Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna
- Cé hiad an eagraíocht Bánú?
- Céard atá an eagraíocht a lorg?
- Cén fáth a luaitear ceannáras Roinn na Gaeltachta?
- Cén bhaint atá ag Adhna Ní Bhraonáin leis an ngrúpa?
- Luaigh rud amháin atá le rá aici.
- Cé mhéad duine a bhí san agóid.
- Cén fáth a luaitear Dara Calleary?
- Déan an abairt thíos a chur san ord ceart.
Caitheadh ag an Aire ó ceapadh súil siar dhéag atá déanta sa litir an bhliain gcéad dhá mhí seo caite é ar an
Gníomhaíocht 2 – Deachtóireacht
- Éist leis an gcéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
- Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. I mbeirteanna déanaigí iarracht na trí abairt a scríobh.
- Éist leis na habairtí arís más gá.
- Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball.
Gníomhaíocht 3 – Aimsigh agus Cuardaigh
- Éist leis an gcéad abairt arís. Aimsigh sampla don tuiseal ginideach agus ainmfhocal baininscneach.
- An bhfuil aon fhocal/frása a chuala tú nach dtuigeann tú? Déan iad a chuardach ar focloir.ie agus www.teanglann.ie.
Gníomhaíocht 4 – Cur in ord
- Seo thíos an chéad phíosa eile den alt.
- Ag obair le do pháirtí déan iarracht é a chur in ord.
- Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil siad san ord sin agat.
- Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball.
- nuair a moladh go bhféadfadh Údarás na Gaeltachta fochomhlacht tithíochta a bhunú agus aitheantas
- Mar chuid den agóid, bhí ‘tuairisc scoile’ déanta amach don Aire Gaeltachta ag Bánú dá chéad
- bhliain sa phost. Tugadh le fios sa tuairisc gur theip ar an Aire Calleary scéimeanna tithíochta
- a thabhairt isteach don Ghaeltacht, treoirlínte pleanála a aimsiú, maoiniú cuí a fháil
- AHB a fháil ón Roinn Tithíochta, cuireadh ina aghaidh sin, cé gur moladh a bhí ann a rinne an tAire
- Darragh O’Brien, nuair a bhí sé féin ina Aire Tithíochta,” a scríobhadh.
- don tithíocht Ghaeltachta, cumhachtaí breise a thabhairt don Údarás, agus toghcháin an Údaráis a thabhairt isteach.
- “Go deimhin, bhraitheamar go raibh do Roinnse ag iarraidh bac a chur roimh aon dul chun cinn. Mar shampla,
Gníomhaíocht 5 – An leagan bunaidh
- Seo an nasc chuig an leagan bunaidh.
- Féach siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíochtaí 2 agus 4.
- Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déanaigí é a léamh os ard ina mbeirteanna.
Fág freagra ar 'CLUASTUISCINT: Caithfidh ‘fís’ a bheith ag Roinn na Gaeltachta maidir le tithíocht do na glúnta atá le teacht'