Ceol ‘The Northern Fiddler’ ina ábhar mórtas cine i gclár nua ar TG4

Tugann ‘An Fhidil Bheo’, clár faisnéise nua ar TG4, léargas ar fhidléirí a bhain le Dún na nGall agus Tír Eoghain

Ceol ‘The Northern Fiddler’ ina ábhar mórtas cine i gclár nua ar TG4

Craolfar clár faisnéise nua an Domhnach beag seo faoi fhidléirí agus an traidisiún fidléireachta i nDún na nGall agus i dTír Eoghain.

Tá an clár bunaithe ar an leabhar mór faoin fhidléireacht The Northern Fiddler: Music and Musicians of Donegal and Tyrone, leis an údar Meiriceánach, Allen Feldham, agus an t-ealaíontóir agus an grianghrafadóir as Doire, Éamonn O’Doherty, a bhásaigh in 2011.

Bailiúchán scéalta, seanghrianghraf, pictiúr agus ceoil atá sa leabhar, a thugann léargas ar fhidléirí de chuid an chéid seo caite a bhain le ceantar Dhún na nGall agus Thír Eoghain, ina measc John Doherty, John Loughran agus Con Cassidy.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Deaglán Ó Mocháin, léiritheoir agus stiúrthóir An Fhidil Bheo: ceol An Northern Fiddler, gurb é an leabhar féin a mheall agus a spreag é chun tabhairt faoin chlár.

“Leabhar iontach suimiúil atá ann, tá pictiúr dubh agus bán den fhidléir aitheanta as Dún na nGall, John Doherty, ar an chlúdach agus é lán le seanghrianghraif, scéalta, léaráidí agus ceol.

“Seanfhidléirí, agus fir uilig iad, atá sa leabhar agus cailleadh ar fad iad taobh istigh de chúpla bliain ón am ar foilsíodh an leabhar i 1979.

“Bhí saol crua ag na fidléirí seo, bhí siad ar an imeall, taobh amuigh de John Doherty b’fhéidir. Ní raibh mórán suime sa cheol traidisiúnta agus níor tugadh mórán eolais ná níor deineadh mórán cainte faoin cheol a bhí á sheinm acu,” a dúirt Ó Mocháin.

Na fidléirí Con Cassidy agus John Doherty

Dúirt Ó Mocháin, bunaitheoir an chomhlachta teilifíse Dearcán Media i nDoire, gur “deis mhaith” a bhí i gcomóradh 40 bliain fhoilsiú an leabhair “léargas úr a thabhairt ar shaol na bhfidléirí agus ar an stíl cheoil ar leith a bhaineann le ceantar Dhún na nGall agus Thír Eoghain”.

“Ó tharla 40 bliain ann ó foilsíodh an leabhar, shíl mé gur ábhar maith cláir a bheadh ann amharc ar an stíl fidléireachta i dtuaisceart na tíre agus an leabhar a bheith mar bhunchloch ag an chlár,” a dúirt Mocháin.

Dúirt Ó Mocháin go raibh “oidhreacht thábhachtach eile” fágtha ag leabhar Feldham toisc gur spreag sé glúin óg fidléirí i gcúige Uladh ceol a gceantair féin a chothú.

Ar na fidléirí as Cúige Uladh a bheidh sa chlár, tá Mairéad Ní Mhaonaigh, Paddy Glackin, Dermot McLaughlin, Dermy Diamond, Maurice Bradley, Ellie Nic Fhionnlaigh, Dónal McCague, Maggie Maguire, Laura Kerr agus Conor Caldwell.

Deir Mairéad Ní Mhaonaigh, an ceoltóir aitheanta as Gaoth Dobhair, gur cúis “bhróid” agus “mórtas cine” atá sa leabhar An Northern Fiddler

“Rachadh sé go mór i bhfeidhm ort nach n-aithneofá go raibh rud éigin fiúntach againn anseo i nDún na nGall le tabhairt don domhan ó thaobh an cheoil de. Chuir sé mórtas cine ionam agus bród as mo chuid ceoil féin,” a deir Mairéad Ní Mhaonaigh. 

Craolfar An Fhidil Bheo: ceol An Northern Fiddler, oíche Dé Domhnaigh, 1 Márta ag a 9.30 ar TG4.

Fág freagra ar 'Ceol ‘The Northern Fiddler’ ina ábhar mórtas cine i gclár nua ar TG4'