An té nach dtuigeann go bhfuil cogadh na n-aicmí ar bun in Éirinn, is mór an díth céille atá air

Cé a chuirfeas smacht ar na dochtúirí comhairleacha? Is cinnte nach ndéanfaidh Fine Gael é, a deir ár gcolúnaí

An té nach dtuigeann go bhfuil cogadh na n-aicmí ar bun in Éirinn, is mór an díth céille atá air

Pictiúr: Leon Farrell/RollingNews.ie

Dhá ráiteas a rinne beirt iriseoirí san Irish Independent le gairid  a ghoin m’aire faoin ngéarchéim leighis atá sa tír seo faoi láthair agus le fada. Tabharfaidh mé a gcuid focal i mBéarla ar fhaitíos go gcuirfinn as a riocht iad ar bhealach ar bith.

Kevin Doyle i dtosach.  Seo mar a dúirt sé: ‘The public has long factored in the idea that our health system doesn’t work. Thankfully that doesn’t affect the majority of people day to day.’

D’fhéadfadh sé gurb éard a bhí i gceist aige nach mbíonn daoine tinn chuile lá ach tharlódh sé freisin go raibh sé ag tagairt don chuid sin den phobal  a bhfuil árachas sláinte acu agus nach bhfuil locht ar bith ag a bhformhór ar dhá chóras sláinte a bheith sa tír – príobháideach agus poiblí.

Tá an t-árachas seo ag 46% den phobal anois.

Ach an oiread le gnéithe eile den saol tá aicmeachas i gceist freisin. Is minic gurb é an t-aicmeachas céanna máthair an ghoir sa ngalar atá ar chóras na tíre ar fad.

An té nach dtuigeann go bhfuil cogadh na n-aicmí ar bun ó lá go lá is mór an díth céille atá ar an duine sin.

Bhí seanfhocail sa nGaeilge i gcónaí chun é sin chur in iúl: ‘Ní airíonn subhach sách bolg folamh.’ ‘An té atá thuas óltar deoch air.’ ‘An té atá thíos buailtear cos air.’

Ba mhaith a chuir Máirtín Ó Cadhain é. ‘Bhí an smaoineamh seo téaltaithe i m’intinn sular fhág mé an Ghaeltacht ná ar chuala mé caint ar Mharx ná ar an gConaolach ariamh … Bhí an fuath aicmeach seo gríosta ionam i bhfad sular léigh mé an chéad fhocal den Chonaolach ná de Das Kapital. Agus nuair a léigh thuig mé ar an bpointe céard é.’

Is maith a thuigeann John Downing as an Irish Independent an toradh atá ar an gcóras príobháideach/poiblí leighis atá againn. Seo é an t-iriseoir a bhíonn le cloisteáil go minic ar Adhmhaidin ar Raidió na Gaeltachta.

Mar seo a chuir seisean é: ‘We also have the shameful reality of so many of us –including this writer—buying health insurance to jump treatment queues in an unreliable health system.’

Caitear níos mó airgid ar shláinte in aghaidh an duine i bPoblacht na hÉireann ná a chaitear sa mBreatain. Ní ceist airgid ar fad é.

Tá scéilín le n-inseacht agam féin faoin dris chosáin a chuireann dochtúirí comhairleacha santacha, mar shampla, sa gcóras ar fad.

Seanfhear aitheantais a leagadh oíche agus é ag teacht abhaile ón teach tábhairne. Ghortaigh sé a rosta.

Thug mise chuig an ospidéal é luath go leor maidin lá arna mhárach. Tugadh go dtí seomra an x-ghathaithe é agus rinneadh x-ghathú ar a rosta.

Níor thóg sé i bhfad ar bith é sin a dhéanamh. Ach ansin fágadh inár suí sinn san aonad timpistí agus éigeandála an chuid is mó den lá.

Bean shuáilceach a bhí i gceannas ann. Rinne mé chuile iarracht a chur ina luí uirthi go raibh deifir orm. Ní raibh aon mhaith dom ann. Ba é an freagra céanna a bhí aici i gcónaí: go gcaithfeadh muid fanacht lenár seal.

Bhí mise ar an dara tréimhse ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe ag an am agus ar mo thríú tréimhse ar Údarás na Gaeltachta. Bhí cleachtadh maith agam ar a bheith ag déanamh idirghabhála le lucht maorlathais. Ach ní raibh mé in ann cor ná car a bhaint as an mbean seo.

Sa deireadh chuimhnigh mé ar sheift. Suas liom chuici uair amháin eile. ‘An seanfhear seo atá in éineacht liom,’ arsa mise ‘níl mórán cleachtaidh aige a bheith i measc an phobail.’ (Bhí leath a shaoil caite i Sasana aige). 

‘Níl aon airgead ar iompar aige,’ a dúirt mé. (Bhíodh rolla nótaí i bpóca a thóna i gcónaí).

