Tá cead pleanála tugtha ag an gCoimisiún Pleanála chun Cuarbhóthar Chathair na Gaillimhe a thógáil.
Tá an fógra a tháinig ar maidin ar an gcasadh is déanaí i scéal a théann siar breis is 20 bliain.
Rachaidh an bóthar nua 18km ó mhótarbhealach an M6 taobh thoir de chathair na Gaillimhe ó thuaidh den chathair agus críochnóidh sé taobh thiar de Bhearna ar an R336. Tógfar droichead nua thar an gCoirib mar chuid den chuarbhóthar.
Chuir Comhairle Chontae na Gaillimhe agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe fáilte roimh an scéal ar maidin agus dúirt go mbeidh an bóthar nua mar chuid thábhachtach den réiteach ar na fadhbanna tráchta atá sa gcathair.
Chuir polaiteoirí áitiúla fáilte roimh fhógra an Choimisiúin chomh maith.
Dúirt an Teachta Dála John Connolly ó Fhianna Fáil gur lá mór a bhí ann do mhuintir na Gaillimhe agus go mbeadh an cuarbhóthar chun leasa mhuintir Chonamara chomh maith.
Dúirt an Seanadóir Seán Kyne ó Fhine Gael gur “lá stairiúil” a bhí ann agus go mbeadh tionchar ag an scéal ar chúrsaí fostaíochta, sláinte agus oideachais do phobail Chois Fharraige agus Chonamara.
Tá €1 billiún geallta ag an rialtas don togra faoin bPlean Forbartha Náisiúnta.
Faoi na pleananna atá beartaithe don bhóthar, leagfar 44 teach ar an mbealach, thart ar dheich gcinn acusan i nGaeltacht Chonamara.
Bhí an-chuid conspóide agus deacrachtaí ag baint le forbairt an chuarbhóthair ó moladh an plean ar dtús roimh chasadh an chéid. Tá gníomhaithe aeráide ina measc siúd atá i gcoinne na forbartha agus moill mhór curtha ar chúrsaí ag dúshláin dlí.
Is i 1999 a ceapadh comhairleoirí ar dtús chun tabhairt faoi staidéar féidearthachta maidir leis an mbóthar. Bronnadh cead pleanála in 2008 chun an cuarbhóthar a thógáil ach cuireadh an cinneadh sin ar neamhní in 2013 nuair a rialaigh an Chúirt Bhreithiúnais Eorpach gur tháinig na pleananna salach ar threoir ón Aontas Eorpach maidir le gnáthóga.
Bronnadh cead pleanála arís in 2021 ach cuireadh sin ar ceal san Ard-Chúirt nuair a cinneadh nár chloígh an t-iarratas le plean gníomhaithe an rialtais ar son na haeráide.
Fág freagra ar 'Cead faighte chun Cuarbhóthar Chathair na Gaillimhe a thógáil'