Cén fáth nach léann pobal na Gaeilge leabhair Ghaeilge?

Agus féile nuabhunaithe Leabhra Feabhra ag druidim linn don dara huair, tá borradh aisteach faoin bplé atá á dhéanamh ar litríocht na Gaeilge. Chuir ceist amháin a thagann aníos sa phlé sin arís is arís eile ár gcolúnaí ag machnamh…

Reading Book

Níl Leabhra Feabhra ach dhá bhliain ar an bhfód, ach is féidir rud amháin a rá ina thaobh: tá ag éirí leis an traidisiún nuabhunaithe seo plé bisiúil a mhúscailt faoi litríocht na Gaeilge.

Tagann ceist amháin aníos sa phlé sin arís is arís eile. Rinneadh an cheist sin a chíoradh, mar shampla, san alt spreagúil a bhí ag Siún Ní Dhuinn san Irish Times le déanaí.

Níl aon éalú uaithi mar cheist.

Cén fáth nach léann pobal na Gaeilge mórán leabhar as Gaeilge?

Ar ndóigh, ceist í seo a bhfuil spéis mhór agam féin inti – scríobhaim leabhair i nGaeilge. Brathann cuid áirithe de mo theacht isteach gach bliain (idir 5 – 10% den iomlán) ar dhíolachán na leabhar Gaeilge liom a foilsíodh cheana agus brathann cuid shuntasach eile de (idir 20 – 30% den iomlán) ar choimisiúin nua. Ciallaíonn sé sin go mbrathann timpeall tríú cuid de mo theacht isteach ar earnáil na leabhar Gaeilge.

In ainneoin sin, cuireann sé as dom go bhfuil dearcadh áirithe folaithe sa cheist ‘Cén fáth nach léann pobal na Gaeilge mórán leabhar as Gaeilge? Is é sin, go dtugtar le tuiscint go bhfuil dualgas ar phobal na Gaeilge leabhair Ghaeilge a léamh.

Ní dóigh liom gur cheart go mothódh duine ar bith nach bhfuil ar scoil, nó san ollscoil ag déanamh staidéir ar an nGaeilge, go bhfuil dualgas air nó uirthi leabhar ar bith a léamh. Go deimhin, b’fhuath liom féin, mar scríbhneoir a cheapadh go léadh aon duine mo shaothar seachas ar an gcúis go raibh sé meallta aige.

Rud eile a chuireann as dom faoin gceist (Cén fáth nach léann pobal na Gaeilge mórán leabhar as Gaeilge?) ná nach gcuirtear san áireamh inti nach léann chuile Bhéarlóir leabhair Bhéarla, nach léann chuile chainteoir Fraincise leabhair i bhFraincis, nach chuile chainteoir Ísiltírise a bhfuil spéis aige i litríocht na teanga sin. Agus is iomaí teach sa Bhrasaíl, mar shampla, nach dtiocfadh duine ar oiread agus leabhar amháin ann. Ní maith le chuile dhuine slatiascaireacht. Ní maith le chuile dhuine breathnú ar chomórtas troda UFC. Ar an gcaoi chéanna, ní maith le chuile dhuine leabhar a léamh. Lán stad.

Thairis sin, feictear dom gur mó an seasamh atá ag filí agus scríbhneoirí na Gaeilge ina bpobal beag féin ná mar atá ag a gcomhghleacaithe a scríobhann i mórtheangacha a bpobal siúd. Mar shampla, feictear dom gur mó i bhfad an seasamh atá ag leithéidí Joe Steve Uí Neachtain agus Micheál Ó Conghaile i measc phobal na Gaeilge ná mar atá ag, deirimis, gearrscéalaithe móra le rá ar nós William Trevor nó Kevin Barry i sochaí na hÉireann go ginearálta; is cinnte gur mó an seasamh atá ag leithéidí Uí Neachtain agus Uí Chonghaile i bpobal na Gaeilge ná mar atá ag a gcomhghleacaithe san Ísiltír agus sa Bhrasaíl (an dá thír eile a bhfuil cur amach éigin agam orthu) ina dtíortha féin.

Ar ndóigh, ní chuireann ‘seasamh’ agus ‘stádas’ greim i mbéal dhuine. Ach go dtí go mbeidh méadú ollmhór ar líon na gcainteoirí Gaeilge, ní bheidh méadú ollmhór ar dhíolachán leabhar Gaeilge.

Agus an méid sin ar fad curtha díom agam, ní féidir liom a shéanadh ach go bhfuil réamhchlaontaí ann i gcoinne litríocht na Gaeilge – i measc phobal na Gaeilge féin – a chuireann srian le díolachán leabhar Gaeilge: go bhfuil siad ródheacair, nó go bhfuil siad ar chaighdeán ró-íseal, nó nach mbíonn faoi chaibidil iontu riamh ach ceist na Gaeilge féin. Ní féidir a shéanadh ach an oiread go ndíolfaí cúpla leabhar Gaeilge breise dá mbeadh fáil níos furasta orthu, dá ndéanfaí margaíocht níos fuinniúla orthu agus dá ndéanfaí léirmheastóireacht orthu tráth a bhfoilsithe seachas bliain nó dhó ina dhiaidh.

