Ba chóir go ndéanfadh comhchoiste Dála iniúchadh cuimsitheach neamhspleách ar a bhfuil déanta chun feidhm a thabhairt don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, dar le hIar-Aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív.
Ag tagairt dó do mholadh Uí Chuív, thug urlabhraí Aire Stáit na Gaeltachta le fios do Tuairisc.ie go gcuirfeadh an tAire Joe McHugh “fáilte roimh aon iniúchadh neamhspleách ar an dul chun cinn chun dáta” atá déanta maidir le cur i bhfeidhm na Straitéise.
Dúirt Éamon Ó Cuív le Tuairisc.ie go raibh gá le scagadh neamhspleách a dhéanamh ar “gach líne de gach leathanach den Straitéis, ó leathanach a haon go dtí an leathanach deireanach”.
Dúirt an Teachta Dála ó Fhianna Fáil, a bhí ina Aire Gaeltachta nuair a dréachtadh an Straitéis, gur cheart go nglaofaí os comhair choiste Dála finnéithe ó gach uile roinn agus eagraíocht atá luaite le spriocanna na Straitéise chun go gceisteofaí iad faoin easpa dul chun cinn, dar leis, atá á dhéanamh maidir lena feidhmiú.
“Tá an straitéis geall le bheith iomlán marbh agus sinn ceithre bliana nó an cúigiú cuid den bhealach tríd. Beidh sé ródhéanach í a athbheochan mura ndéantar rud éigin faoi anois.
“Ní raibh sé i gceist riamh gur straitéis pobail a bheadh ann, ach sin atá tarlaithe.
Gan amhras bhí sé i gceist go mbeadh baint ag an bpobal leis an obair, go mbeidís ina lár, ach straitéis rialtais, ní straitéis pobail a bhí ann.”
Dar le Ó Cuív go bhfuil “biachlár à la carte” déanta den Straitéis agus nach bhfuil aon ghoile chun gnímh ag an Rialtas.
“Spriocanna rialtais trasrannach a bhí i gceist an chéad lá, spriocanna a gcaithfí cloí leo, ní spriocanna roghnacha do chuile dhuine.
“Ach tá cineál menu a lá carte déanta den Straitéis agus feictear domsa nár bhac siad leis an starter ná an príomhchúrsa, ná fiú leis an milseog féin. Cúpla briosca leis an tae – sin uile atá roghnaithe acu. Níl gníomhaíocht dá laghad á dhéanamh ag an Rialtas.”
Ní aontaíonn Aire Stáit na Gaeltachta leis an dearcadh go bhfuil an Straitéis “geall le bheith marbh”.
“Is ar an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta atá an fhreagracht uileghabhálach an Straitéis a chomhordú agus a chur i bhfeidhm i gcomhar le réimse mór páirtithe leasmhara. Tá an dul chun cinn suntasach atá déanta ar chur i bhfeidhm na Straitéise le feiceáil ar shuíomh idirlíon na Roinne,” a dúirt urlabhraí na Roinne Gaeltachta.
Eoin Ó Riain
Tá coiste faoin Straitéis 20 Bl ann cheanna féin ag an Oireachtas (An Fochoiste um an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030 agus Rudaí Gaolmhara) ach aon uair a bhreathnaigh mise isteach ag cruinniú is beag de bhaill an choiste sin a bhí i láthair.
Bhí daoine nach baill iad mar Éamon Ó Cuív, nó Trevor Ó Clochartaigh ach seachas Lábhrás Ó Murchú agus Peadair Tóibín ní raibh na baill eile ann.
Seo h-iad nach bhfaca mise riamh ann:
An Teachta Micheál Mac Carthaigh
An Teachta Caoimhín Mac Unfraidh
An Seanadóir Fiach Mac Conghaíl
An Seanadóir Hildegarde Ní Neachtain
Ní nach íonadh a chuireann Joe McHurg fáilte roimh an “moladh” seo nuair a feictear cé chomh “éifeachtach” is atá an choiste atá ann. An mbeadh coiste Dála níos éifeachtaí!
Mar a dúirt Seán Ó Cuirreáin nuair a bhí sé ós comhair an Choiste beagnach bliain ó shin:
“An bhfuil, mar sin, an Straitéis á cur i bhfeidhm? Níl a fhios agamsa. Agus, i gcead daoibh mar Fhochoiste, ní shílim go bhfuil a fhios agaibhse ach an oiread mar nach bhfuil aon iniúchadh ná léirmheastóireacht neamhspleách á dhéanamh ar fheidhmiú na Straitéise.
Féin-mheastóireacht amháin atá i gceist agus ón taithí atá agamsa agus ag m’Oifig le 10 mbliana anuas i mbun iniúchadh ar scéimeanna teanga na n-eagras Stáit, is beag tábhacht nó luach atá le cur i ndeireadh na dála ar fhéin-mheastóireacht. In aon réimse den saol is deacair iontaofacht a chur i léirmheas ó pháirtithe leasmhara, ach os a choinne sin, tá ríthábhacht le fianaise atá bunaithe ar thaighde. Tá rud eile foghlamtha againn in imeacht na mblianta – go bhfuil bunús leis an fhrása “what gets measured, gets done!” Mura bhfuil iniúchadh agus meastóireacht neamhspleách á dhéanamh, ní chreidim gur féidir le haon duine barántas a thabhairt faoin fheidhmiú.”
I bhfocal gonta John Walsh, “Is geall le corpán an Straitéis 20 Bliain anois agus tá an Ghaeilge níos imeallaí ná riamh sa státseirbhís”.
An ndéanfadh coiste eile iniúchadh, caint nó comhrá ag poiliteoirí difríocht ar bith nó an gcuirfeadh sé moill eile ar chúrsaí.
“…tic-toc, tá an t- am ag sleamhnú agus más fíor gur go mall a mheileann muilte Dé, is léir gur níos moille fós a mheileann muilte an státchórais, go speisialta i réimse na teanga….”
Donncha Ó hÉallaithe
Aontaím leis an anailís atá déanta ag Eoin. Ní fiú a bheith ag caitheamh ama agus fuinneamh amú ag iarraidh ar an rialtas an Stráitéis Fiche Bliain a chur i bhfeidhm.
Ón tús bhí an stráitéis lochtach: spriocanna gan chiall nach bhféadfaí a bhaint amach, gan aon bhunús eolaíoch taobh thiar dóibh. Ach bhí na páirtithe polaitíochta uilig sa Dáil ag fáiltiú roimhe, fiú amhain Sinn Féin! Ní raibh i gceist leis an Stráitéis ach a bheith mar leithscéal ag an státchóras gan aon cheo fiúntach a dhéanamh.
Tá sé in am do lucht na Gaeilge, a stráitéis féin a chur le chéile le spriocanna réadúla a bhaint amach agus ansin feachtas leanúnach a chur ar bun leis an mbrú a choinneáil ar an státchóras.