Clár deas faoi Chuan Bhaile Átha Cliath, a fhormhór i nGaeilge is gan aon radharc ar Bono ná a mhúinteoir

Chuir ‘An Cuan’ ar TG4 roimhe éachtaint a thabhairt ar cheantar ar leith, an flóra, an fána, na daoine, na háilleachtaí agus na bagairtí

Clár deas faoi Chuan Bhaile Átha Cliath, a fhormhór i nGaeilge is gan aon radharc ar Bono ná a mhúinteoir

In 2015 bhronn UNESCO stádas tearmann bithsféir ar Chuan Bhaile Átha Cliath. Tá an t-aitheantas seo bunaithe ar bhithéagsúlacht an nádúir sa cheantar máguaird agus s’éard a chuireann an tsraith ceithre chlár An Cuan (TG4, Dé Céadaoin) roimhe ná éachtaint a thabhairt ar an gceantar ar leith seo; an flóra, an fána, na daoine, na háilleachtaí agus na bagairtí. 

Síneann an tearmann seo go leathchiorclach ó dheas ó Phort Mearnóg agus Binn Éadair go Deilginis agus Cill Iníon Léinín. Tá an tsraith roinnte de réir na séasúr agus thosnaíomar amach ar an gCéadaoin le gála an Earraigh mar a dtagann beocht sa Chuan le teacht an Earraigh. Sé an nádúraí Eoin Warner atá mar thráchtaire againn agus déanann sé a chúram go deisbhéalach, mar is dual dó. 

Sé Oileán an Bhulla sméar mhullaigh an Chuain; oileán a chrap aníos trí thimpiste nuair a tógadh Falla an Bhulla Thuaidh sa naoú haois déag. Is annamh go mbíonn timpistí an duine daonna chomh hádhúil sin don nádúr. Ba é an t-oileáinín ar leith seo an chéad tearmann éanlaithe in Éirinn, stádas a gnóthaíodh i 1930. 

Thug UNESCO aitheantas do thránna, dumhcha, móinteáin, réileáin láibe agus riasca sáile na háite in 1981. 

I gcaitheamh an chláir tugadh éachtaint dúinn ar dhúlra cheantar an Chuain, na héanlaith éagsúla ar leith, go háirithe. Bhí seatanna áille de thírdhreach na dúthaí ann i rith an ama. Tá tuairim is milliún duine ag maireachtaint sa tearmann seo nó i ngar de agus déantar dreasanna cainte le meascán mearaí de dhaoine. 

Labhair Feargus Ó Snodaigh faoi obair athchóirithe a deineadh ar cheann de na comharthaí móra siúd d’Éirinn atá greanta sa talamh i mBinn Éadair. Thug muintir Shelvin cuntas ar an mbaol atá ann go dtitfidh a dtigh i bhfarraige mar gheall ar chreimeadh cósta agus thrácht Eoin Mac Craith ar an suirbhé geolaíoch atáthar a dhéanamh ar ghrinneall na farraige. Dar leis gur imigh tuairim is 10,000 bád go tóin poill sa Chuan i gcaitheamh na mblianta.

Tá Calafort Bhaile Átha Cliath sa tearmann seo; stráice talún 500 heicteár a bhfuil 3,00 duine ag obair ann. Fuaireas an-bhlas ar na léargais a tugadh ar stair agus muintir na nduganna. Bhí comhrá spéisiúil ag an amhránaí Róisín Chambers agus an béaloideasóir Pádraig Ó Nualláin faoi amhráin saothair na mairnéalach. 

Ábhar suntais gur labhair formhór na gcloigne cainte as Gaeilge. Dheineadar a gcúram go paiteanta. Bhí Gaeilge ag 11 as 16 aoi, sin tarrac ar 70%. Nuair a chuireann tú an tráchtaireacht Ghaeilge san áireamh tá formhór mór an chláir as Gaeilge. An rud is annamh is iontach. 

Deineadh sin gan dul i muinín sagart a mhúin Bono, fiaclóir The Edge, dochtúir Larry Mullen ná cuntasóir Adam Clayton.

Fonn a níos fiach. 

Fág freagra ar 'Clár deas faoi Chuan Bhaile Átha Cliath, a fhormhór i nGaeilge is gan aon radharc ar Bono ná a mhúinteoir'

  • Breathnóir1

    ´´Deineadh sin gan dul i muinín sagart a mhúin Bono, fiaclóir The Edge, dochtúir Larry Mullen ná cuntasóir Adam Clayton.´´
    An-mhaith :-)
    Aontaím leis an léirmheas. Clár breá a bhí ann, tá mé ag súil leis an chuid eile den tsraith.

  • Des O Murchu

    Na bac le Bono, ta nios mo de mhuintir Chuan BA Cliath Go bhfuil Gaeilge liofa acu etc!