Ar na cúiseanna sin ar fad, is maith ann an plé faoi chúrsaí léitheoireachta i nGaeilge atá spreagtha ag Leabhra Feabhra. Ach ag deireadh an lae, is faoi scríbhneoirí na Gaeilge, mo leithéidí féin san áireamh, atá sé aghaidh a thabhairt ar an dúshlán atá romhainn. Is fúinne atá sé na réamhchlaontaí i dtaobh litríocht na Gaeilge a bhréagnú agus léitheoirí breise a mhealladh le leabhair nach féidir leo a leagan uathu.

Fág freagra ar 'Cén fáth nach léann pobal na Gaeilge leabhair Ghaeilge?'

  • padraig

    Ach tathar ann gur scorn leo leabhar Gaeilge de chineal ar bith a leamh fiu iad sin a bhionn ag ple leis an teanga ar bhonn gairmiuil o la go la, murab ionann agus leabhair in aon teanga eile. Ni leifidis leabhar Gaeilge mar go bhfuil an iomad Gaeilge ann! Ni hamhlaidh, measaim, nach bhfuil leabhar ar bith i nGaeilge nach mbeadh speis acu ann (?) ach go mb’fhearr leo leabhar i mBearla, mar shampla, a leamh seachas leabhar ar bith beo eile i nGaeilge – da fheabhas e – a leamh. Ni bhraitheann aistritheoiri gairmiula, mar shampla, go bhfuil aon dualgas faoin speir orthu feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge tri leabhair Ghaeilge a leamh agus cur lena stor focal, lena dtuiscint ar chomhreir na teanga, leis an earra ata acu a shaibhriu agus a dhoimhniu agus tairbhe agus taitneamh a bhaint as leabhar ag an am gceanna etc etc….fag gurb i an Ghaeilge an sprioctheanga a bhionn idir lamha acu chun a mbeatha a thabhairt i dtir. Ni hionann sin agus a ra gur cuma leo faoi chaighdean a gcuid aistriuchan go huile is go hiomlan (ta a lan daoine ann gur cuma sa tsioc leo gan amhras) ach feictear doibh nach ga dhoibh aon mhaise de bhreis a chur ar chaighdean na teanga ata acu, glacfar leis an earra a thairgeann siad beag beann ar an gcaighdean pe ar bith! Nil san aistriuchan acu dairire ach bealach easca chun airgead a dheanamh, post saoraideach simpli. Ni heol dom go mbaineann an feinimean sin le haon teanga eile seachas an teanga seo ‘gainne? Is pleisiur mor domsa leabhar mar Dracula a leamh as Gaeilge cuir i gcas (leabhair staire is mo a leim fein) agus iontas a dheanamh de mhorghaisce aistriuchain an udair ach ni leifeadh daoine eile e ar or na cruinne in aon teanga, go hairithe i nGaeilge! Ni a lochtu ataim ach ag iaraidh iad a thuiscint. Is ceist an-tabhachtach, dar liom, ceist sin Alex agus ni miste tuilleadh ple a dheanamh maidir lei.

  • Mary

    Ní mhothaím féin go bhfuil dualgas orm leabhair a léamh, cibé teanga ina bhfuil siad. Bainim sult as a bheith ag léamh.
    Aontaím le Siún Ní Duinn agus í ag rá go bhfuil an dá chatagóir léitheora ann.

    Is é mo bharúil nach bhfuil muinín ag léitheoirí astu féin go bhfuil a ndóthain Ghaeilge acu le leabhair Ghaeilge a léamh. Tá céim déanta agam sa Ghaeilge ach níor cheannaigh mé mo chéad leabhar Gaeilge go dtí inné toisc nár cheap mé go mbeinn in ann aon rud a thuiscint. Agus muid san ollscoil, (nó sa mheánscoil fiú), ‘léamar’ go léir sleachta as leabhair mhóra na Gaeilge, ach ní bheimis in ann aon rud a thuiscint murach an léachtóir (agus an foclóir). Ní féidir maitheas / taitneamh ar bith a bhaint as sin!

    Táimse ag tosú le leabhar a bhfuil aithne mhaith agam air as Béarla, ionas nach mbeidh fadhb agam an scéal a thuiscint, agus beidh mé in ann díriú isteach ar an nGaeilge. Ansin, b’fhéidir go gceannóidh mé leabhar iomlán nua.

  • Seán Ó Cearbhaill

    Mar níl siad in ann é sin a dhéanamh, beagán ar bheagán agus beidh níos mó daoine ag léamh i nGaeilge.

  • Pól Réamonn

    Tá mé 35 bliain d’aois anois agus le gach bliain a rith, níl an oiread sin suime agam i leabhair a léamh ná mar a bhí agam 10 bliain ó shin. Cibé i mBéarla, i bhFraincis nó i nGaeilge.

    B’fhéidir go dtosnóidh mé beathaisnéisí a léamh mar tá fhios agam go bhfuil mé críochnaithe le ficsean.