Cead pleanála faighte ag Conradh na Gaeilge do lárionad Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus €455,000 tugtha dóibh do thograí éagsúla

Agus é ar cuairt ar cheannáras Chonradh na Gaeilge i mBaile Átha Cliath tráthnóna rinne Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers dhá fhógra mór

Cead pleanála faighte ag Conradh na Gaeilge do lárionad Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus €455,000 tugtha dóibh do thograí éagsúla

Tá €455,000 ceadaithe do Chonradh na Gaeilge ag Roinn na Gaeltachta.

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers chomh maith tráthnóna go bhfuil cead pleanála faighte ag an eagraíocht chun a gceannáras ag 6 Sráid Fhearchair a fhorbairt mar lárionad Gaeilge do chathair Bhaile Átha Cliath.

Airgead breise ar an maoiniú a fhaigheann Conradh na Gaeilge ó Fhoras na Gaeilge – €832,000 sa bhliain –  é an maoiniú a fhaigheann siad ó Roinn na Gaeltachta do thograí éagsúla.

Caithfear €280,000 den mhaoiniú a fógraíodh tráthnóna ar Gluaiseacht 2021-2022, macasamhail an fheachtais Seó Bóthair a bhíodh ag an eagraíocht teanga roimhe seo.

Faoi Gluaiseacht 2020-2021, beidh foireann Chonradh na Gaeilge ag taisteal na tíre ag cur ceardlanna ar fáil “a mheallfaidh, a spreagfaidh agus a chuirfidh ar chumas daoine óga cinntí coinsiasacha a dhéanamh chun an Ghaeilge a úsáid níos minice”.

Beidh béim freisin sna ceardlanna ar na deiseanna fostaíochta atá ar fáil do dhaoine óga a bhfuil Gaeilge acu.

Táthar ag súil os cionn 200 ceardlann a eagrú do bhreis is 10,000 dalta dara leibhéal.

Tá €130,000 á chur ar fáil don Chonradh chun Cartlann Athbheochan na Gaeilge a fhorbairt sa tréimhse 2021 – 2022.

Cuirfidh an Roinn €47,772 ar fáil don eagraíocht chun stiúideo a thógáil do Raidió Rí-Rá i nGaillimh agus forbairt a dhéanamh ar a stiúideo i mBaile Átha Cliath.

Dúirt an tAire Stáit Jack Chambers gur dea-scéal a bhí ann go raibh cead pleanála faighte do Lárionad Gaeilge ar Shráid Fhearchair.

“Beidh an lárionad seo mar áit lárnach d’fhoghlaimeoirí Gaeilge agus Gaeilgeoirí Bhaile Átha Cliath. Cuirfidh sé go mór le feiceálacht na teanga agus stádas na Gaeilge sa chathair.”

Mhol an tAire an “obair fhíorthábhachtach” atá ar bun ag Conradh na Gaeilge agus mhaígh sé go gcuirfeadh an €455,000“ar chumas Chonradh na Gaeilge na tograí seo a fhorbairt agus leanacht leis an obair atá ar siúl acu chun dearcthaí dearfacha i dtreo na Gaeilge” a chothú i measc an phobail.

“Tá obair dhúshlánach ag baint leis na tograí seo agus tá sé fíorthábhachtach go dtabharfaí tacaíocht do na tionscnaimh seo,” arsa Chambers.

Dúirt an Dr. Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, go rabhthas “an-bhuíoch” den Aire Stáit agus de Roinn na Gaeltachta.

“Leis an maoiniú seo beimid in ann stair luachmhar na heagraíochta agus na hathbheochana a chur ar fáil don phobal mar chartlann bheo a bheidh so-aimsithe ag an bpobal.

“Dar ndóigh, ceann de na ceachtanna is tábhachtaí atá le foghlaim ón stair sin ná an tábhacht a bhaineann leis an gcéad ghlúin eile a spreagadh leis an teanga a úsáid agus cabhróidh an maoiniú don tionscadal Gluaiseacht daoine óga a mhealladh le cinneadh a dhéanamh an Ghaeilge a úsáid ina saol,” arsa Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Niall Comer.

Dúirt sé go mbeadh Conradh na Gaeilge “ag obair go dlúth” leis an Roinn sna blianta beaga atá romhainn ar cheannáras an Chonartha a fhorbairt mar lárionad Gaeilge.

Dúirt Niamh Ní Chróinín, Bainisteoir Raidió Rí-Rá, go gcabhródh an maoiniú leo a stiúideonna a fhorbairt agus breis láithreoirí óga a mhealladh.

Fág freagra ar 'Cead pleanála faighte ag Conradh na Gaeilge do lárionad Gaeilge i mBaile Átha Cliath agus €455,000 tugtha dóibh do thograí éagsúla'