Tá a fhios ag chuile dhuine go bhfuil an Iodáil cosúil le buatais.
Agus tá mé cinnte nach mise an t-aon duine amháin a aithníonn ceann uasal fir i leithinis na hIbéire: an bhaithis san áit a bhfuil Santiago de Compostela, an tsrón san áit a bhfuil Liospóin, an smig san áit a bhfuil Ceann Tíre Naomh Uinsinn.
Le béirín teidí a shamhlaítear Éire, nó sin a deireadh fear as Trá Lí a mbínn ag siúl amach leis fadó: ceann an bhéirín (Ulaidh) ag breathnú siar i dtreo an Atlantaigh, agus Connachta agus an Mhumhain mar lapaí aige.
Chuireadh an tsamhail sin saghas ionadh orm i gcónaí. Madra beag spréachta (agus é ag breathnú soir in ionad siar) a fheicimse nuair a bhreathnaím ar léarscáil na hÉireann – agus duine scanraithe atá ag rith ón madra beag sin a fheicim nuair a bhreathnaím ar léarscáil na Breataine.
Bain amach an t-atlas go bhfeicfidh tú. Súil allta an mhadra is ea Loch nEathach. Loch Cuan nó Loch Lao a bhéal ag tafann. ‘Línte luais’ – mar a fheictear ar chúl carachtar cartún a bhíonn ag rith – is ea Tír Chonaill, Connachta agus leithinsí na Mumhan.
Agus breathnaigh an scéin atá ar an mBreatain roimh an madra Éireannach! Na cosa (Corn na Breataine agus Kent) ar a míle dícheall an corp ramhar (East Anglia) a shábháil ó fhiacla an mhadra, agus deora allais (Inse Ghall) ag sileadh den cheann (mórthír na hAlban.)
Ceann de na clichés a chloistear go minic faoin scríbhneoireacht chruthaitheach ná gur féidir an cheird a mhúineadh, ach nach féidir an tsamhlaíocht a mhúineadh.
‘Bua’ atá sa tsamhlaíocht a deirtear: tá sí ag duine nó níl.
Cacamas, a deirimse. Rud draíochtúil í an tsamhlaíocht, níl dabht ar bith faoi sin, ach níl rud ar bith rúndiamhrach fúithi; nó b’fhéidir gurbh fhearr a rá gur draíocht í atá ag an uile dhuine.
Níl sa tsamhlaíocht ach an cumas breathnú thar bhunchruth ruda, nó thar bhunchiall focail, agus cruth nó ciall eile a aithint. B’fhéidir nach féidir an cumas sin a mhúineadh, ach is cinnte gur féidir í a thraenáil.
Níl rud ar bith níos éasca nó níos taitneamhaí: níl ort ach luí siar ar do dhroim i ngarraí féir agus breathnú suas ar na clabhtaí sa spéir. Céard iad na cruthanna a fheiceann tú? An ainmhithe iad? Uirlisí cócaireachta? Bréagáin ghnéis?
Ní gá a bheith buartha faoin éagsúlacht ach oiread. An rud is fearr faoin tsamhlaíocht ná go bhfuil sí pearsanta. Níl an taithí saoil ceannann céanna ag aon bheirt agus dá bharr sin ní gá go bhfeicfeadh aon bheirt an tsamhail chéanna sa rud céanna; pé samhail a ritheann leat, sin í an tsamhail cheart duitse, íomhá a thabharfas léargas don léitheoir, má úsáideann tú i bpíosa scríbhneoireachta í, ar do dhearcadh ar an saol.
Fidelma NíChearbhaill
🐶 feicim anois an madra beag spréachta agus é lán de spraoi agus misneach gura maith agat as an íomha