Ciana Ní Churraoin – an seaimpín domhanda as Cois Fharraige

I dtús na míosa seo bhuaigh an bhean óg as Cumann Mhicheál Breathnach i gCois Fharraige Craobh Shinsearach na hÉireann – an chéad seaimpín riamh as Cúige Chonnacht

Ciana Ní Churraoin – an seaimpín domhanda as Cois Fharraige

Dhá bhliain déag d’aois a bhí Ciana Ní Churraoin nuair a thagair An Curadh Connachtach dá cumas – cúpla líne sna nótaí áitiúla go raibh sí ar fhoireann chailíní na Gaillimhe a bhuaigh craobh na liathróide láimhe ag babhtaí ceannais náisiúnta na gCluichí Pobail.

Sa mbliain 2008 a tharla sin. Deich mbliana dár gcionn ba í Ciana Seaimpín an Domhain (Faoi 23) agus bhain an babhta leathcheannais amach sa gcraobh shinsir. I dtús na míosa seo bhuaigh an bhean óg as Cumann Mhicheál Breathnach i gCois Fharraige Craobh Shinsearach na hÉireann – an chéad seaimpín ariamh as Cúige Chonnacht.

Idir eatarthu, thaistil sí an tír seo ar dtús, agus ansin na Státaí ag carnadh coirn agus craobhacha lena club agus le hOllscoil Minnesota, áit freisin ar bhain sí céim mháistreachta amach sa tSíceolaíocht Spóirt.

Lena chois sin, d’imríodh sí camógaíocht agus peil le Micheál Breathnach agus í chomh hoilte ar na spórtanna sin gur chaith sí geansaí na Gaillimhe ag chuile ghrád sna códanna sin nach mór. Bhí sí ar fhoirne peile na mionúr a bhuaigh Craobh na hÉireann in 2013 agus in 2014 – ba dhá chúl a scóráil sí sa dara babhta ceannais acu sin a chinntigh a mbua ar Chorcaigh.

Ar na foirne sin léi bhí Nicola agus Louise Ward agus Olivia Divilly, laochra móra na Gaillimhe sa lá atá inniu ann.

Cúpla bliain ó shin agus í ag imirt peile lena club stróiceadh an ballnasc croiseach tosaigh (ACL) ina glúin. Tuigeann muid ar fad faoi seo gurb é sin an gortú is mó a mbíonn faitíos ag lúthchleasaithe ina thaobh. Ní bhítear in ann dul i mbun iomaíochta arís go ceann bliana go leith dá bharr – ní bhíonn cuid acu in ann filleadh beag ná mór, daoine eile a thagann ar ais ach nach mbíonn chomh lúfar agus a bhíodar.

Nuair a bhisigh Ciana Ní Churraoin ba é an chéad mhaith eile a rinne sí Craobh an Domhain sin a bhuachan in 2018.

Agus í ag freastal ar Choláiste na Coiribe i gCnoc na Cathrach agus ina dhiaidh sin ar Ollscoil Luimnigh, bhuaigh Ciana a raibh le buachan sna comórtais dara agus tríú leibhéal

Nuair a thug cóitseálaí Ollscoil Minnesota cuairt ar institiúidí tríú leibhéal na tíre seo ag earcú imreoirí liathróide láimhe, thug sé le fios do Chiana go raibh scoláireacht ar fáil agus go raibh Máistreacht i Síceolaíocht an Spóirt ar cheann de na céimeanna a bhí ar tairiscint. Ghlac sí leis – an dá rud ab ansa léi pacáilte go deas le chéile in aon bheairtín amháin.

Ní raibh sí baileach tagtha as an ngortú ACL nuair a thosaigh sí ar an gcúrsa i Minnesota i bhfómhar na bliana 2018. Mar sin féin dhírigh sí isteach ar a cuid staidéir agus ar oiliúint a thabhairt do scoláirí bunscoile in abhantrach MSU – rud atá i gceist faoi chlár na hollscoile agus iad ag iarraidh an liathróid láimhe a chur chun cinn sa gceantar.

