Cén sórt dul chun cinn atá déanta againn mar thír nuair atá daoine óga oilte, lán misnigh agus samhlaíochta fós ag caint ar imirce?

Cuairt ar Bhealach a’ Doirín - mura bhfuil ‘aon rud ann’ do dhaoine, cén chaoi ar féidir rudaí a chur ann gan fostaíocht, gan infreastruchtúr, gan óstán nua-aimseartha, gan leathanbhanda ceart?

Cén sórt dul chun cinn atá déanta againn mar thír nuair atá daoine óga oilte, lán misnigh agus samhlaíochta fós ag caint ar imirce?

D’iarr an clár teilifíse 7Lá orm dul ar ais chuig mo chuid fréamhacha le gairid. Agus bhí níos mó ná ciall amháin leis an bhfocal sin. D’iarr siad orm filleadh ar Bhealach a’ Doirín agus ag an am céanna bhíos ag filleadh ar mo cuid fréamhacha mar thuairisceoir ar chlár teilifíse Gaeilge.

Mhúscail siad mo shuim sa scéal ar an bpointe. Bhí rang eacnamaíochta i gColáiste Naithí tar éis tionscadal a dhéanamh ar an réigiún ina rabhadar féin lonnaithe- an t-iarthar agus an t-iarthuaisceart, an réigiún a dtugtar an ‘BMW’ air.  Agus, murab ionann agus go leor eile a scríobhadh agus a dúradh faoin éagothromaíocht sa tír seo, bhí an rang eacnamaíochta  ag tarraingt aird ar an scéal. Bhíodar ag fáil poiblíocht sna meáin agus bhí an chosúlacht ar an scéal go bhfaighidís cluas éisteachta ag an leibhéal is airde.

Agus mé á scríobh seo, tá lán bus acu ar a mbealach go dtí Teach Laighean, áit a gcuirfear fáilte rompu ag Teachtaí Dála agus polaiteoirí náisiúnta eile.

Thosaigh an feachtas scoile seo i gColáiste Naithí i mBealach a’ Doirín, ach toisc go dtagann scoláirí ansin ó chontaetha eile mórthimpeall, tá súil acu ‘Comhrialtas’ leathan a chur le chéile, agus daoine óga ón BMW ar fad páirteach ann.

Dúirt an múinteoir eacnamaíochta Martin Daly liom gur thosaigh sé an tionscadal leis an rang san idirbhliain agus súil acu díriú isteach ar na cúinsí eacnamaíochta a bhain lena gceantar féin. Ach de réir mar a fuaireadar amach cé chomh mór is a bhí an éagothromaíocht idir an t-iarthar agus an chuid eile den tír, thosaigh fearg ag teacht orthu.

D’iarr siad ar an múinteoir céard a d’fhéadfaí a dhéanamh faoi. Agus chaith seisean an cheist ar ais chucu.

‘Ceard atá sibhse sásta a dhéanamh faoi?’ a dúirt sé leo. Chinneadar ansin grúpa a chur le chéile agus ‘Coalition’ a thabhairt orthu féin. Le gairid fuaireadar poiblíocht san Irish Times, sa Mayo News, ar Mid-West Radio agus an tseachtain seo le mo thuairisc ar TG4 7Lá.

Tugann siad ‘economic apartheid’ ar an mbealach a dtugtar mórchuid d’airgead an Stáit don Oirthear. Tá na figiúirí acu a chruthaíonn gur thit an réigiún 50% taobh thiar den chuid eile de Phoblacht na hÉireann idir na blianta 2007 agus 2015, i dtéarmaí GDP.

Ach an rud is mó a chuir alltacht orthu ná nuair a fuaireadar amach céard a tharla sa mbliain 2011.

Fógraíodh go raibh ciste ollmhór ag Aontas na hEorpa i gcomhair scéimeanna iompair agus infreastruchtúir- suas le 370 billiún euro. B’éigean do thíortha na hEorpa a thaispeáint cé na réigiúin a bheidís a chur chun cinn faoin bplean – an ‘Ten T-Arc’ mar a tugadh air.

Bheadh airgead na hEorpa ag brath ar scéimeanna tábhachtacha iompair, ar nós bóithre iarainn, calafoirt, aerfoirt agus mótarbhealaí a bheith i bpleananna gach rialtas agus bheadh ar gach rialtas sciar den airgead sin a infheistiú iad féin.

