Tá sé molta ag urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh, gur cheart na cluasáin chuirtear ar fáil mar chuid den tseirbhís ateangaireachta i nDáil Éireann a dhéanamh níos lú agus “níos discréidí” le Teachtaí Dála a chur ar a gcompord agus iad á úsáid.
Bhí Ó Snodaigh ag labhairt ag seimineár a bhí ar siúl mar chuid d’Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i Loch Garman an deireadh seachtaine seo. Dúirt Ó Snodaigh go mbíonn “náire” ar Theachtaí Dála na cluasáin mhóra atá ar fáil faoi láthair a chur orthu le linn díospóireachtaí Dála agus go bhfágann sé sin go mbíonn deacrachtaí ann nuair a labhraítear an Ghaeilge sa pharlaimint.
“Tá seirbhís ateangaireachta agus cluasáin ann cheana féin. Déantar athruithe ar na rialacha a bhaineann le gnó na Dála go rialta agus beimid ag dul isteach an tseachtain seo chugainn le slám cruinnithe a bheith againn agus moltaí a dhéanamh.
“Beidh mé féin ag moladh go mbeadh na cluasáin discréideach, níos discréidí ná mar atá faoi láthair. Bíonn náire ar dhaoine i gcónaí i ad a chaitheamh agus ní chaitheann aon duine iad da bharr,” a dúirt sé lena raibh cruinnithe san Óstán White’s of Wexford i mBaile Loch Garman tráthnóna Dé hAoine.
Bhí an Teachta Ó Snodaigh agus an Teachta Dála Barry Ward ag labhairt faoi chúrsaí na Dála ag deireadh an tseimineáir a bhí faoi chathaoirleacht an iar-aire Mary Hanafin.
Tarraingíodh aníos le linn an tseisiúin an scéal nach bhfui Gaeilge ag an gCeann Comhairle ná an an Leas-Cheann Comhairle. Dúirt Ó Snodaigh, a chuir a ainm chun cinn do ról an Leas-Cheann Comhairle an tseachtain seo caite, go raibh sé den tuairim gur cheart go mbeadh Gaeilge ag an gCeann Comhairle agus ag an Leas-Cheann Comhairle.
“Tá sé inghlactha nach mbeadh Gaeilge acu toisc nach bhfuil na rialacha ann ag diúltú dó. Níl sé liostáilte mar choinníoll gur gá Gaeilge a bheith agat, agus ní hé seo an chéad uair nach raibh Gaeilge ag an gCeann Comhairle. Bhí daoine eile sa phost nach raibh Gaeilge nó nach raibh flúirse Ghaeilge acu.
“An buntáiste atá ann an uair seo ná gur ardaíodh an cheist roimh an toghchán [don Cheann Comhairle] agus b’fhéidir go mbeadh daoine ag smaoineamh anois gur gá Gaeilge a bheith ag an duine a bheadh sa ról sin,” a dúirt sé.
Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhine Gael Barry Ward, áfach, go mb’fhéidir go gcruthófaí “deacrachtaí” dá dtabharfaí isteach riail dhaingean go gcaithfidh an Ghaeilge ag bheith ag cathaoirleach na Dála.
“Ba chóir go mbeadh Gaeilge ag an gCeann Comhairle, ach caithfimid a bheith cúramach nach n-úsáidfidh muid an Ghaeilge le daoine a choinneáil amach ón ról. Cé a déarfadh go bhfuil nó nach bhfuil Gaeilge ag iarrthóir do ról an Cheann Comhairle? Cad é an caighdeán Gaeilge ba ghá a bheith ag duine le seasamh don ról? Cad é an líne? Bheadh sé an-deacair,” a dúirt Ward.
Bhí cumas Gaeilge an Cheann Comhairle go mór i mbéal an phobail le cúpla mí anuas ó toghadh an Teachta Dála neamhspleách Verona Murphy ina Ceann Comhairle mar chuid de chomhaontú a rinneadh idir Fianna Fáil, Fine Gael, agus an Grúpa Réigiúnach Neamhspleách roimh an Nollaig le rialtas a chur le chéile.
Níl Gaeilge ar a toil ag Murphy, atá ina Teachta Dála do Loch Garman mar a bhfuil Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge ar siúl. Dúirt an t-iar-Cheann Comhairle Seán Ó Fearghaíl agus an t-iar-leas-Cheann Comhairle Catherine Connolly beirt go raibh sé riachtanach go mbeadh an chéad teanga oifigiúil ag an gCeann Comhairle le go mbeifí in ann cathaoirleacht éifeachtach a dhéanamh ar dhíospóireachtaí na Dála.
Tháinig easpa cumais Verona Murphy sa teanga chun cinn arís ag tús na míosa nuair a chuir an Taoiseach Micheál Martin i leith cheannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald go raibh sí “ag insint bréaga”– líomhain nach gceadaítear faoi rialacha na Dála.
Níor thuig Murphy caint an Taoisigh agus tarraingíodh achrann sna laethanta i ndiaidh na heachtra nuair a mhaígh an Taoiseach nach “telling lies” is brí le “ag insint bréaga”.
Tá iarrtha ag an gCeann Comhairle ar gCoiste um Pribhléidí Parlaiminteacha agus Formhaoirsiú féachaint an gá uasdátú a dhéanamh ar cháipéis faoi ‘dhroch-chaint’ a chuir an coiste i dtoll a chéile in 2010.
Fág freagra ar 'Cluasáin níos lú molta don Dáil chun ‘náire’ faoi easpa Gaeilge a sheachaint'