Ceachtanna le foghlaim go fóill ó bhrachán fola Vítneam

Léiríonn leabhar mór Max Hastings scéal Vítneam mar a bhí agus ba mhíthrócaireach an scéal é

Ceachtanna le foghlaim go fóill ó bhrachán fola Vítneam

Vietnam: an epic tragedy 1945-1975

Le Max Hastings

William Collins Books

Luaigh an focal ‘Vítneam’ le daoine agus smaoineoidh mórán acu láithreach ar an chogadh fhada sa tír sin. Cogadh ‘Meiriceánach’ an tuairim a bheidh ag cuid mhór acu den choimhlint sin. Ní hiontas ar bith é sin. Is fada greim docht daingean ag lucht Hollywood ar ‘stair’ na coimhlinte agus is ar cháil an chogaidh sin a bhunaigh neart aisteoirí comhaimseartha aicsin de chuid Tinsel Town a slí bheatha – smaoinigh ar Mel Gibson sna scannáin Lethal Weapon nó an duine is cáiliúla den iomlán, b’fhéidir, Sylvester Stallone mar Rambo.

Pictiúr aontaobhach easnamhach aineolach a thugann na scannáin Hollywood sin ar an chogadh sin, ar ndóigh. Léiríonn leabhar mór Max Hastings – 650 leathanach – an scéal mar a bhí agus ba mhíthrócaireach an scéal é. Tá seantaithí ag Hastings ar leabhair den tsórt seo a scríobh. Tá blianta fada caite aige mar iriseoir agus scríbhneoir agus éiríonn leis scéal daonna agus scéal stairiúil na tragóide a nascadh le chéile gan stró.

Murab ionann agus leagan Hollywood an scéil, tosaíonn Hastings leis na Francaigh agus na hiarrachtaí mímhacánta easonóracha a rinne siad féin le greim a choinneáil ar an Ind-Sín. Tugann Hastings léargas ar an hauteur a bhain leis na Francaigh agus iad ag iarraidh seilbh a choinneáil ar thír nár leo agus ar phobal a bhí, diaidh ar ndiaidh, ag teacht ar thuigse dóibh féin mar phobal neamhspleách.

Níor thuig na Francaigh nach raibh toil an phobail leo, nach raibh meas ag an phobal dhúchasach ar chumhacht an Iarthair i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, gur thuig daoine áitiúla an réigiúin nár ghá dóibh géilleadh don choilíneacht ní ba mhó.

Is fíor gur chaill impireacht na Seapáine an cogadh domhanda agus is fíor gur chaith siad go holc le pobail eile san Áise – Sínigh agus pobal na Cóiré go háirithe. Mar sin féin, scrios feachtais mhíleata na Seapáine cumhacht pholaitiúil agus mhíleata an Iarthair san Áise. Is ar éigean go dtiocfadh le cumhachtaí an Iarthair trúpaí dúchasacha a úsáid le riail na Seapáine a shéanadh agus ansin iarraidh ar na trúpaí céanna le riail Londan nó Pháras a chur i bhfeidhm.

Léiríonn Hastings gur theip ar na Francaigh an méid sin féin a thuigbheáil. Léiríonn sé mar a charn fórsaí éagsúla polaitiúla agus míleata na Fraince le chéile le stobhach lofa pleananna a chur le chéile; an tseanaicme impiriúil Fhrancach in iomaíocht le ceannairí míleata a bhí ag iarraidh éagumas an airm sa chogadh dhomhanda a chúiteamh.

B’fhuilteach an cúiteamh é. Maraíodh beagnach 100,000 saighdiúir de chuid na Fraince idir 1945 agus 1954. Ina dhiaidh sin, d’imigh an Fhrainc agus rinneadh críochdheighilt ar Vítneam. Níor bhronn an chríochdheighilt síocháin ar an tír. Ní raibh ann ach eadarlúid go dtí gur thosaigh an cogadh as an úr arís sna 1960í luatha. Ba iad na Meiriceánaigh a chuir cogadh ar fhórsaí cumannacha an Tuaiscirt an iarraidh seo ach rinne siad na botúin chéanna agus a rinne na Francaigh. Ba mheasa an t-ár a rinneadh ar a gcuid saighdiúirí agus ar phobal bocht – i ngach aon chiall den fhocal – Vítneam.

Léiríonn Hastings mar a chruinnigh fórsaí cumannacha an Tuaiscirt agus fórsaí pro-Mheiriceánacha an Deiscirt a neart. Chleacht na cumannaigh foréigean dochreidte ar dhaoine a mheas siad bheith mídhílis. Chuir siad daoine ina mbeo; bhain an cloigeann díobh le machete nó ghearr na putóga astu go poiblí le go dtuigfeadh pobal na tuaithe cé a bhí i gceannas. Mharaigh fórsaí an Deiscirt a sciar féin de dhaoine fosta – agus ó tharla go raibh saoirse preasa sa Deisceart ní b’fhearr ná sa Tuaisceart, chonaic an saol mór a gcuid peacaí.

Scríobhann Hastings ar cheannairí polaitiúla agus míleata an dá Vítneam. Ba mhó an cumas a bhí i gceannairí an Tuaiscirt, Ho Chi Minh agus an Ginearál Giap sa Tuaisceart, mar shampla, ná duine ar bith sa Deisceart: ‘Ho Chi Minh had secured mastery of the North after an ordeal by fire.’

Ach bhainfeadh cur síos Hastings ar cheannaire mór polaitíochta an Deiscirt, Ngo Dinh Diem, gáire dóite as Éireannach ar bith. Scríobhann Hastings faoi Diem: ‘Unfortunately, he was a Catholic religious zealot; blindly devoted to a greedy and unscrupulous family; imbued with messianic faith in his own rightness; nostalgic for a non-existent past; insensitive to the needs and aspirations of his people.’

(Ní bheadh rath ar a leithéid sin de pholaiteoir in Éirinn gan amhras agus cuimhnigh fosta gur spreag an cogadh dán clúiteach Chaitlín Maude, ‘Amhrán Grá Vietnam’: ‘Dúirt siad go raibh muid gan náir/ag ceiliúir ár ngrá/agus an scrios seo inár dtimpeall.’)

Tháinig críoch le ré Diem nuair a mheas ceannairí Mheiriceá go raibh a rás rite. Feallmharaíodh é féin agus a dheartháir – brúid eile. Mac sin de chuid na hÉireann, JFK, a thug nod marfach don eolach go bhféadfaí iad a mharú. Tamall gairid ina dhiaidh sin a maraíodh Kennedy féin i nDallas. Ina dhiaidh sin a tháinig Lyndon Johnson, Nixon, ceannairí cruálacha eile i Vítneam, thuaidh agus theas, chun cinn agus níorbh fhada go raibh an tír ar fad ina brachán fola.

Cuireann Hastings síos ar na polaiteoirí, saighdiúirí agus ar na daoine ar fad a bhí ar snámh san fhuil le linn na mblianta sin; ar na cathanna móra agus beaga a chuir cor i gcinniúint an duine aonair agus an réigiúin. Níor chóir dearmad a dhéanamh ar an doirteadh fola a rinneadh ann go deo.

Seanscéal, an ea, scéal a tháinig chun críche sa bhliain 1975? Ní hea. Tá ceachtanna le foghlaim agus á bhfoghlaim faoi chogadh Vítneam go fóill – agus iad á gcur i gcrích san Afraic, sa Mheán-Oirthear agus in Afganastáin go fóill.

Fág freagra ar 'Ceachtanna le foghlaim go fóill ó bhrachán fola Vítneam'