Cinneadh fós le déanamh faoi mharcanna bónais do chúrsa nua Gaeilge na hArdteiste – an tAire Oideachais

Tá saineolaithe go leor den tuairim gurb é an teip a bheidh i ndán don chúrsa nua Gaeilge do chainteoirí líofa mura mbíonn marcanna breise le fáil as tabhairt faoi

Cinneadh fós le déanamh faoi mharcanna bónais do chúrsa nua Gaeilge na hArdteiste – an tAire Oideachais

Tá ráite ag an Aire nua Oideachais Norma Foley le Tuairisc.ie nach bhfuil aon chinneadh déanta fós aici maidir le cé acu an mbeidh nó nach mbeidh pointí bónais ar fáil chun spreagadh a thabhairt do dhaltaí Ardteiste tabhairt faoin gcúrsa nua Gaeilge atá á fhorbairt do chainteoirí líofa.

Tá dhá chúrsa nua á bhforbairt faoi láthair ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA) don Ghaeilge san Ardteist, cúrsa níos dúshlánaí do chainteoirí dúchais agus cainteoirí líofa eile agus cúrsa do dhaltaí eile na tíre.

Ach tá saineolaithe go leor den tuairim gurb é an teip a bheidh i ndán don chúrsa nua Gaeilge do chainteoirí líofa mura mbeidh marcanna breise ar fáil as tabhairt faoi.

Ó tharla gur thug an t-iar-aire oideachais Joe McHugh le fios cheana nach raibh marcanna breise san áireamh sa phlé a bhí á dhéanamh ar an gcúrsa nua, cuirfidh na saineolaithe sin fáilte roimh an scéala nach bhfuil an t-eiteach ar fad tugtha don mholadh.

Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt an tAire Foley gur “gnó casta” atá i bhforbairt na gcúrsaí nua agus sa cheist faoi conas “spreagadh” a thabhairt do dhaltaí i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge an cúrsa níos dúshlánaí a dhéanamh.

Dúirt an tAire Oideachais le Tuairisc.ie go raibh oifigigh a Roinne agus an NCCA “ag breithniú raon saincheisteanna” maidir le bunú na gcúrsaí nua Gaeilge agus nach raibh aon chinneadh déanta go fóill “maidir le pointí bónais a thabhairt isteach” mar spreagadh “chun staidéar ar an tsonraíocht T1 a chur chun cinn”.

Tá COGG ar cheann de na heagrais oideachais a bhfuil amhras mór orthu faoi rath an chúrsa nua cheal luach saothair a bheith le fáil as. Chuir Cathaoirleach COGG Dónal Ó hAiniféin an t-amhras sin in iúl ag cruinniú de choiste Oireachtais anuraidh.

Deirtear i dtaighde a rinne Lárionad Gaeilge Ollscoil Mhá Nuad faoi chúrsa Gaeilge na hArdteiste gur ceist mhór í ceist an éilimh a bheidh ar an gcúrsa nua Ardteiste do scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge.

“An féidir nach mbeidh fonn ar dhaltaí tabhairt faoin scrúdú is dúshlánaí mura bhfuil buntáiste breise ann dóibh?” a fhiafraítear sa tuarascáil Leasuithe ar Scrúdú Gaeilge na hArdteistiméireachta: Anailís ar a dTionchar.

Tá an dara siollabas Gaeilge don Ardteist á éileamh le fada an lá. Tá saineolaithe oideachais éagsúla den tuairim go dteastaíonn dúshlán níos mó ó chainteoirí dúchais agus cainteoirí líofa eile má táthar chun forbairt a dhéanamh ar a scileanna teanga.

Cúrsa atá á éileamh a mbeadh an dúshlán agus an fhorbairt phearsanta chéanna ag baint leis is a bhaineann, mar shampla, leis an siollabas ardleibhéil Béarla.

Fág freagra ar 'Cinneadh fós le déanamh faoi mharcanna bónais do chúrsa nua Gaeilge na hArdteiste – an tAire Oideachais'

  • Pól Ó Braoin

    Tá mé ag iarraidh seo a thuiscint i gceart. Scrúdú éasca do dhream A agus scrúdú i bhfad níos deacra do dhream B ach tabharfar na marcanna céanna ar an dá scrúdú… bhuel is cainteoirí líofa iad dream B ach ná bí ag déanamh amach go bhfuil siad chomh craiceáilte sin agus tabhairt faoin rogha dheacair scrúdaithe…