Ceannfort Chonamara le bheith lonnaithe i mBéal Átha na Sluaighe feasta

Ní bheidh aon duine ar stádas Ceannfoirt sa Gharda Síochána taobh thiar den Choirib feasta

Ceannfort Chonamara le bheith lonnaithe i mBéal Átha na Sluaighe feasta

Chuile sheans gur i mBéal Átha na Sluaighe a lonnófar an Ceannfort a bheas i gceannas ar sheirbhísí agus ar obair an Gharda Síochána i gConamara as seo amach.

De réir eolais atá faighte ag Tuairisc.ie ó fhoinsí sna Gardaí is dóigh ná a mhalairt gur i bhfad soir in oirthear na Gaillimhe a bheidh bean/fear ceannais Chonamara ar an nGarda Síochána ag feidhmiú ó lá go lá.

D’fhágfadh na socruithe nua seo, atá le cur i bhfeidhm ón 1ú Aibreán, go mbeadh an Ceannfort lonnaithe beagnach 160 ciliméadar – tuairim is 100 míle – ón bpobal in iarthar Chonamara. Beidh beirt chigirí lonnaithe i gConamara, duine acu sa gClochán agus duine eile ar an gCeathrú Rua.

Is é tús agus deireadh an scéil nach mbeidh aon duine ar stádas Ceannfoirt taobh thiar den Choirib.

Tá stádas Ceannfoirt caillte ag stáisiún agus ceantar Gardaí an Chlocháin le bliain. Socraíodh san am sin go mbeadh Ceannfort amháin ag obair idir Stáisiún Bhóthar na Trá – a bhfuil an chuid ó dheas de Chonamara faoina chúram – agus Stáisiún an Chlocháin. Ach tá deireadh á chur leis an socrú sin anois freisin agus caillfidh Bóthar na Trá stádas Ceannfoirt chomh maith.

Beidh córas nua Gardaí chontae na Gaillimhe roinnte ina dhá chuid – cathair na Gaillimhe agus contae na Gaillimhe agus beidh Ceannfort i gceannas ar chaon rannóg acu sin. Beidh an Ceannfort a bheidh freagrach as an gcathair lonnaithe i Stáisiún Shráid an Mhuilinn i lár na cathrach agus is cosúil go mbeidh an Ceannfort a bheidh ag riaradh seirbhisí an chontae – thoir agus thiar – lonnaithe i mBéal Átha na Sluaighe. Tiocfaidh Conamara agus Árainn faoi réimse an Cheannfoirt a bheidh i mBéal Átha na Sluaighe.

Faoin gcóras nua seo, caillfidh stáisiúin Bhóthar na Trá agus Bhaile Locha Riach stádas Ceannfoirt. Tá sin tarlaithe cheana féin sa gClochán i gConamara agus i dTuaim, ceantair ina mbíodh Ceannfort lonnaithe in imeacht na mblianta.

D’eascair na hathruithe seo as tuarascáil a tháinig ó Chomisiún a rinne staidéar ar sheirbhísí na nGardaí. Roghnaíodh contae na Gaillimhe mar cheann de chúig réigiún Gardaí ar fud na tíre ina mbainfí triail as an gcóras nua a mhol an Coimisiún.

Sa gClochán a bhí an Ceannfort is deireanaí a bhí i gConamara lonnaithe. Bhíodh Ceannfort in Uachtar Ard scaitheamh maith blianta ó shin.

Tharraing an cinneadh nach mbeadh Ceannfort sa gClochán cuid mhaith conspóide i gConamara agus socraíodh go dtabharfaí an stádas sin ar ais. Bhí Dónal Ó Cualáin ina Choimisinéir Gníomhach ar na Gardaí nuair a lonnaíodh Ceannfort sa gClochán in athuair. Tar éis don Chualánach imeacht as an bpost sin, rinneadh athrú eile ar chúrsaí agus socraíodh nach mbeadh Ceannfort lonnaithe sa gClochán feasta.

Fágann an múnla nua póilíneachta sa gcontae go bhfuil an líon Ceannfort a bhíodh i gcontae na Gaillimhe go traidisiúnta laghdaithe ó chúigear go beirt. Ní hé amháin go bhfuil an líon Ceannfoirt laghdaithe ach tá athrú suntasach freisin ar a gcuid dualgas.

Ceannfort Pobail nó ‘Community Engagement Superintendent’ an téarmaíocht atá luaite leis na Ceannfoirt a bheidh ag breathnú amach feasta don chathair agus don chontae.

Mar shampla amháin de na hathruithe, ba é an Ceannfort áitiúil a bhíodh i gceannas ar fhiosrúcháin thromchúiseacha amhail dúnmharú nó dúnorgain. Sa gcás agus go dtarlódh a leithéid de choir feasta, is Ceannfort as ceanncheathrú réigiúnach na nGardaí sa Rinn Mhóir i gcathair na Gaillimhe a bheidh i gceannas ar an bhfioscrúchán.

Bhíothas ag obair ar feadh tamaill ar an gcóras nua póilineaachta i gcontae na Gaillimhe agus triaileadh cúpla múnla sular thángthas ar an gceann is déanaí seo.

Is é an chéad lá d’Aibreán atá tugtha síos mar dháta leis an gcóras nua a chur i bhfeidhm.

Fág freagra ar 'Ceannfort Chonamara le bheith lonnaithe i mBéal Átha na Sluaighe feasta'