Céard a bhí le foghlaim ó chluichí na hÉireann inné?

Chaill an dá fhoireann imreoirí tábhachtacha, rud a dhéanfaidh na chéad chluichí eile atá acu i bhfad níos deacra. Cath ceart eile a bheidh i gcluiche na hAirgintíne agus fadhb ag Martin O’Neill i lár na páirce

Paul O'Connell gortaithe i gcoinne na Fraince. INPHO/Billy Stickland
Paul O’Connell gortaithe i gcoinne na Fraince. INPHO/Billy Stickland

An bua ag buachaillí Joe Schmidt ach…

Ba é bua na hÉireann i gCardiff inné ceann de na taispeántais is misniúla agus is spreagúla atá tugtha uathu ag an bhfoireann le fada an lá. Cé go raibh siad chun cinn ag leath ama, 9-6, thuigfeá dóibh é dá mbeidis in ísle brí.

Bhí Johnny Sexton agus Paul O’Connell, ceannairí na foirne, imithe den pháirc de dheasca gortuithe, agus ba léir gur bhain droch-ghortú de O’Connell go háirithe. Chomh maith leis sin, rinne Keith Earls praiseach de sheans ar úd sa chéád leath céanna.

Níor lig siad na fadhbanna móra sin cur as dóibh, áfach, agus bhí ceannas iomlán acu ar an imirt sa dara leath. Ba iad Ian Madigan agus Iain Henderson a tháinig isteach in áit Sexton agus O’Connell agus bhí siad beirt chomh maith sin gur ar éigean a bhraith an fhoireann na laochra sin uathu.

Faraor, beidh orthu déanamh d’uireasa cuid de na laochra arís agus iad ag tabhairt aghaidh ar an gcuid is deacra de Chorn an Domhain gan fáil acu ar Peter O’Mahony, an fear a shábháil muid i gcoinne na hIodáile. Gach seans nach mbeidh Paul O’Connell, ár gcaptaen inspioráideach, ar fáil ach oiread agus tá amhras ann chomh maith faoi aclaíocht Johnny Sexton, an leathchúlaí is fearrsa leathsféar thuaidh. Bhain muid súp as an toradh inné, mar is ceart, ach is anois a thosaíonn an obair is crua ar fad agus tá Éire faoi míbhuntáiste cheana féin.

Imreoirí na hÉireann i gcoinne na hAirgintíne i 1999. INPHO/Patrick Bolger
Imreoirí na hÉireann i gcoinne na hAirgintíne i 1999. INPHO/Patrick Bolger

An taobh is éasca den tarraingt faighte againn ach ar éigean

Fiú mura mbeadh na gortuithe sin ag cur as dúinn, ní cóir taispeántais na hAirgintíne go dtí seo i gCorn an Domhain a mheas faoina luach. D’fhág an bua 64-19 a bhí acu i gcoinne na Namaibe ag an deireadh seachtaine, gurb iad an Airgintín príomhscórálaithe an chomórtais go n-uige seo agus iad ag fáil faoi réir chun Éire a imirt sa chluiche ceathrú ceannais.

go mbeadh súil agat go mbuafadh na ‘Pumas’ ar an tSeoirsia, an Namaib agus Tonga, rinne siad scrios orthu uile. Ní hamháin sin ach forlámhas acu ar an Nua-Shéalainn ar feadh 60 nóiméad nuair a chas na foirne ar a chéile sa chéad chluiche den ghrúpa agus cé gur chlis orthu sa 20 nóiméad deireanach, is cinnte gur thaispeántas a thug na hÉireannaigh suntas dó.

