Ciarraí ag triall ar Chaisleán an Bharraigh agus tástáil chrua eile i ndán do Thír Eoghain

Caitheann Tuairisc.ie súil chun cinn ar na cluichí móra peile i Roinn 1 na sraithe náisiúnta

Ciarraí ag triall ar Chaisleán an Bharraigh agus tástáil chrua eile i ndán do Thír Eoghain

Paul Geaney agus Aidan O'Shea. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Maigh Eo v Ciarraí

Caisleán an Bharraigh

1pm (Dé Domhnaigh)

Is mór an t-athrú atá tagtha ar chúrsaí ón uair dheireanach ar chas peileadóirí Mhaigh Eo agus Chiarraí ar a chéile sa tsraith. Is i bPáirc an Chrócaigh a bhí siad an uair sin nuair a d’éirigh le foireann James Horan cluiche ceannais Roinn 1 a thabhairt leo mí an Mhárta seo caite.

Anois, is ag díriú ar a háit a choinneáil sa phríomhghrád atá foireann Mhaigh Eo agus bua ag teastáil chun cúrsaí a shocrú.

Bhí drochthoradh acu i gCluain Eois an deireadh seachtaine seo caite nuair a fuair Muineachán an ceann is fearr orthu le naoi bpointe. Is beag a bhí idir na foirne sa chéad leath ach bhí rith an ráis le Muineachán sa dara leath nuair a d’íoc Maigh Eo go daor as a n-easpa smachta.

Cuireadh Jordan Flynn agus Pádraig O’Hora den pháirc sa cheathrú uaire dheireanach agus d’aimsigh Kieran Duffy cúl cinniúnach do Mhuineachán sa tréimhse chéanna sin.

Chinn sé ar Mhaigh Eo dóthain deiseanna scórála a chruthú sa chluiche agus is cinnte go bhfuil siad ag streachailt leis an ngné sin den imirt agus Cillian O’Connor, Jason Doherty, James Carr agus tuilleadh nach iad fós ar iarraidh.

Beidh James Horan sásta gur éirigh go maith le Darren Coen ar a laghad agus áit bainte amach ag fear Chaisleán an Bharraigh ar an bhfoireann arís. Scóráil Coen trí phointe i gCluain Eois agus más le Maigh Eo an beart a dhéanamh tráthnóna, beidh taispeántas maith eile ag teastáil uaidh.

Údar dóchais amháin atá ag Maigh Eo ná gur aimsíodh bearnaí i gcosaint Chiarraí go dtí seo sa tsraith. Cé gurbh í foireann na Mí an ceann ba laige i Roinn 1 go dtí seo i mbliana, d’éirigh leo ceithre dheis ar chúl a chruthú in aghaidh Chiarraí agus aimsíodh péire acu.

Ní haon chabhair é do Chiarraí go bhfuil siad ag streachailt i lár na páirce faoi láthair. Níor éirigh rómhaith le Jack Barry ná le Liam Kearney an lá faoi dheireadh i gCill Airne. Tá Adrian Spillane gortaithe i gcónaí ach d’fhéadfaí Tommy Walsh nó Diarmuid O’Connor a chur lár an ghoirt i gCaisleán an Bharraigh.

Bíonn sé deacair ag foirne an ceann is fearr a fháil ar Mhaigh Eo i bPáirc Mhic Héil ach féach go ndearna Ciarraí go maith ann le blianta beaga anuas.

Bhuaigh fir na Ríochta ar Mhaigh Eo ann in 2016 agus arís in 2018. Nuair a chuirtear an greadadh a thug Ciarraí dóibh sa chraobh anuraidh sa gcomhaireamh, beidh lucht tacaíochta Mhaigh Eo ag súil go múinfear ceacht do Chiarraí.

Tá Maigh Eo lag faoi láthair, áfach, agus má éiríonn le tosaithe Chiarraí an ceann is fearr a fháil ar a gcéilí comhraic, ba cheart go mbeadh fir na Ríochta buacach arís i gCaisleán an Bharraigh.

Rogha Tuairisc.ie: Ciarraí

Michael McKiernan agus Seán Bugler. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Tír Eoghain v Áth Cliath

An Ómaigh

7.15pm (Beo ar eir Sport)

Ní fada a mhair an t-ardghiúmar a bhí ar lucht na peile i dTír Eoghain. Coicís ó shin, bhí siad tar éis an ceann is fearr a fháil ar Chiarraí, bhí sé fógartha ag Conor McShane go raibh sé chun fanacht sa bhaile agus bhí caint ann go dtabharfadh Conor McKenna a chúl leis an AFL.

In olcas a chuaigh rudaí ó shin. Thug Gaillimh an greadadh is measa a fuair Tír Eoghain faoi cheannas Mickey Harte dóibh Dé Domhnaigh seo caite, chuir McShane a rúitín as alt sa chluiche céanna agus tá gach cuma ar an scéal go mbeidh McKenna ag filleadh ar an Astráil an tseachtain seo chugainn.

Mar bharr ar an mí-ádh, caithfidh siad aghaidh a thabhairt anois ar sheaimpíní na hÉireann, Áth Cliath.

Chuir Tír Eoghain tús cuibheasach maith leis an gcluiche i dTuaim ach ní raibh siad in ann ag an luas a bhí ag imreoirí na Gaillimhe ina dhiaidh sin. Bhí siad i dtrioblóid fiú sular cuireadh Kieran McGeary den pháirc tar éis leathuair an chloig agus faoin am gur díbríodh Frank Burns sa dara leath, bhí a rás rite.

Beidh feabhas éachtach ag teastáil tráthnóna, cé nach bhfuil foireann Átha Cliath i mbarr a maitheasa i láthair na huaire.

Bhí an t-ádh leo an ceann is fearr a fháil ar Dhún na nGall an deireadh seachtaine seo caite nuair a fuair Paul Mannion cúl na cinniúna tar éis do chúl báire na gConallach, Shaun Patton, botún a dhéanamh.

Bhí ar Áth Cliath teacht aniar a dhéanamh i gcoinne Mhuineacháin chomh maith an tseachtain roimhe sin ach ba cheart go mbeadh an lámh in uachtar acu ar Thír Eoghain ó thús an chluiche anocht.

Rogha Tuairisc.ie: Baile Átha Cliath

Fág freagra ar 'Ciarraí ag triall ar Chaisleán an Bharraigh agus tástáil chrua eile i ndán do Thír Eoghain'