‘Cloch mhíle’ bainte amach ag Comhairle a bhí ‘naimhdeach’ don Ghaeilge le blianta fada  

Moltar i bpolasaí Gaeilge nua Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste go mbeadh lógó nua dátheangach ag an Chomhairle, go gcrochfaí comharthaíocht dhátheangach agus go gcuirfí le limistéar na Ceathrún Gaeltachta in iarthar Bhéal Feirste

‘Cloch mhíle’ bainte amach ag Comhairle a bhí ‘naimhdeach’ don Ghaeilge le blianta fada  

Tá glactha ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste le polasaí nua Gaeilge ina bhfuil “moltaí stairiúla” déanta i dtaobh cur chun cinn na Gaeilge sa chathair.

Tá fáilte mhór curtha ag Conradh na Gaeilge roimh dhréachtpholasaí Gaeilge Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste, atá ina “chloch mhíle” ag comhairle a léirigh “naimhdeas” don Ghaeilge le blianta fada.

I measc na bpríomh-mholtaí i ndréachtpholasaí Gaeilge nua na Comhairle, moltar go mbeadh lógó nua dátheangach ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste, go gcuirfí comharthaíocht dhátheangach ar láithreacha agus foirgnimh na Comhairle agus go ndéanfaí limistéar na Ceathrún Gaeltachta in iarthar Bhéal Feirste a leathnú.

Tá moltaí ann chomh maith go mbeadh cur chuige dátheangach ag an chomhairle ar na meáin shóisialta agus ar a suíomh idirlín.

Deir Comhairle Cathrach Bhéal Feirste go luíonn a bpolasaí teanga nua “go maith le dualgais, cairteacha agus treoir mhionteangacha áitiúla, náisiúnta agus idirnáisiúnta”.

“Go deimhin, d’fhéadfaí a mhaíomh gur cheart don Chomhairle bogadh níos faide agus níos tapúla cheana féin leis na caighdeáin náisiúnta agus idirnáisiúnta sin a chomhlíonadh,” a deirtear i ndréachtpholasaí Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste.

Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt Pádraig Ó Tiarnaigh, Bainisteoir Cumarsáide le Conradh na Gaeilge, gur “deis iontach” atá sa pholasaí nua “cathair dhátheangach” a dhéanamh de Bhéal Feirste.

“Tá ráiteas láidir déanta ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste i dtaobh na Gaeilge, agus é admhaithe acu go mbeidh siad ag feidhmiú de réir an dlí idirnáisiúnta i dtaobh teangacha mionlaigh de, go raibh siad deireanach i dtaobh forbairt an pholasaí agus go bhféadfaidís dul níos faide maidir le haon pholasaí teanga amach anseo.

“Má amharcann muid siar go gníomh réabhlóideach mhuintir Bhóthar Seoighe agus ar an athbheochan teanga a lean sa chathair le 50 bliain anuas, tá cloch mhíle bainte amach ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste a bhí naimhdeach don Ghaeilge ó tháinig ann di breis agus céad bliain ó shin.

“Comhairle í nach raibh aon soláthar teanga inti go dtí cúpla bliain ó shin agus a chaith comhairleoirí tofa amach as cruinnithe sna blianta atá caite as a bheith ag labhairt i nGaeilge. Is iontach an rud é, 25 bliain ó aontaíodh Comhaontú Aoine an Chéasta, go mbeidh borradh mór faoi na seirbhísí atá á soláthar ag an chomhairle i nGaeilge agus beidh an Ghaeilge i bhfad níos feiceálaí sa chathair,” a dúirt Ó Tiarnaigh.

Deir Ó Tiarnaigh go bhfuil “tábhacht shiombalach” ar leith ag baint leis an mholadh go mbeadh lógó nua dátheangach ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste, mar atá ag Comhairle Ceantair an Iúir, Mhúrn agus an Dúin agus Comhairle Lár Uladh cheana féin.

“Beidh príomhlógó Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste dátheangach rud a chinnteoidh go mbeidh an Ghaeilge i lár an aonaigh agus os comhair an phobail in achan gné de shaol corparáideach agus brandála na Comhairle, rud atá thar a bheith siombalach.

“Beidh an Ghaeilge le feiceáil taobh leis an Bhéarla ar chomharthaíocht Chomhairle na Cathrach agus beidh deis ag pobal na Gaeilge a bheith ag plé leis an Chomhairle i dteanga s’acu féin ar bhealach i bhfad níos cuimsithí ná mar atá ar fáil anois,” a dúirt sé

Maidir le spriocanna na Comhairle i dtaobh comharthaíocht dhátheangach, moltar sa pholasaí nua go gcrochfaí comharthaí dátheangacha ar dtús sna láithreacha agus foirgnimh a mbíonn teaghlaigh ag freastal orthu, sna sólanna agus páirceanna súgartha atá faoi chúram na comhairle mar shampla.

Díreofar ar dtús chomh maith ar na háiteanna sin inar dhúirt níos mó ná 15% de na daoine sa daonáireamh go raibh cumas éigin sa Ghaeilge acu.

Díreofar ina dhiaidh sin ar na ceantair inar dhúirt idir 5-10% de dhaoine go raibh cumas éigin sa Ghaeilge agus ar deireadh ar fad, ar na ceantair ina bhfuil níos lú ná 5% den phobal cumasach sa Ghaeilge.

Deir Ó Tiarnaigh gur gcaithfí glacadh leis gur “tréimhse fhada” a bheas i gceist sula mbeidh spriocanna na comhairle i dtaobh na comharthaíochta dátheangaí bainte amach.

“Caithfidh muid a bheith réasúnta faoi. Cosnóidh sé airgead, níl aon fhigiúr luaite leis an pholasaí seo ach seans go dtógfaidh sé suas go 20 bliain ar an Chomhairle na moltaí sa dréachtpholasaí seo a chur i bhfeidhm.

“Thóg sé trí bliana ar an Chomhairle comhartha dátheangach a chrochadh i reilig in Iarthar Bhéal Feirste, in áit a raibh éileamh ar a leithéid, mar sin caithfear a bheith ag súil go dtógfaidh sé neart ama orthu an polasaí a chur i bhfeidhm,” a dúirt sé.

Faoi pholasaí Gaeilge nua na Comhairle, beidh Bealach Uí Chinnéide, Baile Andarsan, Bóthar Seoighe agus Bóthar an Ghleanna in iarthar Bhéal Feirste á gcur le limistéar na Ceathrún Gaeltachta, agus comharthaí dátheangacha á gcrochadh ar na sráideanna go léir sa cheantar sin.

Beidh próiseas comhairliúcháin maidir lena bpolasaí Gaeilge nua á reáchtáil ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste idir seo agus deireadh mhí na Samhna agus deis ag an phobal agus ag eagraíochtaí aighneachtaí nó moltaí i dtaobh an pholasaí nua a chur faoi bhráid na Comhairle.

Fág freagra ar '‘Cloch mhíle’ bainte amach ag Comhairle a bhí ‘naimhdeach’ don Ghaeilge le blianta fada  '

  • Eoghan Ó Néill

    Sin pobal a bhfuil meas aige ar thabhacht a chultúr agus a theanga.

  • WTF

    A bhuíochas sin, de bheagán, le Kneecap?