‘Céim shuntasach’ tugtha i dtaca le ceannáras Chonradh na Gaeilge a athfhorbairt – Airí na Gaeltachta

Tá sé fógartha go bhfuil Oifig na nOibreacha Poiblí le bheith páirteach san obair chun Lárionad Gaeilge a fhorbairt ag 6 Sráid Fhearchair i gcathair Bhaile Átha Cliath

‘Céim shuntasach’ tugtha i dtaca le ceannáras Chonradh na Gaeilge a athfhorbairt – Airí na Gaeltachta

Tá céim eile tugtha i dtaca le ceannáras Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath a fhorbairt mar Lárionad Gaeilge agus é aontaithe go mbeidh Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) páirteach sa togra.

D’fhógair an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, Catherine Martin, agus Aire Stáit na Gaeltachta agus Oifig na nOibreacha Poiblí, Patrick O’Donovan go mbeidh an OPW ag dul i gcomhpháirtíocht leis an Roinn agus leis an gConradh chun athfhorbairt cheannáras Chonradh na Gaeilge ag 6 Sráid Fhearchair i lár chathair Bhaile Átha Cliath a thabhairt chuig an gcéad chéim eile.

Dúirt na hairí gur céim shuntasach a bhí anseo i dtaca le lárionad don Ghaeilge a fhorbairt san ardchathair, rud atá á éileamh le fada an lá, a dúradh.

D’fhógair an tAire Catherine Martin aimsir an Bhuiséid go raibh €500,000 le caitheamh ag a Roinn ar an bhforbairt in 2024.

Fuair an Conradh cead pleanála ag deireadh 2020 chun a gceannáras a fhorbairt mar lárionad Gaeilge. Is í an chéad chéim eile san obair forbartha ná dearadh sonrach a dhéanamh ar na háiseanna a chuirfí ar fáil sa spás nua. Tá caifé agus stiúideo raidió nua i measc na n-áiseanna a d’fhéadfaí a thógáil ansin, dar le Conradh na Gaeilge.

Agus an chomhpháirtíocht idir an Conradh, Roinn na Gaeltachta agus an OPW fógartha, dúradh go mbeadh an lárionad ina áis luachmhar do chainteoirí agus d’fhoghlaimeoirí Gaeilge i gcathair Bhaile Átha Cliath agus go gcuirfí imeachtaí Gaeilge agus cultúrtha ar siúl ann. Dúradh go dtacódh an fhorbairt go háirithe leo siúd atá ag iarraidh clann a thógáil le Gaeilge.

Chuir an tAire Martin fáilte roimh “an dul chun cinn tábhachtach” seo sa phróiseas athfhorbartha. “Baineann an tionscadal seo le caomhnú foirgnimh a bhfuil tábhacht náisiúnta stairiúil ag baint leis,” a dúirt sí.

““Leis an dul chun cinn atá fógartha inniu neartófar an suíomh le cur le hobair fhiúntach Chonradh na Gaeilge ag tabhairt ceanncheathrú lárnach do phobal labhartha Gaeilge na cathrach agus d’fhoghlaimeoirí na Gaeilge do na glúnta a thiocfaidh inár ndiaidh.”

Dúirt an tAire Stáit O’Donovan go raibh an tionscadal ar cheann de phríomhthionscadail Roinn na Gaeltachta i láthair na huaire agus go mbeadh infheistíocht shuntasach ag dul dó in 2024, 2025 agus 2026.

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Paula Melvin, go raibh an eagraíocht ag súil go mór le forbairt Uimhir 6 agus go mbeadh stair an fhoirgnimh lárnach mar chuid den ionad nuair a bheadh sé críochnaithe.

Fág freagra ar '‘Céim shuntasach’ tugtha i dtaca le ceannáras Chonradh na Gaeilge a athfhorbairt – Airí na Gaeltachta'

  • Siob

    Céard a dhéanann Conradh na Gaeilge taobh amuigh de ranganna agus céard atá bainte amach acu le blianta beaga anuas? Is maith gurb ann dóibh ach nílim cinnte go bhfuil luach ar airgead á fáil againn – is oth liom a rá.

  • Guy

    “go raibh an tionscadal ar cheann de phríomhthionscadail Roinn na Gaeltachta i láthair na huaire agus go mbeadh infheistíocht shuntasach ag dul dó in 2024, 2025 agus 2026.”

    An bhfuil Conradh na Gaeilge lonnaithe sa Ghaeltacht anois? Nílid.

    Is ollmhaitheas é an foirgneamh so imt, in am a bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht, agus chabhródh an t-airgead san le forbairt tithíochta do chainteoirí Gaeilge sa Ghaeltacht a sholáthar. In aon gluaiseacht teangan níl aon rud níos tábhachtaí ná an nasc idir athair/máthair, leanbh, agus an pobal/sochaí timpeall orthu agus iad ag fás aníos (teanga an phobail sin) agus leanúnachas an phobail sin ó ghlúin go glúin. Ní chabhróidh lárionad i lár BÁC leis an nasc san i ndáiríre, fiú do dhaoine a bhfuil ag tógaint leanaí le Gaeilge sa chathair.

    Dá mbeadh láthair tógála acu áit éigint fén dtuath, taobh amuigh de chathair móra an Bhéarla, ansan b’fhéidir go mbeidís in ann tionscnamh cinniúnach a thosnú (ag teacht le moltaí an sochtheangolaí Ursula Ní Shionnain ó thaobh lonnaíochtaí Gaeilge nua a chruthú).

    B’fhéidir nach bhfuil sé mar phríomh-sprioc ag CnaG pobal Gaeilge inbhuanaithe a chruthú is a chothú?