Céard déarfá le Gaillimh 2020 agus cé a íocfaidh an píobaire?

Tá an Chomhairle Contae geall le bheith bánaithe, a chruthúnas sin an 40% de laghdú ar dheontais phobail a fógraíodh ag an gcruinniú céanna ag ar pléadh Gaillimh 2020

Céard déarfá le Gaillimh 2020 agus cé a íocfaidh an píobaire?

An chathair nó an contae? Cé a bheidh ag íoc an phíobaire agus cé dó a mbeidh an píobaire ag casadh ceoil? Sin brí cuid de na ceisteanna a cuireadh i seomra cruinnithe Chomhairle Chontae na Gaillimhe le tamall maith, ach a mbíodh plé dá dhéanamh ar Chathair Chultúrtha na hEorpa, Gaillimh 2020. Ar leis an gcathair nó leis an gcontae an ócáid mhór idirnáisiúnta seo a bhfuil Cathair Chultúrtha na hEorpa luaite léi?

Is fada dearcadh ann – ní hamháin i gConamara ach in áiteacha ar an Eachréidh freisin – go bhfuil ceannas ag an gcathair ar cheantair tuaithe an chontae, ach tá sé thar am éirí as an dearcadh sin, a dúirt an Comhairleoir Joe Byrne as Cinn Mhara ag cruinniú na seachtaine seo caite de Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Baineann Gaillimh 2020 leis an gcontae uilig, a dúirt an Comhairleoir Byrne. Bítear, a dúirt sé, ag coinneáil súil ar na buntáistí móra atá ag baint leis an aitheantas seo seachas an chathair agus an contae a bheith i gcoimhlint faoin scéal. Ní raibh cathair ná contae i gceist nuair a bhí iománaithe na Gaillimhe ar Pháirc an Chrócaigh ar an gcéad Domhnach de mhí Mheán Fómhair seo caite, a dúirt Joe Byrne. “Gaillimh a bhí i gceist againn uilig,” ar sé.

Ach cár fhága tú costas Bhliain Chultúrtha na hEorpa agus cé a íocfadh an píobaire?

Cosnóidh reáchtáil Gaillimh 2020 €45.7 milliún. Rinne an Comhairleoir James Charity áireamh ar an airgead – agus ar an mbearna atá fós sa gciste. Tá €15 milliún de dheontas faighte ón Státchiste agus €4 milliún tugtha ag an húdaráis áitiúla sa gcontae – €2 milliún ón gcathair agus €2 milliún ón gComhairle Contae. Tá bearna thimpeall €25 milliún le líonadh, a dúirt an Comhairleoir Charity agus chuir sé an cheist: “An mbeifear ag súil le tuilleadh uainne, i gComhairle Chontae na Gaillimhe?”. Ceist chasta í seo. 

Tá an Chomhairle Contae geall le bheith bánaithe, a chruthúnas sin an 40% de laghdú ar dheontais phobail na Comhairle a fógraíodh ag an gcruinniú céanna.

Mhínigh Hannah Kiely, Príomhfheidhmeannach Bhliain Chultúrtha na hEorpa 2020, nach mbeadh aon airgead dá chaitheamh ag an eagraíocht le cois a bhfuil acu faoi láthair. Labhair sí faoi chúnamh a thagann ón Eoraip agus tuilleadh urraíochta mar fhoinsí breise airgid. Ag cur leis na freagraí seo, dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Chontae na Gaillimhe, Caoimhín Ó Ceallaigh, go mbeadh ceisteanna ar bith faoi chúrsaí airgid na hócáide móire dá láimhsiú amach anseo. “€2 milliún atá geallta againn faoi láthair, agus má tá tuilleadh le cur leis sin ’siad na Comhairleoirí Contae anseo a dhéanfaidh an socrú sin,” a dúirt an Príomhfheidhmeannach.

Ach cén lorg a fhágfaidh Gaillimh 2020 agus cé a bheidh ann le tús agus deireadh na bliana a sheoladh agus a cheiliúradh sa deireadh thiar? Labhair an Comhairleoir Michael Fahey as Ard Raithin – an Comhairleoir is faide a bhfuil blianta caite aige ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe – faoin ábhar sin. “Bhí dhá ócáid a tharraing sluaite thar cuimse go Gaillimh le mo chuimhne, agus sin é cuairt an Uachtaráin John F. Kennedy ar an 29 Meitheamh, 1963 agus cuairt an Phápa Eoin Pól ar an 29 Meán Fómhair, 1979,” dúirt an Comhairleoir Fahey.

Dúirt sé go mbeifí ag súil le ollsluaite i nGaillimh arís in 2020 agus mhol sé go mbeadh beirt mar aíonna speisialta. “Ba cheart go mbeadh Máire Geoghegan-Quinn ar dhuine acu, iar-aire dlí agus cirt agus iarchoimisinéir Eorpach agus duine cumasach,” arsa an Comhairleoir Ó Fahey. Ansin, chaith sé súil chun cinn agus i bhfad ó bhaile: “Molaim go bhféachfaí leis an bhFeisire Comhdhála as Meiriceá, Joseph Kennedy a thabhairt ann”, a deir Michael Fahey. 

“Chuile sheans go bhféadfadh sé a bheith ina iarrthóir ag an bPáirtí Daonlathach i dtoghchán na hUachtaránachta sna Stáit Aontaithe an chéad uair eile agus ba thráthúil go mbeadh sé i nGaillimh áit ar cuireadh an oiread sin fáilte roimh a uncail, an tUachtarán John F. Kennedy i 1963”.

Pé ar bith scéal é faoin réamhaisnéis faoi pholaitíocht Mheiriceá, bhí an Comhairleoir Seán Ó Tuairisg ag coinneáil súil ar an saol atá níos gaire do bhaile. 

“Táthar ag rá go dtiocfaidh dhá mhilliún duine”, a deir an Tuairisgeach, “ach ceist agam: cá mbeidh siad ag cur fúthu? Ar ndóigh, nach bhfuil iarrachtaí le hóstán a thógáil i gConamara dá stopadh?”.

Fág freagra ar 'Céard déarfá le Gaillimh 2020 agus cé a íocfaidh an píobaire?'