Chuir an phaindéim isteach níos mó ar fhoghlaim na Gaeilge ná ábhair eile – tuarascáil

Deir polaiteoirí agus lucht teanga gur gá smaoineamh ar thacaíocht bhreise a chur ar fáil do theagasc na Gaeilge sna scoileanna mar gheall ar an lorg a d’fhág an phaindéim air

Chuir an phaindéim isteach níos mó ar fhoghlaim na Gaeilge ná ábhair eile – tuarascáil

Chuir an phaindéim isteach níos mó ar fhoghlaim na Gaeilge sna scoileanna ná mar a chuir sí isteach ar ábhair eile, a deirtear i dtuarascáil nua de chuid na Roinne Oideachais. 

Deirtear i Tuarascáil an Phríomhchigire 2016-2020, a foilsíodh an tseachtain seo, gur thug scoileanna “suntas” dó go raibh foghlaim na Gaeilge buailte “go díréireach” ag an bpaindéim agus páistí sa bhaile ag foghlaim ar líne de bharr na srianta sláinte.

Fuarthas amach, a deirtear sa tuarascáil, nach raibh “dóthain deiseanna” ag leanaí “cumarsáid a dhéanamh trí Ghaeilge agus a gcuid scileanna teanga a fhorbairt i gcomhthéacsanna cumarsáide fiúntacha”. 

Dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh gur scéal “tubaisteach” a bhí i gceist ó thaobh mhúineadh na Gaeilge agus nár mhór don Aire Oideachais agus don Aire Gaeltachta gníomh a dhéanamh ina leith. 

“Caithfidh siad a léiriú cad atá siad chun a dhéanamh chun tabhairt faoin dúshlán agus na daltaí seo chomh fada ar gcúl ar an áit gur chóir dóibh a bheith ó thaobh na Gaeilge de. Cén saghas áiseanna breise don Ghaeilge a chuirfidh an rialtas ar fáil sna blianta beaga amach romhainn chun na ranganna seo a bhí thíos leis an bpaindéim a thabhairt suas go caighdeán níos airde sula dtabharfaidh siad faoin Teastas Sóisearach agus an Ardteist? 

“Ba chóir freisin tuilleadh maoinithe a chur ar fáil, mar a mhol Sinn Féin sa bhuiséad malartach anuraidh don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, chun cur go mór le scoláireachtaí agus tacaíochtaí do choláistí samhraidh ionas go mbeidh deis ag na daltaí seo dul i dtaithí ar thimpeallacht lán-Ghaeilge..”

“Agus ní mór don rialtas cur chuige straitéiseach a chur i bhfeidhm chun deiseanna a chruthú Gaeilge a úsáid lasmuigh den seomra ranga, mar theanga labhartha bhríomhar don tsochaí go ginearálta agus do chaithimh aimsire, in áit í a bheith ina teanga scoile amháin,” arsa Aengus Ó Snodaigh, Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge gur gá smaoineamh ar thacaíocht bhreise a chur ar fáil do theagasc na Gaeilge sna scoileanna mar gheall ar an lorg a d’fhág an phaindéim air. 

“Ceann de na rudaí gur chóir dóibh machnamh a dhéanamh air freisin ná dlús a chur leis an scéim phíolótach FCÁT a cuireadh ar bun i roinnt bunscoileanna maidir leis an bpáirt-tumoideachas.”

Seoladh an scéim FCÁT (Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha) in 2019 nuair a roghnaíodh líon beag scoileanna chun Corpoideachas agus ábhair eile a theagasc trí Ghaeilge do leanaí.

“Luaitear sa tuarascáil gur cheart deiseanna níos mó a thabhairt do dhaltaí sásamh a bhaint as úsáid na Gaeilge agus sampla maith a bheadh anseo a bheadh ina bhuntáiste do na páistí,” a deir de Spáinn.

Tá imní léirithe ag an Roinn Oideachais sa tuarascáil nua faoi thorthaí foghlama na ndaltaí sa Ghaeilge i scoileanna Béarla.

Cé go léirítear sa tuarascáil go raibh teagasc na Gaeilge i mbunscoileanna Gaeltachta agus gaelscoileanna “go maith ar an iomlán” le blianta beaga anuas, deir Harold Hislop, Príomhchigire na Roinne Oideachais, gur “ábhar mór imní” atá i dtorthaí foghlama daltaí a bhí ag foghlaim na Gaeilge i mbunscoileanna Béarla an stáit.

D’fhoilsigh an Roinn Oideachais Tuarascáil an Phríomhchigire 2016-2020 inniu agus cur síos déanta inti ar chaighdeán an tsoláthair oideachais i scoileanna agus in ionaid oideachais eile in Éirinn ó Mheán Fómhair 2016 go Nollaig 2020. Tá an tuarascáil bunaithe ar nach mór 10,000 cigireacht a rinneadh le linn na gceithre bliana sin, chomh maith le hobair chomhairleach agus thaighde.

Dar le húdair na tuarascála, cé go raibh cáilíocht foghlama na scoláirí sa Ghaeilge go maith nó go han-mhaith i bhformhór na scoileanna, bhí sí i bhfad níb ísle ná na caighdeáin a baineadh amach i gcroí-ábhair eile. Mar shampla in iarbhunscoileanna an stáit, bhí an fhoghlaim go maith nó go han-mhaith i 76% de chigireachtaí na Gaeilge, i gcomparáid le 87% de chigireachtaí an Bhéarla agus 91% de chigireachtaí na Matamaitice.

Fág freagra ar 'Chuir an phaindéim isteach níos mó ar fhoghlaim na Gaeilge ná ábhair eile – tuarascáil'