáil i mBaile Átha Cliath nach raibh cinneadh ar bith déanta fós faoi thoghcháin na bliana seo chugainn, nach raibh iarrthóir roghnaithe agus go raibh an plé leis an SDLP fós ar siúl. Dúirt Éamon Ó Cuív an mhaidin dár gcionn ar RTÉ Raidió na Gaeltachta nach aige féin ach ag Fianna Fáil i mBaile Átha Cliath a bhí ceisteanna le freagairt.

Ball neamhspleách de Chomhairle Fhear Manach agus na hÓmaí is ea Sorcha McAnespy. Toghadh í ina Comhairleoir de chuid Shinn Féin ach d’fhág sí an páirtí sin nuair nach bhfuair sí ainmniúchán do thoghchán an Tionóil in 2016. Chuir sí finíochas agus fuath ban i leith Shinn Féin in iarthar Thír Eoghain agus bhí sí míshásta go raibh uirthi cuid dá pá a íoc leis an bpáirtí. Dúirt sí áfach gur aontaigh sí go hiomlán le leagan amach polaitiúil Shinn Féin.

Tá sí ar Ard-Chomhairle Fhianna Fáil le bliain agus í go mór i bhfabhar Fhianna Fáil a bheith páirteach i dtoghcháin ó thuaidh. I bhfianaise a bá le polasaithe Shinn Féin meastar nach de sheans a fuair sí tacaíocht ó Éamon Ó Cuív agus Mark Daly. Is fada an Teachta Ó Cuív ar an taifead ag moladh go ngabhfadh Fianna Fáil i gcomhrialtas le Sinn Féin. Is cosúil freisin gur rabhadh ab ea an eachtra ar an Ómaigh nár cheart ligean do chainteanna leis an SDLP a theacht salach ar mhianta na heite sin d’Fhianna Fáil atá ag iarraidh a bheith gníomhach ó thuaidh.

Níl sé chomh soiléir céard a bhí ar siúl ag Brendan Howlin. Dúirt sé go raibh litir seolta aige chuig ceannaire an SDLP Colum Eastwood ag fiafraí de cad a bhí ag tarlú sa pháirtí agus sna cainteanna le Fianna Fáil. Bhí comhdháil Pháirtí an Lucht Oibre thart sula bhfuair an SDLP an litir sin Dé Luain. Gan dabht bheadh daoine áirithe san SDLP ag iarraidh ar ‘a mbráithre’ a ladar a chur sa scéal ach i bhfianaise laige pháirtí an Lucht Oibre ba dheacair a dhéanamh amach cad ab fhiú é. Ní bheadh iarrthóirí ag páirtí an Lucht Oibre agus an SDLP i dtoghcháin i dTuaisceart Éireann dar le Howlin ach bheadh tacaíocht ag na daonlathaigh shóisialta atá anois san SDLP óna pháirtí agus ó cheardchumannaigh. N’fheadar cén tairbhe a bhainfí as an tacaíocht sin, agus go deimhin is deacair a dhéanamh amach cén tairbhe d’aon dream an ghalamaisíocht le cúpla seachtain anuas.

Fág freagra ar 'Cluichí polaitiúla á n-imirt leis an SDLP ag Páirtí an Lucht Oibre agus Fianna Fáil'

  • Póilín

    An Seanadóir Daly smachtaithe ag Micheál Martin inniu Dé Céadaoin.