Tar éis bháis i bhFreiburg na Gearmáine, tá an tOllamh Hildegard L. C. Tristram, scoláire mór de chuid an tSeanBhéarla agus na SeanGhaeilge.
Is mar shaineolaí ar litríocht na Sean- agus na Meán-Ghaeilge is mó a bhain sí cáil amach in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.
Bhí suim ar leith aici sa seachadadh téacsúil agus sa léargas a thugtar sa tseanlitríocht ar an tuiscint a bhí ag na Gaeil orthu féin.
Rinne sí an obair chéadach ar mhóreipic na Sean-Ghaeilge Táin Bó Cuailnge ina cáil mar stiúrthóir ar an togra taighde a chuir sí ar bun in Ollscoil Freiburg im Breisgau in 1985 – Mündlichkeit und Schriftlichkeit in der frühen irischen Literatur, mit besonderer Berücksichtigung des Rinderraubes von Cuailnge (An béal beo agus an focal scríofa i seanlitríocht na Gaeilge, go háirithe in Táin Bó Cuailnge).
Mar bhaill den togra sin, cuireadh oiliúint in Quellenkritik ghéarchúiseach na nGearmánach ar scoláirí óga de chuid an Léinn Cheiltigh a seoladh chun na Gearmáine ó lár na n-ochtóidí i leith.
Ar na leabhair a chuir sí amach faoi litríocht na Meánaoise in Éirinn, tá Studien zur Táin Bó Cuailnge, Text und Zeittiefe, agus (Re)Oralisierung.
Scríobh sí lámhleabhar toirtiúil ar an Táin, a bheas á fhoilsiú amach anseo ag an bhfoilsitheoir Gearmánach Curach Bhán.
”Scoláire nach raibh faitíos dá laghad uirthi na cruacheisteanna cearta a chur i dtaobh na seanlitríochta agus a chuimhnigh ar cheisteanna nár léir dúinn féin in Éirinn,” an cur síos a rinne scoláire amháin uirthi.
”Chuir sí ag cuimhneamh muid ar na bealaí nua, ar na modhanna nua, ar an meon nua a theastaigh le tuiscint cheart a fháil orainn féin agus ar ár litríocht,” arsa scoláire eile.
D’fhág sí comaoin nach beag ar léann na Meánaoise in Éirinn agus ar litríocht na Gaeilge go mór mór; bhronn Ollscoil na hÉireann dochtúireacht oinigh uirthi in 2008 as a dua is dícheall.
Maireann a fear, a clann mhac, agus a garchlann. Go dtuga Dia foscadh na bhFlaitheas dá hanam uasal.
Poraic o'hEipicín
Ar dheis Dé go raibh a h-Anam uasal.
Seán Ó hAodha
Is sa Mór Roinn is fearr a thuigtear tábhacht na seanGhaeilge ná mar a thuigtear abhus sa domhain Anglalárnach.
Níl tagairt dá laghad dos na foinsí SeanGhaeilge i bhfoclóir NuaGhaeilge ar bith gan trácht ar Lochlannais, Laidin, Fraincis srl.