Céard atá i ndán do na hÉireannaigh, cé a thiocfaidh slán i gcath na bhfathach agus ceisteanna eile faoin séasúr nua i Sasana

Agus tús curtha le Príomhroinn Shasana aréir caitheann Tuairisc súil ar chuid de na scéalta is mó roimh an séasúr nua

Céard atá i ndán do na hÉireannaigh, cé a thiocfaidh slán i gcath na bhfathach agus ceisteanna eile faoin séasúr nua i Sasana

Séamus Coleman, Nathan Collins agus Gavin Bazunu. Pic: INPHO

Cé a bhuafaidh cath na bhfathach? 

Tá airgead mór caite an samhradh seo ag Manchester City agus Liverpool ar thosaithe móra, téagartha agus súil ag an dá fhoireann is fearr sa tsraith go ndéanfaidh na fir nua seo a ndóthain chun an dream eile a shárú. 

Thart ar €60m a chaith City ar Erling Haaland, duine de na tosaithe óga is clúití ar domhan. Tá gaiscí scórála déanta ag an Ioruach le RB Salzburg, le Borussia Dortmund agus leis an bhfoireann idirnáisiúnta le blianta beaga anuas agus súil ag Pep Guardiola go gcoinneoidh sé air ar an gcaoi chéanna anois i Sasana. Tá ceist ann faoi conas mar a shocróidh Haaland isteach i bhfoireann Guardiola, áfach.  

Is minic do City imirt gan tosach traidisiúnta. Rinne siad go maith gan fear mór láidir a dhíríonn go hiomlán ar chúil a scóráil, ach sin iad go díreach na buanna atá ag Haaland. Tá cosúlachtaí idir Haaland agus Zlatan Ibrahimović, fear ar theip air dul i gcion ar Guardiola nuair a bhí sé le Barcelona, agus beidh sé suimiúil a fheiceáil an réiteoidh Haaland agus an Spáinneach níos fearr lena chéile. 

Thart ar €80m atá caite ag Liverpool le Benfica chun an tUraguach Darwin Núñez a thabhairt go dtí Anfield. Tá bearna le líonadh ar fhoireann Jurgen Klopp tar éis do Sadio Mané imeacht go Bayern Munich agus meastar go bhfuil Núñez sách maith chun teacht i gcomharbacht air. Tá ag éirí go maith cheana féin ag Diogo Jota ar fhoireann Liverpool ach beidh brú níos mó ar Núñez toisc an t-airgead mór a caitheadh air. 

Scóráil Núñez agus ghnóthaigh sé cic éirice i mbua Liverpool ar City an deireadh seachtaine seo caite, cluiche inar theip ar Haaland dul i bhfeidhm ar an imirt. Beidh tamall fada ann sula mbeifear in ann a rá ar fiú na milliúin a caitheadh ar an mbeirt. Mar sin féin, tá an bhearna idir na foirne chomh beag sin dá gclisfeadh ar dhuine den bheirt acu, bheadh sé cinniúnach ó thaobh na sraithe de. 

Shane Duffy. Pic: INPHO/Ryan Byrne

Céard atá i ndán do na hÉireannaigh? 

Nuair a imríodh an chéad séasúr den Phríomhroinn 30 bliain ó shin, d’imir 32 imreoir ón tír seo sa chomórtas, dóthain chun beagnach trí fhoireann a chur le chéile. Tá an scéal athraithe go mór ó shin i leith, áfach, go háirithe le deich mbliana anuas. Gach seans gur níos lú ná deichniúr Éireannach a rachaidh chun páirce i bpríomhshraith Shasana i mbliana. 

Diabhal mórán de na hÉireannaigh atá le cumainn Phríomhroinne atá cinnte d’áit ar an bhfoireann faoi láthair. Tá sláimín airgid caite ag Wolves ar Nathan Collins agus is cinnte go bhfuil an cosantóir óg sách maith chun áit a bhaint amach ar an bhfoireann ach imreoirí maithe iad Conor Coady, Willy Boly agus Max Kilman freisin agus an chuma ar an scéal nach mbeidh ach áit do bheirt acu ar an bhfoireann gach seachtain agus a gcóras imeartha athraithe ag Wolves. 

Bheadh súil againn anseo in Éirinn gurb é Gavin Bazunu a bheidh idir na postaí ag Southampton as seo amach agus é ceannaithe acu ó Manchester City. Seans, áfach, gurb é Mark Travers, cúl báire eile, an t-aon duine a bheidh cinnte dá áit an deireadh seachtaine seo. Bhí an-séasúr ag Travers le Bournemouth anuraidh. 

Bhí ag éirí thar barr le Matt Doherty le Tottenham Hotspur anuraidh sular gortaíodh é i dtreo dheireadh an tséasúir agus beidh sé ag iarraidh áit a bhaint amach arís ar fhoireann Antonio Conte nuair a fhillfidh sé. 

Deimhníodh inné go bhfuil Shane Duffy imithe go Fulham don séasúr agus é ag iarraidh níos mó cluichí a imirt. Tá Éireannach eile fós le Brighton, áfach agus an-mheas ar Evan Ferguson. Níl an tosach ach 17 bliain d’aois ach meastar go dtabharfaidh Graham Potter roinnt seansanna dó a chumas a léiriú i mbliana. 

An bhfaighidh na foirne eile ag barr an tábla luach a gcuid airgid? 

