Ceol nua, drámaíocht, litríocht, scannán agus comóradh ag Féile Chois Fharraige

Tá imeachtaí ómóis do Johnny Phádraic Pheter agus do Joe Steve Ó Neachtain ar chlár na bliana seo d’Fhéile Chois Fharraige

Ceol nua, drámaíocht, litríocht, scannán agus comóradh ag Féile Chois Fharraige

Osclófar go hoifigiúil Cuan, an t-ionad ealaíne agus ceoil nua ar an Spidéal, le linn Fhéile Chois Fharraige an tseachtain seo chugainn.

An Cosán Draíochta, ceol nua a chum an ceoltóir Johnny Óg Connolly i gcuimhne a athar Johnny Phádraic Pheter, a chuirfidh tús le saol an ionaid nua.

Dé Céadaoin na seachtaine seo chugainn, an 17 Samhain, a chuirfear tús le Féile Chois Fharraige agus beidh imeachtaí ealaíon á reáchtáil as sin go dtí an Domhnach, an 21 Samhain.

Beidh ‘An Cosán Draíochta’ ar siúl na cúig oíche.

San oíche Dé Céadaoin déanfar ceiliúradh ar litríocht na Gaeilge do dhaoine fásta agus dhá leabhar nuafhoilsithe ó Barzaz á ríomh Tigh Mholly ar an Lochán Beag, Madame Lazare agus Khalil.

Ar an Aoine, an 19 Samhain,  agus ar an Domhnach, an 20 Samhain, cuirfidh Aisteoirí an Spidéil an seó I gCion ar Joe ar an ardán i Seanscoil Sailearna i gcuimhne ar a leathbhádóir, Joe Steve Ó Neachtain.

1,500 bliain ó rugadh Colmcille, naomh a bhfuil an-ghean air i gCois Fharraige, déanfar é a chomóradh le ceolchoirm.  Is i Seanscoil Sailearna a bheas an cheolchoirm ar bun Dé Sathairn, agus ní in Óstán na Páirce mar a fógraíodh i dtosach. Beidh ceoltóirí as Cois Fharraige, as Tír Chonaill, as Doire agus as Albain ansin chun a bhfear féin a chomóradh.

Beidh deis ag daoine an scannán iontach Arracht a rinneadh i gConamara agus aisteoirí go leor as an gceantar ann a fheiceáil ag Club Scannán Sailearna Déardaoin an 18 Samhain.

Tá Féile Chois Fharraige seo á heagrú ag Cumann Forbartha Chois Fharraige i gcomhar leis an bhFóram Pleanála Teanga do cheantar Chois Fharraige. Tá tacaíocht faighte ag an lucht eagraithe ó Ealaín na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus ó Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

Tá ticéid don fhéile ar fáil ó oifig na Féile ar €50 agus tabharfaidh sin cead isteach duit chuig trí mhór-imeacht: An Cosán Draíochta, ‘I gCion ar Joe’ agus Ceolchoirm Cholmcille.

Tá na ticéid don seó ‘An Cosán Draíochta’ le fáil ó Stiúideo Cuan, An Spidéal, trí Eventbrite. Tá na ticéid do ‘Ceolchoirm Cholmcille’ agus do ‘I gCion ar Joe’ le fáil ar www.coisfharraige.ie. 

Is féidir suíochán don scannán Arracht a chur in áirithe ar shuíomh an Chlub Scannán.

Tá clár iomlán na féile ar fáil anseo.

Fág freagra ar 'Ceol nua, drámaíocht, litríocht, scannán agus comóradh ag Féile Chois Fharraige'