Cuirfear tús sa Dáil inniu le plé ar cheist na hearcaíochta sa Bhille Teanga nua, ceann de na gnéithe is tábhachtaí den reachtaíocht, dar le mórán.
Is é príomhchuspóir an bhille go mbeadh 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí ina gcainteoirí Gaeilge faoi 2030. Faoin mbille, bunófar Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge chun Plean Náisiúnta Earcaíochta an Rialtais a réiteach.
Faoin bplean bheadh sé i gceist níos mó Gaeilgeoirí a fhostú trí chomórtais ar leith a eagrú, trí mhodhanna nua earcaíochta agus trí dheiseanna cianoibre a thairiscint dóibh.
Déanfaidh coiste Oireachtais na Gaeilge plé inniu ar leasuithe ar an mBille a bhaineann le leagan amach, ceapacháin agus feidhmeanna an choiste chomhairligh.
Bhain conspóid leis an gcruinniú deireanach de chuid an Roghchoiste nuair a dhiúltaigh Aire Stáit na Gaeltachta don mholadh gur i nGaeilge a dhéanfaí obair an choiste.
Dúirt an tAire Stáit Chambers go n-aontaíonn sé leis an sprioc go mbeadh an Ghaeilge mar theanga oibre ag an gcoiste nua, ach nach bhféadfaí glacadh leis an leasú mar go gcothódh sé deacrachtaí maidir leis na “daoine cuí” a fháil don chúram.
Déanfar plé arís tráthnóna ar an gcumas Gaeilge ba ghá a bheith ag na comhaltaí a cheapfar ar an gcoiste agus ar líofacht an chathaoirligh a ainmneoidh Aire na Gaeltachta.
Tá Teachtaí Dála an fhreasúra ag moladh go mbeadh ar a laghad an cathaoirleach a cheapfar inniúil sa Ghaeilge agus go mbeadh sé nó sí neamhspleách.
Tá Aengus Ó Snodaigh agus Teachtaí Dála eile ó Shinn Féin ag iarraidh freisin go mbeadh saineolas áirithe ag an gCathaoirleach ar sholáthar seirbhísí Gaeilge nó sa phleanáil teanga.
Tá sé leagtha amach sa Bhille Teanga go mbeidh idir cúigear agus 11 comhalta eile ar an gcoiste agus gurb é an tAire a cheapfaidh gach duine acu.
Leagtar amach sa bhille go mbeidh comhaltaí ainmnithe mar ionadaithe ag Roinn na Gaeltachta, an Roinn Caiteachais Phoiblí, agus an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí chomh maith le seachtar comhaltaí eile ar a mhéid ag comhlachtaí poiblí eile.
Tá Sinn Féin ag moladh nach mbeadh ach beirt ar a mhéid ar an gcoiste ó chomhlachtaí poiblí eile agus go mbeadh ionadaí ag Foras na Gaeilge agus ag Údarás na Gaeltachta air.
Moltar chomh maith go mbeadh ceathrar comhaltaí ar a laghad ainmnithe mar ionadaithe “do phobal labhartha na Gaeilge, pobal na Gaeltachta, pobal labhartha na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, eagraíochtaí deonacha na Gaeilge agus soláthraithe oideachais Gaeilge agus Gaeltachta”.
Tá sé leagtha amach sa bhille go mbeadh comhalta amháin ar an gcoiste mar ionadaí do cheantair Ghaeltachta ach tá molta ag Teachtaí Dála de chuid an Rialtais gur chóir go mbeadh comhalta amháin eile ar an gcoiste mar ionadaí do phobal na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht freisin.
Tá Teachtaí Dála de chuid Shinn Féin ag éileamh go mbeadh cothromaíocht chuí idir fir agus mná i gcomhaltas an choiste.
Ceann de na gearán is coitianta a bhí ann maidir leis an mBille Teanga ná a laghad spriocdhátaí atá leagtha amach ann agus tá sé i gceist ag Aire Stáit na Gaeltachta dul i ngleic leis an bhfadhb sin le ceann de na leasuithe a mholfaidh sé féin inniu.
Tá an Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge le bunú taobh istigh de shé mhí d’achtú an bhille agus d’fhágfadh leasú an Aire go mbeadh an Plean Náisiúnta Earcaíochta ullmhaithe tráth nach déanaí ná dhá bhliain ina dhiaidh sin. Tá Sinn Féin ag iarraidh go gcuirfí an plean ar fáil tar éis bliana.
Tá ocht seisiún dhá uair an chloig ar an mBille Teanga curtha díobh ag Roghchoiste Gaeilge an Oireachtais go dtí seo.
Nuair a chuirtear leasuithe a dícheadaíodh agus leasuithe eile a grúpáladh le chéile san áireamh, tá plé déanta go dtí seo ar 181 den 308 leasú ar fad atá molta. Tá an plé críochnaithe i gcás 125 díobh.
Níor ghlac an tAire Stáit Jack Chambers ach le leasú amháin go dtí seo ach tá sé tugtha le fios aige go bhfuil sé chun teacht ar ais le moltaí i dtaobh 32 leasú eile ag Céim na Tuarascála, an chéad chéim eile den phróiseas.
Séamas Mac Coitir
Is ceist ghabhlánach í a bheith ag súil go bhféadfadh feachtas earcaíochta sruth gaeilgeoirí a chur ar fáil faoin mbliain 2o30. Tá mé tinn tuirseach ó bheith ag éisteacht leis an ngeabaireacht chéanna le fada fíorach an lá. Níl ann ach gaotaireacht agus cur i gcéill!
Níl ann, freisin, ach áiféis amach is amach a bheith ag dréim go bhféadfaí 20% de ghiollaí na státseirbhíse a chur ar fáil, agus ag labhairt Gaeilge go líofa taobh istigh den achar ama atá i gceist thuas. Dáiríre, i gcás go dtiocfadh an tuar faoin tairngreacht uaillmhianach i gcrích, bheadh an lámh in uachtar ag an mBéarla mar is í an teanga is treise. Sin é lomchlár na fírinne, agus bíonn an fhírinne searbh agus garbh!!