Cén fáth a bhfreagraíonn scríbhneoirí tvuíteanna ina luaitear iad ar an bpointe boise meas tú?

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: d’uireasa teagmháil fhisiciúil lena bpobal léitheoireachta, bíonn scríbhneoirí ag brath ar aiseolas digiteach a thabharfadh misneach dóibh

Cén fáth a bhfreagraíonn scríbhneoirí tvuíteanna ina luaitear iad ar an bpointe boise meas tú?

Rinne mé atvuíteáil an lá faoi dheireadh ar tvuít de chuid an scríbhneora mórcháile ón bhFionlainn, Sofi Oksanen, agus trácht de mo chuid féin curtha agam le giolc s’aicise. Ba bheag nár thit mé as mo sheasamh nuair a d’fhreagair Oksanen mé nóiméad nó dhó ina dhiaidh sin – ar dhá chúis. Sa chéad áit, lár na hoíche a bhí ann san Fhionlainn (más ann a bhí sí ag an bpointe sin). Sa dara háit, tá os cionn 15,000 leantóir ag Oksanen ar Twitter. Cá bhfaigheann sí an t-am chun chuile ghiolc ina luaitear í a léamh? Nó meas tú arbh é sin an fáth go raibh sí ina suí i lár na hoíche?

Ar chaoi ar bith, rith sé liom ina dhiaidh sin nár chóir go mbeadh oiread iontais orm go bhfreagródh scríbhneoir tvuít ar an bpointe boise. Déanaim féin an rud céanna. Agus tá sé de cháil ar Margaret Atwood (2 mhilliún leantóir!) go bhfreagraíonn sí gach uile tvuít.

Mar gheall ar an gclaonadh chun plé agus díospóireachta, is dócha, is é Twitter an meán sóisialta is mó a mbaineann scríbhneoirí úsáid as. Gan dabht ar bith bíonn láithreacht ar Twitter ina chabhair do scríbhneoirí ó thaobh na margaíochta de, ach – go háirithe agus mórchuid imeachtaí liteartha curtha ar ceal de bharr an choróinvíris – measaim gur tábhachtaí i bhfad an teagmháil le scríbhneoirí eile agus go deimhin leis an bpobal léitheoireachta.

Lá éigin an tseachtain seo caite, tvuíteáil léitheoir de mo chuid grianghraf de bhord bialainne san Iodáil, cupán caife agus luaithreadán in aice le cóip de mo chnuasach gearrscéalta deireanach. Lá nó dhó ina dhiaidh sin, chroch léitheoir eile pictiúr ar Twitter de mo chéad leabhar, a bhí á athléamh aici, agus é oscailte; bhí na leathanaigh breac le nótaí a bhí déanta aici nuair a léigh sí an leabhar den chéad uair agus í ar an ollscoil.

Cuir maoithneas i mo leith más mian leat, ach cuireann pictiúir mar sin gliondar ar mo chroí. Níl a fhios agam an bhfuil an nós seo ag scríbhneoirí eile, ach is minic a bhím ag brionglóidí lae – nuair ba cheart dom a bheith ag cromadh síos ar an eagarthóireacht – faoin saol a bheidh ag cóipeanna pé saothair a bhíonn idir lámha agam nuair a bheidh an leabhar i gcló faoi dheireadh.

Coinníonn na brionglóidí lae sin ag imeacht mé nuair a bhím ag streachailt; léiríonn pictiúir a chrochann léitheoirí ar líne dá n-eispéireas léitheoireachta nach in aisce a bhíonn an streachailt chéanna. Más aon fhianaise claonadh údar ar fud an domhain tvuíteanna ina luaitear iad a fhreagairt ar an bpointe boise, bíonn an cineál seo ugaigh ag teastáil ó go leor scríbhneoirí eile chomh maith!

Fág freagra ar 'Cén fáth a bhfreagraíonn scríbhneoirí tvuíteanna ina luaitear iad ar an bpointe boise meas tú?'