Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna
- Cad a chuireann iontas ar an scríbhneoir?
- Cad a tharla in 2018?
- Cén fáth a luaitear an suíomh idirlín Meon Eile?
- Cén cáineadh a rinneadh ar Chiarán Dunbar?
- Cén bhrí atá leis an abairt seo meas tú? “Ansin d’úsáid daoine áirithe mo shaothar mar bhata chun Dunbar a bhualadh.”
- Déan an abairt thíos a chur san ord ceart.
figiúirí chumas aon duine ar sin ar fáil go mhian leo a ndúshlán a thabhairt poiblí, rud lena mhalairt d’fhianaise. a chuir ar Chuir sé na
Gníomhaíocht 2 – Deachtóireacht
- Éist leis an gcéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
- Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. I mbeirteanna déanaigí iarracht na trí abairt a scríobh.
- Éist leis na habairtí arís más gá.
- Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball.
Gníomhaíocht 3 – Aimsigh agus Cuardaigh
- Éist leis an gcéad abairt arís. Aimsigh ainmfhocal baininscneach agus briathar san aimsir láithreach.
- An bhfuil aon fhocal/frása a chuala tú nach dtuigeann tú? Déan iad a chuardach ar focloir.ie agus www.teanglann.ie.
Gníomhaíocht 4 – Cur in ord
- Seo thíos an chéad phíosa eile den alt.
- Ag obair le do pháirtí déan iarracht é a chur in ord.
- Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil siad san ord sin.
- Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball.
- Mhínigh mé go raibh spéis
- na figiúirí sin ar an gcéad dul síos – ní bheadh a
- fhios agamsa gurbh ann dóibh…
- Scríobh mé ag an am: “Ní bheinn ábalta sin
- a dhéanamh murach go bhfuair Dunbar
- is iad na figiúirí féin atá faoi amhras, agus ní obair Chiaráin Dunbar.”
- ar leith agamsa san ábhar agus
- eolas agam faoi mar gheall ar obair a
- rinne mé cheana, rud a chuir ar mo
- chumas na ceisteanna cearta a chur,
- agus an scéal a fhorbairt dá réir.
Gníomhaíocht 5 – An leagan bunaidh
- Seo an nasc chuig an leagan bunaidh.
- Féach siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíochtaí 2 agus 4.
- Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déanaigí é a léamh os ard i mbeirteanna.
Fág freagra ar 'CLUASTUISCINT: Is léir nach dtuigeann gach duine an difríocht idir tuairisc nuachta agus píosa tuairimíochta'