Cé a bhuaigh ‘Smugairle Róin’ i mbliana? Gradaim Chumarsáide Ar Son na Cúise fógartha

Ná bac na ‘daoine áille’ a bheidh ag déanamh comhghairdeachais lena chéile ag Gradaim an Oireachtais; seo chugaibh na gradaim is luachmhaire amuigh - ‘Na Smugairlí Róin’!

Red Carpet Mock up

Gradam Saoil 

Ray Darcy – as a chumas Gaeilgeoirí uile na tíre a aontú ar bhealach a chuir éad ar Juliain de Portaingéil.

jellyfish-311097_1280Gradam Iontais na Bliana

Féasóg Iriail Uí Cheallaigh. Is beag féasóg eile ar domhan a bhfuil a chuntas Twitter féin aige

Gradam Bleachtaireachta na Bliana

Maitiú Ó Coimín ó Toorisky.ie a d’aimsigh trí thimpiste (trí thimpiste? – Eag) ‘porn’ as Gaeilge ar YouTube agus é i mbun taighde eile ar fad faoi logainmneacha Átha Cliath.

jellyfish-311097_1280Gradam Athmhuintearais 

Craobh RnaG den NUJ. Léirigh an diúltú do chraoltóirí nuachta Raidió na Life go bhfuil caighdeán nua eile bainte amach ag an meitheal bheag seo i gCasla agus gur dóigh go dtig leo dul níos faide fós ach an seans a fháil.

Léiritheoir Raidió na Bliana

Fachtna Ó Drisceoil: As an smacht seasta solúbtha a léiríonn sé ar Cormac (ag a cúig)

Clár Teilifíse na Blianajellyfish-311097_1280

The Angelus (RTÉ1): Ardchaighdeán laethúil, seasmhacht sa sceideal agus gan botún amháin Gaeilge ann.

Cainéal Teilifíse na Bliana

UTV Ireland: An cainéal nua náisiúnta is fearr a thosaigh le bliain.

jellyfish-311097_1280Cainéal Spóirt na Bliana

Sky Sports: An chéad chainéal teilifíse riamh ar lú a lucht féachana teilifíse do bheochraoladh cluiche iomána ná an líon daoine a bhí i láthair ann.

Craoltóir Spóirt na Bliana

SBB. Murach go bhfuil beirt acu ann, ba dhoiligh a chreidiúint go bhféadfadh duine amháin oiread sin a dhéanamh. An Gradam Neamhchlaontachta aige arís i mbliana freisin.

Craoltóir na Blianajellyfish-311097_1280

Páidí Ó Lionáird. Murach go bhfuil seachtar acu ann, ba dhoiligh a chreidiúint go bhféadfadh duine amháin oiread sin a dhéanamh.

Gradam Uí Dhuinnín (cothú suime i bhfoclóireacht)

Alan Titley

jellyfish-311097_1280Stáisiún leath-Ghaeilge na bliana

TG4

Stáisiún leath-Bhéarla na bliana

TG4

Seanfhear na Bliana (faoi 40)jellyfish-311097_1280

Donncha Mac Con Iomaire

Seanbhean na Bliana

Níor bronnadh aon ghradam. Níor shroich éinne an caighdeán.

jellyfish-311097_1280Clár Leabhar na Bliana (Raidió agus Teilifís)

Cuireadh an Gradam seo ar athló ceal suime agus ceal iarratais.

Suíomh Gréasáin na Bliana

www.Cuardaighmostraiteis.cam

jellyfish-311097_1280Fear Rua na Bliana

Comhghradaim – Ronnie Ridge, Paddy Leonard, Tommy Connolly agus Polo Murray Mint.

Bean Rua na Bliana

Bláthnaid: Buanghradam Saoil

jellyfish-311097_1280Gradam na ‘Pearóide Tinne’

Lucht anailíse spóirt TG4 as an nGaeilge a thabhairt as a ‘limistéar compoird’ agus ‘creidmheas ceart’ a thabhairt do thionchar an Bhéarla uirthi.

Gradam na Pornagrafaíochta Neamhchúisí

An iris Nós as a seiftiúla is a bhíonn siad ag aimsiú leithscéalta chun pictiúirí ‘brocacha’ a chrochadh ar líne.

Fág freagra ar 'Cé a bhuaigh ‘Smugairle Róin’ i mbliana? Gradaim Chumarsáide Ar Son na Cúise fógartha'