Chuir Makazole Mapimpi cloch eile sa mbearna, ach tá tógáil go leor le déanamh fós

Ceithre bliana fichead ón am ar tógadh an grianghraf cáiliúil de Nelson Mandela agus Francois Pienaar tá fadhbanna móra san Afraic Theas i gcónaí

Chuir Makazole Mapimpi cloch eile sa mbearna, ach tá tógáil go leor le déanamh fós

Faf de Klerk, Lukhanyo Am agus Makazole Mapimpi. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Ceithre bliana fichead ón am ar tógadh an grianghraf cáiliúil de Nelson Mandela  agus Pienaar is beag suim atá ag an gcine dubh san Afraic Theas (80% den daonra) i gcluiche an rugbaí

Feicim go bhfuil sé ráite ag Francois Pienaar gurb í a thuairim féin gur thábhachtaí bua na hAfraice Theas i gCluiche Ceannais Chorn an Domhain sa Rugbaí an tseachtain seo caite ná an uair ar bhronn Nelson Mandela Corn Webb Ellis air féin i 1995. Tá súil agam go bhfuil an ceart aige, ach bheadh amhras orm.

D’fhág na polasaithe ciníocha a chuir rialtais agus na príomheagraíochtaí spóirt na tíre i bhfeidhm nár tugadh cead iomaíochta do na Springboks i gCoirn 1987 agus 1991. Ceithre bliana dár gcionn thug an grianghraf d’uachtarán den chine dubh ag caitheamh an gheansaí céanna leis an gcaptaen den chine geal dóchas don domhan mór go raibh ré nua ar leic na tairsí.

B’fhada uaidh sin.

Ní hé gur ceapadh go raibh an ócáid ná an ríméad a bhí le n-aithneachtáil ar Mandela agus ar Pienaar le hathrú a chur go tobann ar chúrsaí. Ní féidir éagóir dhá chéad bliain a leigheas thar oíche.

Nelson Mandela ag bronnadh Corn William Webb Ellis ar Francois Pienaar in 1995. Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Sa mbliain 1911 scríobh an South African Coloured Football Rugby Board chuig a gcomhghleacaithe sa Nua-Shéalainn ag fiosrú an bhféadfadh siad turas a thabhairt chun na tíre sin. Nuair a d’fhiosraigh na Nua-Shéalannaigh an scéal leis an South African Rugby Board, is é a dúradar siúd : “We do not have any dealings with them.”

Leathchéad bliain dár gcionn tugadh cuireadh d’Uachtarán Chomhairle Oilimpeach na hAfraice Theas chuig cruinniú ag a rabhthas ag iarraidh Coiste Oilimpeach a bhunú a bheadh glan ar an gciníochas. D’fhreagair an Ginearál HB Klopper gur chuig an séipéal amháin ba ghnách leis a dhul ar an Domhnach.

Ainneoin gan aon séanadh a bheith acu ar an gciníochas, níor ceileadh cead iomaíochta sna Cluichí Oilimpeacha ar an Afraic Theas go dtáinig 1970. Ba ina dhiaidh sin arís a sheas eagraíochtaí eile spórt ina gcoinne. Féach gur thug foireann rugbaí na Leon cuairt ar an Afraic Theas i 1980, go raibh Éire ann an bhliain dár gcionn agus Sasana i 1984.

Is cuma cé chomh maith nó chomh dona agus atá cuimhne an duine, nó go deimhin chomh mór maith agus atá a chroí, ní féidir a bheith ag súil go leigheasfaidh croitheadh láimhe amháin éagóir na gcéadta bliain – agus níl ansin ach taobh an spóirt den scéal.

Aisling níos mó arís a bhí ann a bheith den tuairim go n-athródh Cluiche Ceannais Rugbaí an Domhain 1995 na céadta bliain de dhrochíde, de chos ar bolg, de chearta ceilte agus den éagothromaíocht.

Go deimhin tá siad ann a déarfadh gur chun donais atá cúrsaí imithe.

