‘Ceisteanna fós gan freagairt’ faoi chinneadh Údarás na Gaeltachta gnó feamainne a dhíol le comhlacht as Ceanada 

Níl i scéal an airgid agus na rúndachta a bhain le díol Arramara Teoranta ach ceann de na ceisteanna a bhaineann leis an gcinneadh a deir saineolaí ar chúrsaí mara 

‘Ceisteanna fós gan freagairt’ faoi chinneadh Údarás na Gaeltachta gnó feamainne a dhíol le comhlacht as Ceanada 

Deir saineolaí ar chúrsaí mara go bhfuil “go leor ceisteanna fós gan freagairt” faoi chinneadh Údarás na Gaeltachta an comhlacht feamainne Arramara Teoranta a dhíol le comhlacht as Ceanada.

I measc na gceisteanna sin, a deir Micheál Ó Cinnéide, tá ceist an phraghais a fuair an tÚdarás ó Acadian Seaplants ar Arramara Teoranta in 2014, an cinneadh gan cuid den chomhlacht a choimeád agus an díolachán a bheith ag teacht salach ar pholasaí fadbhunaithe de chuid an Údaráis.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo in 2015 go mbeadh na téarmaí faoinar dhíol Údarás na Gaeltachta an comhlacht le Acadian Seaplants Ltd as Ceanada an bhliain roimhe sin ina rún ar feadh tréimhse 10 mbliana de réir ‘clásal rúndachta’ sa chomhaontú díolacháin.

Beidh praghas an chomhlachta agus sonraí eile faoin díolachán faoi rún go hoifigiúil go dtí an bhliain seo chugainn.

Níl i scéal an airgid agus na rúndachta ach ceann de na ceisteanna a bhaineann le díol Arramara Teoranta, a deir Micheál Ó Cinnéide, atá ina chathaoirleach ar Choiste Comhairleach Pháirc na Mara, tionscnamh mór de chuid Údarás na Gaeltachta.

Ina aiste i leabhar nua faoi Údarás na Gaeltachta, deir Ó Cinnéide:

“Tá go leor ceisteanna fós gan freagairt maidir leis an scéal seo, ina measc: cé mhéid a dhíol Acadian as an gcomhlacht feamainne is mó sa tír agus an dtógann an praghas sin an luach fadtéarmach, straitéiseach san áireamh?”

“Agus cén fáth ar shocraigh an tÚdarás na scaireanna iomlána a dhíol i gcomhlacht straitéiseach, a bhí lárnach i bhforbairt ceann de mhóracmhainní na tíre, seachas dul i bpáirtíocht leo agus suíochán a choimeád ar an mbord stiúrtha?

“Is deacair a mhaíomh go luíonn an cinneadh seo faoi dhíol Arramara leis an bpolasaí faoi fhorbairt mara a bhí leagtha amach go minic ag an Údarás le breis is fiche bliain: ‘go n-úsáidfear an acmhainn luachmhar nádúrtha seo ar mhaithe le muintir na Gaeltachta’.”

Deir Ó Cinnéide sa leabhar nua Ag cur chun fónaimh: Údarás na Gaeltachta ó 1980 i leith go “neosfaidh na blianta” cén tionchar a bheidh ag Acadian ar an tionscal mara sa Ghaeltacht is ar thimpeallacht mhara na tíre ach go mbeidh “an tÚdarás ag faire ón taobhlíne”.

In 2006, nuair a fuair an tÚdarás lán-úinéireacht ar Arramara Teoranta, ba é an plean a bhí ann ná go lorgófaí páirtí “straitéiseach” a mbeadh saineolas agus airgead infheistíochta acu chun an comhlacht agus an tionscal a fhorbairt.

Dúradh an bhliain dár gcionn in 2007 go raibh “taighde a dhéanamh agus pleananna á gcur le chéile chun táirgí breisluacha a fhorbairt d’Arramara Teo”. An bhliain chéanna a thug Údarás na Gaeltachta cuairt den chéad uair ar Acadian Seaplants i gCeanada. Idir 2007-2008 caitheadh €30,000 ar sheacht dturas éagsúla a thug oifigigh shinsearacha ón Údarás ar Cheanada chun eolas a fháil faoi thionscadal na feamainne in Halifax.

Faoi 2012 bhí meán-láimhdeachas bliantúil de níos mó ná €2 mhilliún ag Arramara, ach bhí páirtí ‘straitéiseach’ nua á lorg “chun é a thógáil go leibhéal níos airde”.

Ba léir sara fada gur ag smaoineamh ar an gcomhlacht a dhíol ar fad a bhí an tÚdarás agus i Márta 2013 cinneadh Arramara Teoranta a dhíol le Acadian Seaplants.

Léiríonn miontuairiscí a fuair an suíomh seo go ndearna trí chomhlacht eile tairiscintí le Arramara Teoranta a cheannach sa tréimhse ceithre mhí i ndiaidh don bhord cinneadh a dhéanamh an comhlacht feamainne a dhíol le Acadian Seaplants.

Cuireadh in iúl ag cruinniú an Bhoird i mí Aibreáin 2013 go raibh comhfhreagras faighte ag na comhaltaí ó chomhlachtaí eile san earnáil feamainne a bhí lonnaithe in Éirinn ag léiriú a míshástachta le cinneadh an Údaráis Arramara Teo a dhíol le Acadian Seaplants Ltd.

I mí Bealtaine 2014, a díoladh an comhlacht feamainne Gaeltachta leis an gcomhlacht as Ceanada.

Dúirt an tÚdarás gurb é sin an socrú is fearr chun todhchaí Arramara Teo “a dhaingniú”.

Tá moladh ag Micheál Ó Cinnéide ina aiste do ghnéithe de pholasaí an Údaráis i leith thionscal na mara.

Deir sé go bhfuil “éacht déanta ag foireann an Údaráis chun feirmeoireacht éisc is sliogéisc a fhorbairt mar cheann de na mór-earnálacha tionsclaíochta sa Ghaeltacht ó 1980 i leith”.

“Mar atá léirithe san athbhreithniú seo, tá go leor céimeanna chun tosaigh is cúpla céim ar gcúl tógtha ag an Údarás ar an aistear; tá saineolas luachmhar mara bailithe agus cuid de caillte chomh maith; agus, uaireanta, ní raibh na córais stáit i réimse na mara ag tarrac go teann le chéile.

“Mar thoradh ar obair dhíograiseach an Údaráis, tá go leor foghlamtha faoi fhorbairt mara is na síolta curtha don Eacnamaíocht Ghorm ar chósta na Gaeltachta, ach ní féidir a rá go bhfuil sí tagtha chuig lán-aibíochta fós.”

Tá an leabhar aistí Ag cur chun fónaimh: Údarás na Gaeltachta ó 1980 i leith ar fáil anois. Gearóid Ó Tuathaigh agus Breandán Mac Suibhne a chuir in eagar agus Cló Iar-Chonnacht a d’fhoilsigh.

Fág freagra ar '‘Ceisteanna fós gan freagairt’ faoi chinneadh Údarás na Gaeltachta gnó feamainne a dhíol le comhlacht as Ceanada '