Cead faighte ag Údarás na Gaeltachta tabhairt faoin gcéad chéim eile d’athfhorbairt Choláiste Íosagáin

Tá foirgneamh na seanscoile aitheanta á fhorbairt ag Údarás na Gaeltachta mar ionad forbartha gnó, fiontraíochta agus teicneolaíochta

Cead faighte ag Údarás na Gaeltachta tabhairt faoin gcéad chéim eile d’athfhorbairt Choláiste Íosagáin

Tá cead pleanála faighte ag Údarás na Gaeltachta chun dul ar aghaidh leis an bhforbairt atá beartaithe ar shuíomh Choláiste Íosagáin i mBaile Bhuirne.

Bhí cead á lorg ag an Údarás leasú a dhéanamh ar iarratas a bhí ceadaithe cheana féin chun foirgneamh na seanscoile a fhorbairt mar ionad forbartha gnó, fiontraíochta agus teicneolaíochta.

Tá cead tugtha anois ag Comhairle Contae Chorcaí don iarratas is déanaí. Thug an Chomhairle le fios go bhfuil 25 coinníoll ag dul leis an gceadúnas, ach níl cinneadh iomlán na comhairle foilsithe go fóill.

Is in 2020 a fuair an tÚdarás cead pleanála ar dtús chun Coláiste Íosagáin a athfhorbairt ach cuireadh moill leis an obair thógála nuair a aimsíodh fadhbanna le cuid de dhíon agus de struchtúr an fhoirgnimh.

Bhain an t-iarratas is déanaí a rinne Údarás na Gaeltachta le cuid den fhoirgneamh, an chuid aon stóir a bhí ar chúl an fhoirgnimh, a leagan agus síneadh nua trí stór a thógáil ina áit mar a mbeidh an forsheomra iontrála.

Agus tuilleadh eolais á lorg ag Comhairle Contae Chorcaí mí Feabhra maidir leis an iarratas leasaithe, cuireadh in iúl go raibh an ceadúnas a bhí faighte ag an Údarás chun dul i ngleic le sciatháin leathair ar an suíomh imithe in éag agus léiríodh imní nach bhféadfaí ceadúnas nua a fháil in am.

Dúirt urlabhraí ón Údarás ag an am go rabhthas sásta go bhféadfaí an scéal a shoiléiriú agus is léir anois gur thángthas ar réiteach.

Dúradh go bhfuil sé i gceist tús a chur leis an obair thógála ar shuíomh Choláiste Íosagáin “chomh luath is atá an cead pleanála faighte” agus maoiniú don obair sin ar fáil cheana féin don Údarás.

Tá sé i gceist go mbeadh ionad gteic agus oifigí eile á dtógáil sa chéad chuid den togra. Beidh 75 spás oibre san ionad gteic, a bheidh ar an dara hurlár den phríomhfhoirgneamh, nuair a thógfar é. Beidh oifig réigiúnach Údarás na Gaeltachta agus spás oifige eile ar an chéad urlár.

Meastar go dtógfaidh sé thart ar 12 mí an chéad chéim den fhorbairt a chur i gcrích ón uair a dtosófar ar an obair.

€2.7 milliún a cheadaigh Fiontraíocht Éireann in 2019 d’athfhorbairt Choláiste Íosagáin. Tá €850,00 curtha ar fáil don fhorbairt ag Údarás na Gaeltachta. Fuarthas €50,000 ó Chomhairle Contae Chorcaí agus €190,000 tríd an gCiste Forbartha Eacnamaíochta Réigiúnach chun máistirphlean a chur le chéile don fhorbairt iomlán, plean a bhfuil bailchríoch á cur air agus atá beagnach críochnaithe.

Fuair Údarás na Gaeltachta beagnach €980,000 ó Chiste Spreagtha an Rialtais chun obair a dhéanamh ar shuíomh an choláiste, obair atá curtha i gcrích.

Fág freagra ar 'Cead faighte ag Údarás na Gaeltachta tabhairt faoin gcéad chéim eile d’athfhorbairt Choláiste Íosagáin'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Baint ag Fiontraíocht Éireann leis – eagraíocht Béarla. An bhfuil Údarás na Gaeltachta ag plé i mBéarla le Fiontraíocht Éireann?? Cén fáth??
    Oifig réigiúnach an Údaráis ar an chéad urlár – chomh maith le ‘spás oifige eile’ – do Bhéarlóirí?
    Ionad Gteic le 75 spás oibre, chomh maith le ‘oifigí eile’ ar an dara hurlár. An mbeidh staidéar tionchar teanga leis an ‘fhorbairt’ seo?
    An bhfuil dualgas ar lucht Gteic Gaeilge bheith acu?
    An mbeidh an Ghaeilg mar theanga oibre anois i mbaol in oifigí an Údaráis de thairbhe an oiread sin Béarlóirí san fhoirgneamh céanna leo?? Is cosúil gur cuma cé acu an bhfuil bua na Gaeilge agat nó nach bhfuil, níl de dhiobháil ar Údarás na Gaeltachta ach airgead agus is cuma fan Ghaeilg.