Sular cuireadh an plean ar aghaidh chuig an Eoraip, thóg an tAire Iompair ag an am, Leo Varadkar, na scéimeanna infreastruchtúir agus iompair do réigiún an BMW amach as plean agus mapa na hÉireann.

Dúradh gur de bharr costas ard a bheith ar na pleananna sin, agus gan an tír ach ag teacht ón lag trá eacnamaíochta, a baineadh amach iad. Thóg roinnt polaiteoirí clampar faoi ag an am ach is beag poiblíocht a fuaireadar. Go deimhin labhair Jim Higgins, Fine Gael, a bhí ina MEP ag an am, i gcoinne bheart an Rialtais.

Tá cúpla éileamh simplí ag mic léinn Choláiste Naithí anois – an plean don ‘Ten T-Arc’ a athscríobh, calafort domhain a fhorbairt sa réigiún, aerfort Chnoc Mhuire a fhorbairt cosúil leis an gcaoi ar forbraíodh Aerfort na Sionna agus SFADCO blianta ó shin, leathanbhanda a chur ar fáil go forleathan agus bóithre iarainn a fhorbairt agus a cheangal le chéile.

Ba mhaith leo go mbeadh na héilimh sin mar chuid d’aon socrú idirpháirtí in aon Rialtas nua.

Nuair a bhí mise i mBealach a’ Doirín le gairid agus ag scríobh faoi chúrsaí eile, labhair mé le duine a bhíonn ag plé le cúrsaí forbartha. Is minic a chasann sé le dreamanna éagsúla a bhíonn ag plé le hinfheisteoirí agus tionsclóirí, ag iarraidh iad a mhealladh go Bealach a’  Doirín.

Le gairid dúirt duine acu leis nach fiú a bheith á dtabhairt go dtí an baile ‘mar nach bhfuil aon rud ann dóibh…’

Is fáinne fí ceart é seo. Mura bhfuil ‘aon rud ann dóibh’ cén chaoi ar féidir rudaí a chur ann gan fostaíocht, gan infreastruchtúr, gan óstán nua-aimseartha, gan leathanbhanda ceart?

Chuir Bealach a’ Doirín míle fáilte roimh na teifigh ón tSiria a tháinig ann le tamall anuas. Bronnadh gradam ‘People of the Year’ orthu de bharr a ndea-oibre sa chás sin. Ach ag an am céanna tháinig deireadh le haon dóchas go bhforbrófaí an t-óstán a bhí dúnta le tamall, nuair a tugadh ar láimh é mar ionad fáiltithe do na teifigh.

Agus mé ag siúl timpeall Choláiste Naithí thug na grianghraif ar na ballaí siar ar bhóithrín na smaointe mé. Ansin bhí m’uncail Aidan agus Paul agus iad ag glacadh páirt sna drámaí sa choláiste. Chaith mo dheartháireacha Micheál agus Peadar cuid dá n-óige anseo mar scoláirí cónaithe. Go dtí le gairid bhí mo chol ceathrar an tAthair Tomás Surlis ina Uachtarán ar an gcoláiste.

Chonaic siad ar fad athruithe le linn na mblianta sin. Ach ní aithneodh mo chuid uncailí an scoil anois agus cailíní agus múinteoirí ban san áit. Ní aithneoidís leath na mbratach atá crochta sa halla ag léiriú cén tír as a dtáinig muintir na scoláirí.

Ach sa sean-am sin, thiar sna seascaidí, bhí duine in ann taisteal go compordach ar an traein ó Bhealach a’ Doirín, go Baile Átha Cliath. Bhí dhá shiopa ollmhór ilrannach ann, bácús, monarcha bagúin, siopaí beaga éadaí agus bróg, agus seirbhísí eile den uile chineál. Cén sórt dul chun cinn atá déanta againn mar thír nuair atá daoine óga oilte, lán le misneach is samhlaíocht, fós ag caint ar imirce?

Fág freagra ar 'Cén sórt dul chun cinn atá déanta againn mar thír nuair atá daoine óga oilte, lán misnigh agus samhlaíochta fós ag caint ar imirce?'

  • An Teanga Bheo

    Ní déantar ullmhú ar bith chun imirce a sheachaint … Ná fíu is cuma leis an Rialtas faoi is bealach é le figuirí a athrú!