Clár Gaeilge tráthúil agus caithiseach ó RTÉ faoin spéis sa spás

Ar ‘Spéis sa Spás’ cuireadh cnuasach de mhíreanna beaga mealltacha os ár gcomhair a thug éachtaint ar dhúil na nÉireannach sa taiscéalaíocht

Clár Gaeilge tráthúil agus caithiseach ó RTÉ faoin spéis sa spás

Ní féidir luí ar aon chnaipe ar an gcianrialtán an tseachtain seo gan clár de shaghas éigin a fheiscint faoi ghaiscí Apollo 11 caoga bliain ó shin. Faoi mar is eol do chách ag an bpointe seo ba ar an 20 Iúil 1969 a thuirling Buzz Aldrin agus Neil Armstrong go dromchla na gealaí, agus gur fhógair Armstrong na focail cháiliúla úd. Ba chlochmhíle teicneolaíochta é gan aon agó agus cuireadh mórán ar fud na cruinne fé gheasa. Deineadh an tsamhlaíocht a bhíogadh agus dúil sa spás a mhúscailt.

Seo chugainn rannóg Gaeilge RTÉ le Spéis sa Spás (RTÉ1, Déardaoin), clár a dhéanann ceiliúradh ar an ócáid agus ar an gceangal atá ag an tír seo againne leis an taiscéalaíocht sa spás.

Ciúta beag deas ba ea é na páistí scoile ó Ghaelscoil Cholmcille a fháil le dreasanna beaga cainte a dhéanamh is iad suite os comhair comharthaí de shráideanna in eastát sa Chúlóg i mBaile Átha Cliath a ainmníodh in ómós an ghaisce: Siúlán Armstrong, Siúlán Aldrin, Garrán an tSuaimhnis, Bealach Apollo agus Páirc an Iolair. Tugadh le fios dúinn níos faide anonn sa chlár go raibh an séú heastát ann, Collins Rendezvous, ach gur eagraíodh pobalbhreith sna seachtóidí agus chinn na háitritheoirí an t-ainm a athrú go Cúirt Bhaile na Coille. Ait go leor ba de bhunadh na hÉireann é Michael Collins, an té a d’fhan sa spásárthach fad is a thuirling Aldrin agus Armstrong.

Agus Sinéad Ní Churnáin ag tráchtaireacht, cuireadh cnuasach de mhíreanna beaga mealltacha éagsúla os ár gcomhair a thug éachtaint ar dhúil na nÉireannach sa taiscéalaíocht. Tugadh turas ar an bpláinéadlann ins An Scoil in Iarthar Chorcaí mar a bhfacamar Fionn Ferreira, nach bhfuil ach ocht mbliana déag d’aois, i mbun comhrá le Caoimhín de Bhailís ó Réadlann na Carraige Duibhe. Lena chois sin labhraíodh le cosmeolaí mar aon le hÉireannaigh atá ag obair i dtionscal an spáis. Tá creidiúint mhór ag dul do lucht an chláir as an oiread sin aíonna suimiúla a raibh Gaeilge acu a aimsiú.

Tá Darach Watson ag obair mar chosmeolaí in Institiúid Neils Bohr sa Danmhairg agus dhein Ruth McAvinia paiste cainte faoi Ghníomhaireacht Spáis na hEorpa mar a bhfuil sí ag obair. Tá Lána Salmon ar dhuine de na mic léinn PhD atá ag obair ar an gcéad satailít Éireannach.

Theastaigh uaim a thuilleadh a chloisint ó Mary O’Neill, seanfhondúir de bhean tábhairne i gCionn tSáile a thug chuntas gairid (róghairid) ar ghlaoch gutháin a fuair sí ón spásaire Dan Tani nuair a bhí sé ar foluain amuigh sa spás. I radharc eile ina dhiaidh sin címid Tani ag gabháil an doras isteach chuici in Iarthar Chorcaí, ach gan mórán de chur amach againn ar an nasc eisceachtúil a chaithfeadh a bheith eatarthu.

Clár tráthúil, caithiseach.

Fág freagra ar 'Clár Gaeilge tráthúil agus caithiseach ó RTÉ faoin spéis sa spás'