‘Caithfidh mise imeacht anois,’ a dúirt mé, ‘agus beidh sé fágtha anseo leis féin. Má ligtear abhaile é ní bheidh aon bhealach taistil aige.’

Dá mbeadh a fhios ag mo chara go ndearna mé an chaint seo, ní labhródh sé aríst go deo liom. Ach d’oibrigh an cleas.

‘Fan ort nóiméad,’ a dúirt an bhean shuáilceach.

Go ríghairid ina dhiaidh sin ghlaoigh sí suas air. Bhí an t-x-gha scrúdaithe, cuireadh cóir bheag leighis air agus tugadh cead bóthair dó.

As sin go ceann seachtaine d’inis mé an scéal do dhochtúir teaghlaigh atá ar m’eolas.

‘Bean éifeachtach a bhí inti,’ arsa mise agus ‘b’fhacthas dom nach raibh aon easpa foirne timpeall uirthi.’

‘B’fhéidir nach raibh,’ a dúirt sé, ‘ach bhí duine amháin ag coinneáil moille ar a cuid oibre, an dochtúir comhairleach. Chaithfeadh seisean a thuairim a thabhairt faoin x-gha.’

‘Agus cá raibh seisean?’ arsa mise.

‘Ina oifig agus obair phríobháideach ar bun aige, seans,’ a dúirt an dochtúir. ‘Cúrsaí árachais, b’fhéidir. Sin obair a íocann go maith.’

Déantar neart cainte i  gcónaí faoin gcaoi ar cuireadh an scéim máthar agus linbh a bhí ag an Dr. Nollaig De Brún de dhroim seoil. Cuirtear milleán mór ar an Eaglais Chaitliceach agus go háirithe ar an Easpag John Charles McQuaid.

Obair Dé a bhí ar bun aigesean, a déarfadh  an tEaspag. Ach bhí páirt mhór ag na dochtúirí sa bhfeachtas freisin. Ná déanadh muid dearmad gur mac dochtúra ba ea John Charles McQuaid.

Cé a chuirfeas  smacht ar na dochtúirí comhairleacha?

Is cinnte nach ndéanfaidh Fine Gael é. Chuirfeadh sé múisiam rómhór ar an gcuid sin dá lucht tacaíochta atá gustalach agus a bhfuil an fuath aicmeach gríosta go smior iontu.

Fág freagra ar 'An té nach dtuigeann go bhfuil cogadh na n-aicmí ar bun in Éirinn, is mór an díth céille atá air'

  • Learraí

    Tá an córas sláinte poiblí fabhtach bearnach lochtach d’aon turas chun go ngabhfadh daoine chuig na dochtúirí comhairleacha sin .i. an earnáil phríomháideach agus íoc go daor astu. Ní bheadh aon chall le córas príobháideach dá mbeadh an córas poiblí ag feidhmiú mar ba cheart. Ní mise a dúirt é sin ach Brendan Howlin sa leabhar aige. Agus ba cheart a fhios a bheith aige sin..iar-aire sláinte etc. ‘Ní ceist airgid é’ agus
    IS ceist airgid é. Éirigh as an bhfuath aicmeach sin. Formad ag dream amháin leis an dream eile is ea é sin. Ná bhí ‘rolla nótaí’ i bpóca a thóna ag do chara ach ní raibh seisean ná tusa sásta íoc as tada! ‘Rolla nótaí’ níos toirtiúla a bhí i bpóca an dochtúra, sin uile a raibh de dhifríocht idir an bheirt acu. ‘An té atá thíos buailtear cois air’, sea, ach dá mbeadh an té atá thíos thuas cé air a leagfadh sé a chois meas tú? Ní dubh is bán atá an saol a Mharxaigh.

  • Seosamh Ó Cuaig

    Cé a dúirt leat, a Learraí, nach raibh mise ná mo chara sásta tada a íoc. Tá mé ag íoc ar feadh mo shaoil.

  • Luke Callinan

    Ní chaithfeadh tú bheith i do Mharcsach le go dtuigfeá gur ceist “dubh agus bán” í an tsláinte a Learraí. Más duine thú a chreideann gur ceart bunúsach é teacht bheith ag duine ar chúram sláinte – pé ar bith cén airgead atá acu – is seirbhís phoiblí sláinte ar ard-chaighdeán a bheadh uait. Má tá tú den bharúil gur tábhachtaí fós ceart na gcomhlachtaí árachais agus dochtúirí comhairleacha brabach a dhéanamh – nach tú bheadh sásta ligint don chóras sláinte poiblí dhul i ndonacht sa gcaoi go mbrúifeadh daoine i dtreo an chórais phríobháidigh? Is ceist aicmeach í. Is féidir leat neamhaird a dhéanamh air sin. Ach ní dhéanfaidh sé neamhaird ort.