Clár sollúnta é ‘Tomorrow Tonight: Ireland 2050’ ach é ait is áiféiseach leis

Is le dea-rún a deineadh Tomorrow Tonight ach thosaigh rudaí ag imeacht amach ón gcairt luath go maith

Clár sollúnta é ‘Tomorrow Tonight: Ireland 2050’ ach é ait is áiféiseach leis

Éinne a bhí críonna a dhóthain le bheith ag féachaint ar an teilifís tar éis a naoi chlog sna hochtóidí cuimhneoidh siad ar chomharthaíocht shuntasach an chláir cúrsaí reatha Today Tonight. Bhain an saothar Tomorrow Tonight: Ireland 2050 (RTÉ1, Dé Céadaoin) leas as an gcomharthaíocht sin mar aon le casadh a bhaint as ainm an chláir. Clár cúrsaí reatha a bhí againn anseo le Mark Little sa chathaoir; an casadh ná go raibh an clár ag teacht chugainn ón mbliain 2050. Bhí tine ar chraiceann Little agus a mheitheal iriseoirí ar fud an domhain mar go raibh ceannairí náisiúin an domhain bailithe le chéile i Nua-Eabhrac le cinneadh a dhéanamh faoi ghníomh radacach timpeallachta. Sí príomh-aire na Sualainne a bhí ar thosach cadhnaíochta sa bhfeachtas seo. Cé hí féin? Greta Thunberg gan amhras. Fáidhiúlacht nó fastaím?

Ábhar sollúnta tábhachtach curtha os ár gcomhair i bhfoirm an dráma faisnéise. Tá RTÉ le moladh as tabhairt faoi agus as tabhairt faoi le cantam éigin samhlaíochta. Dúradh linn go raibh eolaíocht aeráide mar bhunchloch le míreanna éagsúla an tsaothair agus bhí tráchtairí, iriseoirí agus lucht léinn éagsúla bailithe isteach sa stiúideo nó á gcur fé agallamh. Bhí Carla O’Brien os comhair scáileáin le figiúirí éagsúla a chur os ár gcomhair. Deineadh trácht ar thuilte, ar bhuamaí báistí, ar bhorrthaí stoirme, ar fhorbairtí feirmeoireachta agus ar theifigh aeráide.

Ar an drochuair, thosaigh rudaí ag imeacht amach ón gcairt luath go maith. Tráchtadh ar na ‘Green Elements’ (seachas clogaid ghorma na Náisiún Aontaithe) a bheith ag déanamh ruathair ar thíortha le gníomhartha ar son na haeráide a chur i bhfeidhm. Réiteach míleata ar an bhfadhb aeráide?

Liosta le háireamh iad na forbairtí nuálacha aite ar deineadh trácht orthu: feirmeacha feithidí san áit a mbíodh feirmeacha mairteola, bhí Cluas, Luas Chorcaí againn, falla tógtha timpeall na Breataine le teifigh a choimeád amach, turasóirí ag triall ar Costa de Curracloe, ionad teifeach de chuid na Náisiún Aontaithe ar Inis Píc agus daoine saibhre ag ardú a seolta leo chuig an ngealach. Leis an dlaoi mhullaigh a chur ar chúrsaí bhí cluiche ceannais na hÉireann idir Ceatharlach agus Liatroim i ndeireadh an bhfichidí. Canathaobh ná beadh agus daoine ag teitheadh ó chontaetha an chósta.

Go deimhin chonaiceamar Bleá Cliathaigh ag teitheadh go Teach Srafáin i gCill Dara mar a raibh árasáin ardstóracha tógtha san áit a mbíodh galfchúrsa cáiliúil tráth. Fuair lucht an ghailf fén eireaball é agus caitheadh sleaiseanna chomh maith le lucht laethanta saoire thar lear.

In ainneoin na sollúntachta agus na háiféise thosaigh rudaí ag imeacht chun leadráin. Lena chois sin bhí an saothar uair an chloig go leith ar fhad.

I ndeireadh na dála bhíothas ag iarraidh beocht agus drámaíocht a chur i saothar faoi chlár cúrsaí reatha.

Nílim ag déanamh beagán den ábhar, ach beagán den chur chuige, mar ba é an cur chuige a dhein beagán den ábhar.

Fág freagra ar 'Clár sollúnta é ‘Tomorrow Tonight: Ireland 2050’ ach é ait is áiféiseach leis'

  • Breathnóir1

    Ceart go leor, ach gach uair a dhéantar clár nó scannán nó sraith faoin athrú aeráide deirtear nach é seo an bealach ceart le tabhairt faoi. Cad é an bealach ceart, mar sin? Mar faoi láthair, is léir nach bhfuil mórchuid na ndaoine sásta smaoineamh faoi impleachtaí fíorthromchúiseacha an athraithe aeráide don domhan ar fad, Éire san áireamh. Ceapann go leor againn cé acu go dtarlóidh sé i bhfad amach sa todhchaí, nó níos measa, creideann sciar maith daoine nach ann don athrú aeráide ar chor ar bith.