Ní hiad City agus Liverpool amháin a bhfuil na milliúin caite acu an samhradh seo. Tá breis is €100m caite ag Arsenal, Chelsea agus Tottenham Hotspur agus iad uile ag iarraidh an bhearna idir iad agus an dá fhoireann ar bharr an tábla a laghdú. 

Is ag Arsenal atá an tsuim is mó caite go dtí seo agus Mikel Arteta ag iarraidh an fhoireann, ar chlis go hiomlán orthu ag deireadh na bliana seo caite, a láidriú. Tá breis is €90m tugtha ag Arsenal do City chun Gabriel Jesus agus Oleksandr Zinchenko a thabhairt isteach agus thart ar €40m eile caite ar an imreoir lár páirce Fábio Vieira. 

Tá slán fágtha ag Roman Abramovich le Chelsea ach níl aon ghearradh siar á dhéanamh i Stamford Bridge, fiú agus os cionn €4bn caite ag an ngrúpa atá faoi stiúir Todd Boehly ar cheannach an chlub. Tá Chelsea féin imithe i muinín duine d’iarimreoirí City agus Raheem Sterling ceannaithe acu, chomh maith leis an gcosantóir Kalidou Koulibaly. Níl deireadh le caiteachas Chelsea go fóill, áfach, agus iad luaite le scata imreoirí eile. 

Is iad Spurs a bhain buntáiste as cliseadh Arsenal anuraidh agus áit i Sraith na gCuradh bainte amach acu don séasúr seo. Mura mbeadh sin déanta acu, is beag seans go mbeadh Antonio Conte fós ina bhainisteoir agus drochsheans freisin go mbeadh siad ag caitheamh airgid mhóir an samhradh seo gan leithéidí Harry Kane a bheith díolta acu. Tá Richarlison tugtha isteach ag Spurs ar €70m agus thart ar €40 eile caite ar Yves Bissouma agus iad ag súil a n-áit i Sraith na gCuradh a choinneáil. 

Déarfá go mbeadh breis is €100m caite ag Manchester United faoi dheireadh na míosa seo freisin – beagnach €80m atá caite acu faoi láthair – agus iad ag iarraidh coinneáil le City agus Liverpool. Ba cheart go mbeadh Chelsea cinnte d’áit i measc na gceithre fhoireann is fearr, rud a fhágann go bhfuil Arsenal, Spurs agus United i mbaol cailliúint amach arís, in ainneoin na céadta milliúin a bheith caite. 

Cristiano Ronaldo. Pic: INPHO/Ryan Byrne

Cé chomh fada is a thógfaidh sé Manchester United a chur ina cheart? 

Scéal fadálach a bhí i gceapachán Erik ten Hag mar bhainisteoir ar Manchester United ach tá iarbhainisteoir Ajax faighte acu agus dóchas ann go mbeidh sé in ann United a chur ar an mbóthar ceart arís théis na mblianta a bheith caite acu ag meath. 

Tá Eric ten Hag cúpla mí sa phost anois ach ní bheidh léargas againn ar an dul chun cinn atá déanta aige go dtí go dtosóidh na cluichí amárach in aghaidh Brighton. 

Tá an samhradh caite ag United sa tóir ar Frenkie de Jong, imreoir a raibh ten Hag mar bhainisteoir aige le Ajax, ach is cosúil nach bhfuil an tÍsiltíreach ag iarraidh Barcelona a fhágáil. Dá bhfágfadh tá caint ann fiú go rachadh sé go Chelsea. 

Is léir ó na himreoirí atá luaite le United go bhfuil ten Hag ag iarraidh imreoirí a thabhairt isteach a bhfuil taithí aige a bheith ag obair leo agus thuigfeá sin, go háirithe agus é ag iarraidh córas imeartha nua a chur i bhfeidhm. Níl sé chomh héasca sin a dhéanamh, áfach, agus seans go bhfuil tréimhsí crua i ndán do United sula gcasfaidh siad an cúinne. Nuair a ceapadh Jurgen Klopp mar bhainisteoir ar Liverpool, chríochnaigh siad san ochtú háit ina chéad séasúr (i mí Dheireadh Fómhair a ceapadh an Gearmánach seachas roimh thús an tséasúir sin). 

An cheist is mó atá ann faoi United faoi láthair ná an mbeidh Cristiano Ronaldo fós leo faoi cheann míosa. Duine de laochra an chumainn é an Portaingéalach ach tuairiscítear go bhfuil sé ag iarraidh imeacht. Ní fios an mbeidh sé fós ag United ag deireadh na míosa agus ní chun leasa an chlub an éiginnteacht sin go léir. 

É taobh le cúpla bliain eile ag an leibhéal is airde, tá Ronaldo ag iarraidh imirt i Sraith na gCuradh agus, cé go bhfuil sé ráite ag ten Hag go bhfuil sé ag iarraidh go bhfanfadh an tosach, bheadh sé níos éasca ar an mbainisteoir a chóras imeartha nua a chur i bhfeidhm gan an Portaingéalach. D’fheilfeadh an scaradh an dá dhream ach club eile a fháil a d’íocfadh tuarastal ollmhór Ronaldo agus tosaí eile a fháil a líonfadh an bhearna i scuad United. 

Fág freagra ar 'Céard atá i ndán do na hÉireannaigh, cé a thiocfaidh slán i gcath na bhfathach agus ceisteanna eile faoin séasúr nua i Sasana'