Chomh maith leis sin, trí huaire atá an Airgintín imeartha againn ag Corn an Domhain agus is leosan atá an svae ó thaobh na gcluichí sin, 2-1. I 1999, thug muid aghaidh orthu sa chluiche cáilithe don bhabhta ceathrú ceannais agus tháinig siad aniar aduaidh orainn, 28-24, chun muid a dhíbirt as an gcomórtas sin. Fuair muid an ceann is fearr orthu le pointe, 16-15, i 2003 ach nuair a chas muid ar a chéile ceithre bliana ina dhiaidh sin, ba iad na Airgintínigh arís a thug an lá leo. Níor éirigh linn cluiche leathcheannais a shroicheadh fós agus ní haon dóithín é chluiche an Domhnaigh seo chugainn agus ní go bog a bhuafar ar na Pumas.

Glen Whelan agus James McCarthy i mbun traenála. INPHO/James Crombie
Glen Whelan agus James McCarthy i mbun traenála. INPHO/James Crombie

McCarthy agus Whelan ag teacht salach ar a chéile

aon dabht ach gur eisceacht amach is amach a bhí sa bhua i gcoinne na Gearmáine an tseachtain seo caite ach ní shin le rá nach féidir tada a fhoghlaim uaidh. Agus an méid sin inár n-aigne againn, is údar díomá é go ndealraíonn sé gur chaith Martin O’Neill go leor de na nithe dearfacha a bhain leis an mbua sin i dtraipisí.

Agus fáil arís ar Glenn Whelan, chuir O’Neill díreach ar ais ar an bhfoireann é, cé gur imir James McCarthy a chluiche is fearr d’Éirinn san ionad sin i gcoinne na Gearmáine. Ní haon comhtharlú é nach raibh fear Everton leath chomh feiceálach aréir – an té atá ag iarraidh an leas is fearr a bhaint as McCarthy, fágfaidh sé mar an t-imreoir is faide siar i lár na páirce é.

Dealraíonn sé go bhfuil an fhadhb chéanna againne le McCarthy agus Whelan is a bhí ag Sasana le Steven Gerrard agus Frank Lampard ar feadh na mbliana. Níl beirt na hÉireann chomh maith le Gerrard agus Lampard ná baol air, ach dála beirt Shasana oireann an bheirt Éireannach don ionad céanna ar an bpáirc. Agus, ach an oiread le Gerrard agus Lampard, is cosúil nach bhfuil an bainisteoir sásta ceachtar acu a fhágáil ar lár.

John O'Shea ag fágáil na páirce i gcoinne na Polainne. INPHO/Donall Farmer
John O’Shea ag fágáil na páirce i gcoinne na Polainne. INPHO/Donall Farmer

Cailliúintí na foirne sacair chomh tubaisteach céanna le cinn na foirne rugbaí

Is mó aird a bhí ar an triúr a chaill foireann rugbaí na hÉireann inné i gCardiff – Johnny Sexton, Paul O’Connell agus Peter O’Mahony – ach chaill foireann Martin O’Neill triúr imreoirí sa Pholainn.

D’fhág Shane Long an imirt ar shínteán agus cé nach fios go fóill cé chomh dona is a bhí a ghortú, beidh daoine ag súil go mbeidh sé ar ais do na chéad chluichí eile an mhí seo chugainn, go háirithe tar éis do Robbie Keane chomh neamhéifeachtach is a bhí nuair a tháinig sé isteach in áit an Tiobradaigh.

Chomh maith leis sin, cuireadh John O’Shea den pháirc in am gortaithe agus taispeánadh cárta buí do Jon Walters, rud a chinntigh go mbeidh siad beirt ar fionraí don chéad chluiche de na babhtaí cáilithe. Is buille an-mhór é sin nuair nach bhfuil fáil an oiread sin d’ionadaithe ar ardchaighdeán ar féidir leo teacht isteach in áit O’Shea.

bhféadfaí Aiden McGeady a thabhairt isteach in áit Walters, tá cúil thábhachtacha faighte ag fear Stoke d’Éirinn agus is cailliúint mhór eile é, go háirithe nuair nach bhfuil McGeady ag imirt an oiread sin faoi láthair do Everton.

Fág freagra ar 'Céard a bhí le foghlaim ó chluichí na hÉireann inné?'