Ciarraíoch ag lapadaíl trí scéalta agus brionglóidí mhuintir na Gaillimhe

Cé gur dóigh liom gur chuaigh míreanna áirithe sa bhfraoch in Town of Strangers is saothar stuifiúil lán machnaimh atá anseo 

Ciarraíoch ag lapadaíl trí scéalta agus brionglóidí mhuintir na Gaillimhe

Baineann Treasa O’Brien leas as ráiteas Leo Tolstoy agus cur síos á dhéanamh aici ar bhunús a saothair Town of Strangers (atá ar fáil ar shuíomh Institiúid Scannánaíochta na hÉireann). Dar leis an Rúiseach tosaíonn an litríocht is fearr le duine ag imeacht ar thuras nó strainséir ag teacht ’on dúthaigh. Tá turais is strainséirí i gceartlár an tsaothair is déanaí ón gCiarraíoch, saothar ar deacair lipéad a chur air. Meascán de chlár faisnéise agus drámaíocht nó clár faisnéise faoi dhéanamh scannáin. 

Agus í ag taisteal is ag maireachtaint ina seanghliogar de mhótar, sí Treasa an strainséir a thagann ’on dúthaigh. Sé Gort Inse Guaire a ceann scríbe. Tá sí ag tarraingt ar an mbaile le blianta agus faoi dheireadh chinn sí scannán a dhéanamh ann. An dá rud is suaithinsí faoin mbaile, dar léi, ná go bhfuil sé ar an mbaile is mó ciníocha in Éirinn ó thaobh daonra agus go raibh sé ar an gceantar is measa a bhí buailte ag an gcúlú eacnamaíochta.

Fógraíonn sí go bhfuil éisteachtaí poiblí ar siúl in Halla an Bhaile agus vae linn. Le cathaoir uillinne buailte fé i seit bunúsach iarrann sí ar iarrthóirí a gcuimhní cinn, bréaga, ráflaí agus ábhar brionglóidí a eachtraí. Cuireann scannánú breathnaitheach breis feola ar chnámha na n-agallamh. 

Príomhláidreacht an tsaothair ná go n-éiríonn léi rannpháirtithe 

mealltacha, ionraice agus deisbhéalacha a mhealladh chun na cathaoireach. Lucht na Brasaíle, na Siria, na hAfganastáine, lucht Shasana agus muintir an bhaile féin ag déanamh faoistine. 

Dhá mhaidhm inimirce a d’athraigh comhdhéanamh an bhaile, hipithe atá ag triall ar an mbaile le blianta fada le bheith i gceantar Bhoirne agus an dream, lucht na Brasaíle ach go háirithe, a thosaigh ag teacht ’on dúthaigh i rith an Tíogair le dul ag obair i dtionscal na feola. Saol malartach á chaitheamh ag Diana Rogerson le blianta is í buailte fúithi i mbus atá feistithe amach aici. Doicheall uirthi maireachtaint i dtigh mar ná beadh sé chomh cluthair céanna. Dúirt Ralf Perkins lena chailín go raibh sé le turas a thabhairt ar Éirinn ar feadh trí seachtaine, b’in seacht mbliana déag ó shin. 

Ansin tá an dream a tháinig ina ndiaidh, cuid mhaith acu ag teitheadh ó fhoréigean is cruatan. Deir Hamid linn gur tháinig sé an tír fé thóin leoraí gan aon tuiscint ar an áit ná ar an teanga choimhthíoch. É ag teitheadh ó chorraíl na hAfganastáine. É fós míshocair ann féin. Ní féidir filleadh, is deacair fanacht. Tá an téama le sonrú i gcaint mhórán. Iad buíoch a bheith anseo ach tá an croí sa bhfód dúchais.

D’fhéadfaí clár ann féin a dhéanamh ar Rosa. Bhí leanbh aici nuair a bhí sí cúig bliana déag agus b’éigean di í a fhágaint fé chúram a máthar féin. Iad scartha ar feadh na mblianta ach athmhuintearas déanta le blianta anuas. “An bronntanas is fearr ó Dhia” greanta aici ar a cos mar cheiliúradh ar an teacht le chéile. Í ag caint linn go tuisceanach, ionraic le blas na Gaillimhe measctha le blas na Brasaíle. 

Cé gur dóigh liom gur chuaigh míreanna áirithe sa bhfraoch agus gurbh fhearr a bheith fanta le heachtraíocht na gcarachtar is saothar stuifiúil lán machnaimh atá anseo. 

Fág freagra ar 'Ciarraíoch ag lapadaíl trí scéalta agus brionglóidí mhuintir na Gaillimhe'

  • Róisín Sheehy

    Tar éis dom an léirmheas seo a léamh d’fhéach mé ar Town of Strangers. Thaitin sé liom. Lón machnamh cinnte. Róisín