An lá sular chroch Siya Kolisi – an chéad chaptaen den chine dubh riamh ar fhoireann a thíre – an corn an tseachtain seo caite, d’fhógair an Banc Domhanda go mba í a dtuairim gur meath a thiocfadh ar eacnamaíocht na hAfraice Theas sa dá bhliain seo romhainn agus gur gearr uathu anois an ‘junk credit rating’ a raibh an ceol a chuaigh leis de ghlanmheabhair ag chuile dhuine sa tír seo achar gairid ó shin.

Chuile lá dúnmharaítear suas le 60 duine sa tír, déantar éigniú ar os cionn céad duine agus bíonn 200,000 duine gan dídean.

Bhí an té a bhí ina uachtarán ar an tír na deich mbliana seo caite ar dhuine acu siúd ar cuireadh éigniú ina leith – níor ciontaíodh é – agus bhí sé os comhair na cúirte freisin ar chúiseanna a bhain le cambheartaíocht agus caimiléireacht. Meastar gur chosain réimeas Jacob Zuma €80 billiún ar an tír a raibh sé ina ceannas.

Is féidir a rá mar sin féin go bhfuil dul chun cinn déanta i gcúrsaí spórt, go bhfuil an rugbaí lárnach ansin cé go mb’amhlaidh a cuireadh faoi deara dóibh sin a dhéanamh.

Leagadh síos cuótaí cine nuair a tugadh cead iomaíochta arís do na Springboks i 1992. Cé nach féidir a rá go bhfuil siad i bhfeidhm go hoifigiúil is cinnte go bhfuil méadú ar an líon imreoirí den chine dubh atá ar fhoirne réigiúnda na tíre agus ar an bhfoireann idirnáisiúnta.

Ach ní i gcónaí a oibríonn rialacha a bhaineann leis an éigeantas mar a léiríonn stair na teanga ina bhfuilim ag scríobh.

Cúpla bliain ó shin agus é ina phríomhchóitseálaí ar an Afraic Theas, dúirt Heyneke Meyer gur fhág córas na gcuótaí go raibh air imreoirí geala a raibh áiteacha tuillte acu a fhágáil i leataobh.

Inniu féin níl aon eagraíocht spóirt sa tír a sheasann agus a labhraíonn ar a son siúd gur beag atá acu. Is minic i gcluichí sa gcomórtas Super Rugby (clubanna as an Afraic Theas, an Astráil, an Nua-Shéalainn agus an tSeapáin) gur ag na cuairteoirí a bhíonn tacaíocht an chine dhuibh a bhíonn i láthair nuair a imríonn siad in Cape Town, in Pretoria, in Durban agus in Johannesburg.

Tarlaíonn sin mar ceithre bliana fichead ón am ar tógadh an grianghraf cáiliúil de Nelson Mandela agus Francois Pienaar gur beag suim atá ag an gcine dubh san Afraic Theas (80% den daonra) i gcluiche an rugbaí. Ní cluiche é a imrítear sna scoileanna poiblí. Nuair a fhéachann duine ar chásanna na n-imreoirí dubha a bhí ar dualgas don tír sa tSeapáin an mhí seo caite feicfidh tú go bhfuair a mbunáite scoláireachtaí chuig scoileanna ina mbaintear táillí amach.

Eisceacht ab ea Makazole Mapimpi a raibh geansaí uimhir 11 ar a dhroim. Bhí siúl 10k chun na scoile chuile mhaidin ar Mapimpi agus é ina leaid óg – 10k eile abhaile tráthnóna. Bhí sé 24 bliain d’aois nuair a fuair sé deis imirt go gairmiúil agus níor imir sé do na Sprinboks go dtáinig an séasúr seo caite. Scóráil sé leathdhosaen úd sa tSeapáin, ceann sa gcluiche ceannais ina measc.

Chuir Makazole cloch eile sa mbearna, ach tá tógáil go leor le déanamh fós.

Fág freagra ar 'Chuir Makazole Mapimpi cloch eile sa mbearna, ach tá tógáil go leor le déanamh fós'