Agus í ar ais i mbarr a maitheasa, bhí sí páirteach i gComórtais na nOllscoileanna sna Stáit Aontaithe. Eatarthu sin agus na cinn a bhíonn ar siúl faoi mhaoirseacht na heagraíochta náisiúnta, The United States Handball Association, thaistil sí Meiriceá agus Ceanada fré chéile. Ba lena linn siúd a ghéaraigh an iomaíocht idir Ciana agus Caitríona Casey.

Roinnt blianta ó shin bhaist an Irish Times “the two Katie Taylors of Irish handball” ar Chaitríona agus ar Aisling Reilly as Béal Feirste, a bhuaigh Craobh an Domhain in 2012 agus arís in 2015 nuair a bhuaigh sí ar an gCathasach i gCeanada.

Ar an bpolaitíocht is mó a dhíríonn Reilly na laethanta seo, Gaeilgeoir líofa a toghadh mar bhall de Thionól Thuaisceart Éireann ar son Pháirtí Shinn Féin arú anuraidh.

As Baile Dheasumhan i gCorcaigh í an Cathasach a bhfuil Craobhacha Domhanda ina seilbh chomh maith le leathdhosaen craobhacha de chuid na hÉireann. Le gairid, dúirt Dave Vincent, saineolaí liathróid láimhe sna Státaí fúithi. “there is no other more celebrated professional handball player in our history”.

Comórtas gairmiúil a bhí sa gceann a bhuaigh sí i Texas nuair a dúirt Vincent an méid sin. Bíonn a leithéid ar bun ar fud Mheiriceá go rialta agus téann Éireannaigh anonn chucu. Ach is múinteoir bunscoile i Scoil Pheadair i mBaile Phib i gcathair Bhleá Cliath í Caitríona freisin.

Agus an bheirt acu ag iomaíocht i spórt inar beag go leor atá an gasra atá ag saothrú ag an leibhéal is airde, ní hiontas gur minic a d’imir Caitríona agus Ciana a chéile ó bhíodar ina ndéagóirí. Tá mé ag dul amú nó chonaic mé gur dhúirt an bhean as Cois Fharraige go raibh ar a laghad scór ócáidí i gceist.

Ba ag an gCathasach a bhí an bua ar chuile ócáid acu sin nó go dtáinig an ceann is deireanaí – babhta ceannais Chraobh na hÉireann i nDún an Rí coicís ó shin.

B’ábhar iontais go mba í Ciana a bhuaigh an chéad chluiche 2-12 agus go ndeachaigh sí chun cinn 7-1 sa dara ceann. Nuair a tháinig Caitríona ar ais gur bhuaigh 21-19, bhí an chuma ar an scéal nach raibh aon athrú le theacht ar an roth.

Ach bhí.

Níor cheadaigh an Curraoineach ach trí phointe don seaimpín reatha i gcluiche na fola.

Ar a haistear aduaidh agus an corn ina seilbh aici, tá mé cinnte gur chuimhnigh Ciana orthu siúd a thug na deiseanna ba thúisce di sa gcluiche is ansa léi. Jimmy Joe Shéamuis Ó Fátharta agus Timín Joe Tim Ó Curraoin, beirt chrann taca Chumann Mhicheál Breathnach a d’oil agus a threoraigh í ón gcéad lá ar chrom sí le dul isteach sa bpinniúr atá acu i nGleann an Chnoic.

Bhí sí sna Státaí nuair a chuaigh Timín ar shlí na fírinne taca an ama seo dhá bhliain ó shin. An uair sin dúirt mé go raibh poll nach líonfar choíche fágtha ag a bhás ina cheantar dúchais.

Níl aon dabht ach gur choinnigh sé súil ar imeachtaí Dhún an Rí agus ar a turas abhaile as an nead atá anois aige sa ríocht ina bhfuil sé.

Fág freagra ar 'Ciana Ní Churraoin – an seaimpín domhanda as Cois Fharraige'