Ciste téarnaimh Covid-19 £1.4 milliún fógartha ag Glór na nGael

Dúradh gurb í an aidhm atá leis an gciste ná tacú le grúpaí Gaeilge sa Tuaisceart a raibh deacrachtaí airgid acu de dheasca na paindéime

Ciste téarnaimh Covid-19 £1.4 milliún fógartha ag Glór na nGael

Tá ciste téarnaimh Covid-19 £1.4 milliún fógartha ag Glór na nGael do ghrúpaí a mbíonn an Ghaeilge á cur chun cinn acu sa Tuaisceart. 

Dúradh gurb í an aidhm atá leis an gciste ná tacú le grúpaí Gaeilge a raibh deacrachtaí airgid acu de dheasca na paindéime. Chabhródh an maoiniú, a dúradh, le “easnaimh oibriúcháin” a tharla le linn na bliana airgeadais 2021/22 “a laghdú nó á ghlanadh”. 

“Tá lúcháir ar Ghlór na nGael a bheith ag dáileadh maoinithe ar ghrúpaí pobail in earnáil na Gaeilge atá thíos ó thaobh airgid de bharr na paindéime,” a dúradh.

Dúradh go raibh “obair cheannródaíoch” á déanamh ag grúpaí pobail Gaeilge ó thús na paindéime Covid-19. 

“Tá súil ag Glór na nGael go gcuideoidh an scéim seo leis na grúpaí pobail Gaeilge sin agus iad ag atógáil i gcomhair na todhchaí agus é mar aidhm acu filleadh ar chlár iomlán seirbhísí agus gníomhaíochtaí a chur ar fáil.”

An tAire Pobal Deirdre Hargey a cheadaigh an maoiniú don scéim nua a bheidh oscailte go dtí an 28 Eanáir 2022.

Dúirt Caitríona Nic Seoin, Bainisteoir Forbartha Pobail Ghlór na nGael go raibh súil aici go mbeadh an ciste ina chúnamh do ghrúpaí Gaeilge. “In ainneoin na srianta a bhí ar ghiniúint ioncaim agus ar thionscnaimh forbartha, tá meas agus buíochas ag dul don earnáil dheonach seo as a misneach agus a dílseacht leanúnach dá pobal.”

Fág freagra ar 'Ciste téarnaimh Covid-19 £1.4 milliún fógartha ag Glór na nGael'