Ciarraí ‘saor’ ó Covid-19 agus é 28 lá gan aon chás nua den choróinvíreas

Níor aimsíodh cás nua i gcontae Chiarraí le 28 lá anuas, a dhá oiread níos faide ná an tréimhse choraintín coicíse a mholtar ionas nach scaipfidh duine an galar

Ciarraí ‘saor’ ó Covid-19 agus é 28 lá gan aon chás nua den choróinvíreas

Tá beagnach dhá mhí ann ó deimhníodh cás nua den ghalar Covid-19 i gCiarraí, de réir na staitisticí is deireanaí ón Roinn Sláinte.

Níor aimsíodh cás nua sa chontae le 28 lá anuas, a dhá oiread níos faide ná an tréimhse choraintín coicíse a mholtar ionas nach scaipfidh duine an galar.

Bhí 308 cás deimhnithe i gCiarraí ag meán oíche Dé Domhnaigh, an 17 Bealtaine, agus b’amhlaidh an scéal ceithre seachtaine níos déanaí, Dé Domhnaigh seo caite, an 14 Meitheamh.

De réir staitisticí ó Fheidhmeannacht na Seirbhisí Sláinte, níl an galar Covid-19 ar othar ar bith atá ag fáil cóir leighis in Ospidéal Ollscoile Chiarraí i dTrá Lí faoi láthair.

Bhí tréimhsí ann i gcontaetha eile nuair nár tháinig aon ardú ar líon na gcásanna deimhnithe den choróinvíreas ar feadh roinnt laethanta ach is i gCiarraí atá an tréimhse is faide sa tír.

De réir an eolais is deireanaí ón Roinn Sláinte, níor tháinig aon ardú ar líon na gcásanna sna contaetha Gaeltachta Dé Domhnaigh seo caite, an 14 Meitheamh, an chéad uair go bhfuil sé sin tarlaithe le breis agus mí.

Níl aon chás nua aimsithe i bPort Láirge le deich lá anuas. Bhí 154 cás aimsithe sa chontae ar an 3 Meitheamh agus níl ardú tagtha ar an bhfigiúr ó shin.

Bhí tréimhse coicíse ann i nDún na nGall, idir an 28 Bealtaine agus an 10 Meitheamh, nuair nár tháinig aon ardú ar líon na gcásanna deimhnithe sa chontae ach aimsíodh cás nua den choróinvíreas ann Déardaoin seo caite, an 11 Meitheamh. Tá 470 cás aimsithe i nDún na nGall ó thús na paindéime.

Chuaigh Maigh Eo beagnach coicís gan aon chás nua chomh maith ach, arís, aimsíodh cúpla cás nua ann le roinnt laethanta anuas, rud a d’fhág go bhfuil 572 cás deimhnithe sa chontae.

Níl aon chás nua aimsithe i gCorcaigh ná i gcontae na Mí le ceithre lá anuas agus tá trí lá ann ó aimsíodh ceann nua i nGaillimh.

Fág freagra ar 'Ciarraí ‘saor’ ó Covid-19 agus é 28 lá gan aon chás nua den choróinvíreas'

  • Seamus

    Tá Sligeach ar bharr an liosta. Nor aimsiodh cás nua le beagnach mí anois

  • Seamus

    Bhí an ceart agat.Tá bron orm